Abair i gcogar é, ach tá feidhm leis an nuapholaitíocht…

A dhaoine uaisle, molaimis an nuapholaitíocht a d’oibrigh chun leas na tíre an tseachtain seo…

Abair i gcogar é, ach tá feidhm leis an nuapholaitíocht…

Nuair a thagraítear sa cholún seo don ‘nua-pholaitíocht’ bíonn beag is fiú á dhéanamh di de ghnáth.

Ní raibh aon dul as ag na Teachtaí Dála a toghadh in 2016 ach nósanna oibre agus cleachtais Theach Laighean a chur in oiriúint do bhunú rialtais in éagmais móraimh. Ní athrú meoin mar sin ach riachtanas ba chúis le cuid mhór den leasú a rinneadh ar an gcleachtas parlaiminte a bhí i réim roimhe sin. 

Léirigh agóid leadránach muintir Healy-Rae agus a gcomrádaithe in aghaidh an bhille tráchta le gairid nach feabhas ar na sean-nósanna ach seans breise chun síorlabhairt gan chúis a cheadaigh an córas nua.

Sin ráite, thug cinneadh a rinne cruinniú coiste Dála Déardaoin léargas suimiúil ar athrú fiúntach nach gcuirfí i gcrích murach an ‘nua-pholaitíocht’. Is dea-eiseamláir freisin ar tharla don tréimhse atá romhainn go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an ré nua-pholaitiúil.

Mhol an Coinbhinsiún ar an mBunreacht don rialtas cúig bliana ó shin go leasófaí airteagal 41.2 den Bhunreacht. Gealltar san airteagal ‘go bhféachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgas sa teaghlach’.

Tá an t-idirdhealú gnéasaíoch atá follasach san airteagal cáinte go minic, agus ní raibh iontas ar mhórán nuair a mhol an Coinbhinsiún in 2013 go leasófaí é.

Ní aisghairm iomlán a mhol comhaltaí an Choinbhinsiúin (a raibh idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí ina measc) ach leasú a chuirfeadh deireadh leis an idirdhealú idir fir agus mná. Mhol siad freisin go mbeadh admháil sa leasú a chuirfí faoi bhráid an phobail ar thábhacht an tsaothair a dhéanann mná agus fir sa bhaile. 

Mhol coiste inmheánach sa Roinn Dlí agus Cirt a bhreithnigh moladh an Choinbhinsiúin ina dhiaidh sin leasú den sórt céanna.

Thug an Rialtas an chluas bhodhar don tuairimíocht seo go léir. Fógraíodh coicís ó shin, gur aisghairm ghlan, gan aon fhoclaíocht nua, a mholfaí i reifreann a reáchtálfaí i mí Dheireadh Fómhair. 

Tuigtear gur imní go mb’fhéidir go gcuirfeadh leasú mar a mhol an Coinbhinsiún costas ar an stát a thug ar an Rialtas aisghairm ghlan (nó

simpliciter mar a thugann lucht dlí air) a mholadh. 

Dá mbeadh clár oibre na Dála á riaradh mar bhí sé le breis agus 90 bliain, bheadh na socruithe á ndéanamh cheana féin chun reifreann mar a d’fhógair an Rialtas a reáchtáil. Taobh istigh de sheachtain, áfach, b’éigean cinneadh an Rialtais a chur i leataobh. Nó ba chirte a rá b’fhéidir gurbh éigean é a chur siar ar feadh sé mhí, ar a laghad.

Shocraigh coiste gnó na Dála Déardaoin gur chóir an bille ina moltar aisghairim Airteagal 41.2 a chur faoi bhráid an choiste dlí agus cirt. Ach ní bheidh cruinniú ag an gcoiste sin go Meán Fómhair. 

B’ionann an socrú a rinne an coiste mar sin agus cinneadh

(a) go gcuirfí an reifreann ar athlá, nó 

(b) go n-athrófaí an fhoclaíocht a chuirfear os comhair an phobail.

Is dea-scéala é seo ar chúiseanna éagsúla. I dtosach báire toisc go mbíonn contúirt ag baint i gcónaí le reachtaíocht a ritear faoi dheifir. 

Dheimhnigh cinneadh an choiste go mbeidh neart ama ag an Dáil chun ábhar an reifrinn atá beartaithe a chíoradh go tomhaiste. Féadfar na fáthanna gur shocraigh an rialtas gur aisghairm a mholfaí, seachas leasú ina mbeadh admháil ar an tábhacht a bhaineann le saothar tí, a phlé freisin. 

Ní féidir a bheith cinnte ar ndóigh go n-aontóidh móramh leis an aisghairm atá molta. B’fhéidir go bhfillfear feasta ar leasú seachas aisghairm. Cá bhfios?

Idir an dá linn, thaispeáin an coiste gnó do chách nach ag an Rialtas ach ag Teachtaí Dála atá an svae sa 32ú Dáil nuair a bhíonn roghanna móra le déanamh. 

Ní foláir don Rialtas géilleadh don nua-pholaitíocht. Sa chás seo, tá go maith.

Fág freagra ar 'Abair i gcogar é, ach tá feidhm leis an nuapholaitíocht…'