Caithfidh sé gur ag brionglóidí a bhí mé an mhaidin úd. Earrach 1973 a bhí ann agus bhí Thomas Kilroy, an drámadóir, i mbun léachta faoi W. B. Yeats agus lucht a chomhaimsire i Léachtlann M i mBloc na nEalaíon sa gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
Nuair a thosaigh sé ag léamh as dán le Yeats, chuir mé cluas orm féin. Ábhar ardmheasúil as an dara véarsa deiridh de ‘The Municipal Gallery Revisited’ a bhí ann, dán deireanach le Yeats a thosaíonn leis an líne ‘John Synge, mise agus Augusta Gregory’ agus ina bhfuil líne eile a thosaíonn le ‘An triúr againn inár n-aonar sa saol nua-aoiseach’.
Ba bheag nach raibh díomá orm nuair a lean Yeats ar aghaidh ag rá go mb’éigean do gach rud a rinne siad ‘eascairt ó theagmháil leis an talamh’, agus nuair a tharraing sé anuas ‘an t-uasal is fear na déirce’. Mar sin féin, thaitin an bealach láidir dionghbháilte ar chuir sé é féin agus a chairde i gcroí an dáin liom.
Déanann an dán cur síos ar Yeats agus é amach sna blianta agus ag breathnú ar phortráidí sa ghailearaí dá chairde ionúine atá imithe ar shlí na fírinne. Sa dán seo agus sa dán ‘In Memory of Major Robert Gregory’ – an péire scríofa i véarsaí ocht líne agus an chuma orthu gur cumadh d’ócáid mhórchúiseach iad – is aisteach é an méid mothúchán lom a bhrúchtann aníos astu, amhail is dá mbraithfeadh an guth íogair, ard gur gá dó maolú agus an dán ag teacht chun críche.
Tusa a thabharfadh breithiúnas orm, ná tabhair breithiúnas i d’aonar
Ar an leabhar seo nó an leabhar siúd, tar chuig an áit bheannaithe seo
Mar a bhfuil portráidí mo chairde ar crochadh, agus féach orthu;
Rianaigh stair na hÉireann ina dtréithe;
Smaoinigh ar cá dtosaíonn glóir an duine agus cá gcríochnaíonn
Agus abair gur agamsa a bhí an ghlóir, is a leithéid sin de chairde agam.
Nuair a léigh mé an dán sin den chéad uair, faoi stiúir Thomas Kilroy, bhraith mé chomh haduain is a bhí an saol ann ó mo shaol féin – mo shaol mar a bhí agus mar a bheadh. Ní raibh aon chall do Yeats beag is fiú a dhéanamh dá cháil ná dá thábhacht féin. Ba den uasaicme a bhród, caithréim an ghaiscígh agus é ina sheanaois. In aon turas a bhí a chuid taithí, shílfeá, cuairt ar ghailearaí na searmanas.
Bhí sé an-éagsúil leis an ngnáthshaol, ach mar sin féin is féidir lena leithéid de splanc aitheantais tarlú do dhuine ar bith a bhreathnaíonn ar shean-ghrianghrafanna nó, ar ndóigh, ar shaothair péintéirí atá básaithe le blianta beaga anuas.
Chaithfeadh sé go bhfuil sé trí bliana anois – tomhaistear gach achar anois i dtéarmaí ré na paindéime! – sna laethanta folmha sin idir dhá Nollaig nuair seo isteach liom sa Ghailearaí Náisúnta gan fáth gan údar. Saothair le péintéirí an 20ú haois a bhí sa gcéad seomra a ndeachaigh mé isteach ann. Bhí ciall go mbeadh leithéidí Louis le Brocquy, Patrick Collins, Patrick Scott agus Tony O’Malley san áireamh sa dream sin.
Tar éis dom staidéar a dhéanamh ar na pictiúir féin, sheas mé siar agus rinne mé mo mhachnamh ar an seomra. Ní mba chairde liomsa iad an ceathrar péintéirí sin ach bhí aithne agam orthu. Nó b’fhéidir gur chirte dom a rá go dtugainn suntas dóibh gach seans a fuair mé agus is cuimhin liom gach aon uair ar casadh orm iad.
San am leamh úd ina leanadh daoine a chéile mar a bheadh caoirigh, ba mhó cáil a bhí ar phéintéirí na hÉireann ná na scríbhneoirí, na hippies, ná réalta an rac-cheoil. Mhair an ceathrar a luaigh mé, agus daoine eile mar Anne Yeats agus Camille Souter, i ré agus i saol ina raibh tionchar agus neamhspleáchas fós ag baint leis an bpéintéireacht agus déanamh priontaí, am ina raibh meas orthu i dtír bheag agus i gcathair bheag.
Sheachain an chuid is mó de na péintéirí sin Londain agus Nua-Eabhrac. Mhair a lán díobh ar ghailearaithe Bhaile Átha Cliath agus bhí siad ag brath ar bhailitheoirí dílse as Éirinn chun snáth a choinneáil faoin bhfiacail. Chaithidís tréimhsí, áfach, ar mhór-roinn na hEorpa nó, i gcás O’Malley, i gCorn na Breataine agus ar na hOileáin Chanáracha.
De ghnáth, freisin, bhí na péintéirí ina gcónaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Dá mbeadh taispeántais dá gcuid á seoladh, d’fhaightí iad i mbeáranna agus i mbialanna agus i ngailearaithe Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse thréanghairid, ach ansin d’imídís as amharc.
Léitheoirí craosacha ba ea formhór na n-ealaíontóirí seo agus b’fhearr leo labhairt faoin bhfilíocht agus faoi úrscéalta ná faoina saothar ealaíne féin. Dream iad a bhíodh ag imeacht le haer an tsaoil agus a mbíodh saol casta acu. Scoth na gcainteoirí nach gcuirfeadh fiacail ann, iad tráthúil, barrúil.
Bhí Louis le Brocquy faoi dhraíocht ag castacht an tsaoil mar a chonaic sé os a chomhair amach é. Ní mé arbh é a chéad uair i héileacaptar é nuair a thug sé cuairt ar Inis Mhic Aoibhleáin, an t-oileán Blascaodach a mba le Charlie Haughey é. Nuair a d’fhág sé an t-oileán, d’inis sé dom go raibh Haughey ar cóimhéid leis-sean, agus ansin nuair a d’éirigh an héileacaptar, thosaigh Haughey ag laghdú is ag laghdú go dtí nach raibh ann ach spoitín beag. Chuir an péintéir an-suim sa chlaochlú sin. Labhair sé faoi go cúramach cruinn amhail is dá mba rud é a chaithfeadh sé a chur san áireamh a thuilleadh amach anseo.
Is cuimhneach liom Patrick Scott i gceann de phubanna Chúil Darach a dtéadh ealaíontóirí as Eanach Mhic Dheirg ann go minic tar éis an dinnéir sna 1980idí. D’fhéachadh Scott timpeall air amhail duine a bhí ag baint sásaimh as an saol. Bhínn ag breathnú air agus é ag scrúdú chuile dhuine a thiocfadh i láthair, á sú isteach amhail is dá mba ag mothú féasta físiúil eile a seoladh chuige a bhíodh sé, rud a chuireadh ríméad air. D’inis sé dom gur cheannaigh sé ticéad eitleáin a thabharfadh timpeall an domhain é agus shamhlaigh mé an sásamh a bhainfeadh sé as sin, sásamh a scag sé go haireach agus go stuama, críochnúil sna pictiúir agus sna priontaí a rinne sé.
Bhí am ann inar shíl mé go raibh a shaothar siúd rócháiréiseach, róghar don dearadh, ach nílim den tuairim sin níos mó. Tá glaineacht agus mar a bheadh mothúcháin faoi smacht ina chuid íomháineachais, sna dathanna, sna toin sin, ar thit mé i ngrá leo.
Nuair a bhuail mé le Tony O’Malley den chéad uair, d’inis sé scéal iontach dom. Bhí sé ag obair mar chléireach bainc in Inis Córthaidh sna 1950idí, agus é ina chónaí i Hayes’s ar Shráid na Cúirte. Blianta fada ina dhiaidh sin, i gCorn na Breataine, nuair a bhí sé féin agus a bhean ag cur liosta dá shaothar i dtoll a chéile, thug siad faoi deara go raibh cuid mhaith ar iarraidh, go háirithe líníochtaí agus gouaches a rinneadh sna 1950idí.
Sna 1980idí, nuair a bhí taispeántas taistil aige, tháinig sé ar ais ar cuairt ar Inis Córthaidh, agus casadh iníon mhuintir an tí air ina mbíodh sé ar lóistín. Dúirt sí leis agus í ag labhairt ar nós cuma liom beagnach: ‘Dála an scéil, tá an cás a d’fhág tú i do dhiaidh fós ar an áiléar.’ Bhí sé lán leis an saothar a cheap sé a bhí caillte aige. Bhí go leor líníochtaí agus gouaches d’áiteanna ann thart timpeall ar Inis Córthaidh, Cnoc Fhiodh na gCaor ina measc.
Bhíodh Patrick Collins – fiú agus é ag siúl sráideanna Bhaile Átha Cliath – ag smaoineamh is ag brionglóidí faoin solas guagach, athraitheach sin os cionn Shligigh. Pearsa pioctha péacach a bhí ann. Cosúil leis na péintéirí eile a luaigh mé, bhí súil ghrinn aige amhail is nár tharla tada i ngan fhios dó. Ina úrscéal Balcony of Europe, bhain Aidan Higgins úsáid as tréithe de chuid Collins i gcruthú a phríomhcharachtair, thug chun na Spáinne é agus thug taithí fhicseanúil go leor dó.
Nuair a bhuail mise le Collins den chéad uair, bhí sé díreach tar éis cóip de The Newton Letter le John Banville a cheannach i siopa leabhar Fred Hanna. Ba é an cruth neamhghnách a bhí ar an leabhar a mhúscail a chuid spéise ann. Ach níos deireanaí agus an leabhar léite aige, bhí sé faoi dhraíocht ag an scríbhneoireacht féin agus b’in uile ar theastaigh uaidh a bheith ag caint faoi.
Agus é ag baint úsáid as dath gorm agus liath a leath sé go tanaí, chruthaíodh Collins fráma taobh istigh de fhráma dá chuid pictiúr. Bhí an fuinneamh ar fad sa mbrí shaibhir fholaithe fhíneálta. Tá a chuid pictiúr ar nós rud eicínt a thagann chun cinn as an gcuimhne, nó as tírdhreach atá á nochtadh féin go mall sa solas a thagann i ndiaidh brádán maidine, nóiméad ina bhfuil an chuma ar an aimsir go bhfuil sí ag seasamh amach, ag glioscarnach beagnach. Tá na pictiúir ag spallaíocht leis an tarchéimnitheacht agus le románsachas neamhnáireach, ach tá ealaín na scuaibe iontu go cruinn, ag cruthú íomhánna dochta daingne, dlúth beagnach, amhail is dá mba chineál cartagrafaí é Collins.
Ar nós na bpéintéirí eile, ní labhraíodh Collins faoina shaothar mura gcaithfeadh sé é. Choinníodh sé fearann a chuid samhlaíochta faoi ghlas. Bhí a chuid íocónagrafaíochta príobháideach agus éiginnte. Cá bhfios an mbeidh an mhistéir agus an uigeacht shaibhir chéanna sa chéad phictiúr eile uaidh agus a bhí sa cheann deiridh? Cén chaoi a seachnaítear an baol go ndéanfar, dá bhuíochas, scigaithris lag de stíl shaothraithe, phearsanta?
B’in í an bhearna bhaoil a ndeachaigh na péintéirí seo tríthi ina lá.
Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024.
Fág freagra ar 'Abair gur agamsa a bhí an ghlóir, is a leithéid sin de chairde agam…'