Aaron Brady ciontaithe i ndúnmharú an bhleachtaire-Garda Adrian Donohoe

Pionós sainordaitheach 40 bliain príosúin a théann le dúnmharú Garda

Aaron Brady ciontaithe i ndúnmharú an bhleachtaire-Garda Adrian Donohoe

Fuarthas Aaron Brady, 29 bliain d’aois, as Crois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha ciontach inniu as an mbleachtaire-Garda Adrian Donohoe a dhúnmharú le linn robála ar Chomhar Creidmheasa an Tiarnais i gcontae Lú ar 25 Eanáir 2013.

Pionós sainordaitheach 40 bliain príosúin a théann le dúnmharú Garda.

Mhair an cás cúirte a thosaigh ar an 27 Eanáir ar feadh 118 lá, an triail is faide i stair an stáit. Thug 139 duine fianaise sa gcás.

Shéan Brady go raibh sé ciontach sa dá choir a bhí curtha ina leith – gadaíocht agus dúnmharú an Gharda Donohoe.

Níor mhair an eachtra ach 58 soicind agus goideadh thart ar €7,000 i seiceanna agus in airgead tirim. D’fhág na gadaithe suim €27,000 ina ndiaidh.

Bhí an bleachtaire-Garda Adrian Donohoe (41), fear pósta a raibh beirt chlainne aige, ar dualgas faoi airm ag an gComhar Creidmheasa le tionlacan a thabhairt fad is a bhí airgead an lae á aistriú ón áit nuair a tharla an robáil. Scaoileadh faoi bhéal gunna san éadan leis agus bhásaigh sé ar an toirt.

Ba é Adrian Donohoe an 87ú ball den Gharda Síochána a bhásaigh i mbun dualgais.

Giúiré seachtar ban agus cúigear fear faoi threoir an Bhreithimh Michael White a bhí i mbun an cháis le beagnach seacht mí anuas.

Breithiúnas móraimh a thug siad, 11- 1, tar éis dóibh 20 uair an chloig a chaitheamh i mbun machnaimh.

Fág freagra ar 'Aaron Brady ciontaithe i ndúnmharú an bhleachtaire-Garda Adrian Donohoe'