Aaron Brady ciontaithe d’aonghuth as Comhar Chreidmheasa a robáil in eachtra inar maraíodh ball den Gharda Síochána

Rachaidh an giúiré i mbun machnaimh amárach ar an gcúis dúnmharaithe atá curtha i leith Brady

Aaron Brady ciontaithe d’aonghuth as Comhar Chreidmheasa a robáil in eachtra inar maraíodh ball den Gharda Síochána

Fuarthas Aaron Brady, 29 bliain d’aois, as Crois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha ciontach inniu as thart ar €7,000 i seiceanna agus in airgead tirim a ghoid ó Chomhar Creidmheasa an Tiarnais i gcontae Lú in Eanáir 2013.

Thóg sé 13 uair an chloig ar an ngiúiré cinneadh a dhéanamh sa chás agus bhíodar d’aon ghuth ina mbreithiúnas.

Tá sé curtha i leith Brady freisin gur dhúnmharaigh sé an Garda Adrian Donohoe le linn na robála ar an gcomhar chreidmheasa ach tá an chúis sin séanta aige.

Níl cinneadh déanta ag an ngiúiré fós faoin gcúis sin agus rachaidh siad i mbun machnaimh arís ag  a naoi a chlog maidin amárach.

Tá sé ráite ag an mbreitheamh Michael White leis an ngiúiré gur féidir leo cinneadh móraimh a dhéanamh sa chás seo. Caithfidh ar a laghad deichniúr as an dá dhuine dhéag ar an ngiúiré a bheith ar aon intinn cibé an bhfuil Brady ciontach nó neamhchiontach sa chúis sin.

Seachtar ban agus cúigear fear atá ar an ngiúiré sa chás.

Fág freagra ar 'Aaron Brady ciontaithe d’aonghuth as Comhar Chreidmheasa a robáil in eachtra inar maraíodh ball den Gharda Síochána'