Ainmhí difriúil ar fad iad Cill Dara na bliana 2022

An bhfeicfear aon chomhartha go bhfuil an taoide ar tí casadh i gCúige Laighean?

Ainmhí difriúil ar fad iad Cill Dara na bliana 2022

Ryan Houlihan le Sam Mulroy. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhíos i bPáirc a’ Chrócaigh do chluiche ceannais caide Chúige Laighean ar an gcéad lá de mhí Lúnasa anuraidh. Bhí an lá féin agus gach gné den imirt ana ait ar fad. Ba é an chéad uair go bhfacthas dom go raibh Áth Cliath daonna – iad tugtha, tnáite tar éis na gcéadta cath agus ullamh chun a dtreascartha mar a léirigh Maigh Eo go gairid ina dhiaidh sin. 

Níorbh shin é an ghné b’aite den imirt, áfach. 

Ba dheacair dom a thuiscint an lá úd, agus ní thuigim i gceart fós conas nár léirigh Cill Dara breis uaillmhéine, breis misnigh agus breis clóchais an lá céanna. Ba dhóigh leat go raibh glactha acu leis an ndán a bhí cumtha dóibh agus thaibhseofaí duit ná raibh sé i gceist riamh acu tástáil a dhéanamh ar dhintiúir churadh fé dheich chraobh Laighean. 

Ní go dtí gur chnag Maigh Eo na Dubs coicíos ina dhiaidh sin gur tuigeadh dúinn go léir, b’fhéidir, go raibh an t-impire ina ghiordaí le tamall. Ciall cheannaithe agu,s dála mórán eile sa tsaol,tar éis a tuigeadh gach beart. 

Is fiú gabháil trí ionathar an chluiche sin arís an deireeadh seachtaine seo féachaint an dtabharfadh an t-imscrúdú aon éachtaint dúinn ar a bhfuil i ndán sna seachtainí amach romhainn i gCúige Laighean. 

Níor cuireadh aon chruacheist ar Áth Cliath sa chluiche ceannais cúige anuraidh. Bhíodar 0-5 le 0-4 chun cinn agus na foirne ag tabhairt fén dtobar (an cuimhin libh an ‘sos uisce’?) agus bhíodar 0-9 le 0-5 chun tosaigh ag leath am. Fé dheireadh an tríú ceathrú imeartha, bhíodar gafa 0-15 le 0-8 chun cinn. Thug báide iontach ó Daniel Flynn léas dóchais éigin do Chill Dara tar éis buille na huaire ach d’fhreagair Áth Cliath le trí phointe as a chéile agus ba é críoch agus deireadh na mbeart ná go raibh ocht bpointe farasbairr i ndeireadh acu – 0-20 le 1-9. 

Ní dóigh liom go rabhas im’ aonar ag fágaint Pháirc an Chrócaigh agus mé ag ceapadh gur dheacair anáil na beatha a chur i gcraobhacha cúige ná raibh an dé féin iontu le blianta fada. 

Beidh Cill Dara ag cur chun páirce in aghaidh na hIarmhí inniu agus iad ag iarraidh tógaint ar an mbua slachtmhar a bhí ar chontae Lú níos luaithe acu agus beidh Áth Cliath ina ndiaidh aniar ag iarraidh a bhforlámhas ar chontae na Mí a dhearbhú is a dhaingniú gan an iomarca dá mianach a nochtadh roimis chluiche ceannais na cúige fé cheann coicíse.

An bhfeicfear aon ní a thabharfadh le tuiscint dúinn go bhfuil an taoide ar tí casadh sa chúige? An mbeidh aon ghníomh fónta, aon speach dánaíochta sa Mhí nó san Iarmhí a bhéarfaidh rogha na coitaintachta leo go bun an angair? 

Dá mhéid é ár ndóchas agus dá ghéire é an gátar, caitear uaireanta bheith dílis don bhfianaise atá os ár gcomhair amach. 

Bunaithe ar a bhfuil feicthe go dtí seo i mbliana againn, idir shraith is chraobh, is deacair a shamhlú go bhféadfadh an Mhí barra thuisle a bhaint as an tseannamhaid don gcéad uair le dhá bhliain déag agus deinim amach go mbeidh a ndóthain cúraim ar an Iarmhí féin nuair ná féadaidís buachtaint ar an Lú agus Longfort i Roinn 3 na sraithe san earrach. 

Is ag faire ar Chill Dara a bheadsa agus scata eile inniu. Ba bhreá lem’ chroí dá dtabharfaidís éachtaint éigin dúinn go bhfuil dul chun cinn déanta ón lá san i dtosach mhí Lúnasa anuraidh acu. Creidimise go bhfuil ach níl de shlat tomhais agam ach dhá cheann de chluichí sraithe a bhuadar in aghaidh Átha Cliath (a gcéad bhua ar na Dubs idir shraith is craobh ó bhliain an dá mhíle) agus in aghaidh Mhuineacháin. 

Níor leor a gcomhscór in aghaidh Chiarraí sa chéad bhabhta anuas ar an dá bhua sin chun iad a shlánú i Roinn 1 don bhliain seo chughainn agus thiteadar, in éineacht le hÁth Cliath, ar an lá deireanach sraithe i ndeireadh an Mhárta. 

Bhí suaitheadh agus conach le braistint in agallamh a dhein bainisteoir Chill Dara, Glen Ryan, i ndeireadh na sraithe ach más suaraíocht agus drochbhéasa a mothaíodh uaidh an lá úd, léirigh sé chomh maith, an tréith sin a dhein imreoir maith dó na blianta ó shin nuair a bhí sé ina cheann feadhain ar an mbuíon dheireanach imreoirí ón gcontae a raibh meas laistigh agus lasmuigh den gcontae orthu. 

Tá éirithe le Ryan cuid des na saighdiúirí is dílse a bhí riamh ag Cill Dara – Johnny Doyle, Anthony Rainbow, Dermot Earley agus Brian Lacey – a mhealladh leis ar son na cúise agus bí cinnte ná leanfaidís isteach sa ghleo é muna gcreideadar go mbeadh rath ar an gcúis i ndeireadh na dála. 

Is ar dhílseacht, ar dhiongbháilteacht agus ar dhúthracht imreoirí an lae inniu a thitfidh siad nó a éireoidh siad, áfach. 

Tá Daniel Flynn ar dhuine den fhíorbheagán imreoirí atá ag imirt inniu a thugann éirí croí don lucht féachana gach aon lá a théann sé chun páirce agus murach dhá phaiste imeartha inspioráideach uaidh siúd anuraidh, ní bheadh buaite ar an Iarmhí féin acu chun a n-áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Laighean. 

Is dóigh liom gur ainmhí difriúil ar fad iad Cill Dara na bliana 2022 agus táim ag súil go gcífear tuilleadh inniu uatha a déarfaidh linn go mb’fhéidir go bhfuil an bhearna sin idir iad is Áth Cliath ag cúngú.    

Fág freagra ar 'Ainmhí difriúil ar fad iad Cill Dara na bliana 2022'