A Thiarna déan sinn a athaontú, ach ná déan go fóill é!

Cé air a bhfuil eagla labhairt faoi athaontú na hÉireann? Bhuel tá Micheál Martin agus Leo Varadkar ann…

A Thiarna déan sinn a athaontú, ach ná déan go fóill é!

Nuair a bhíonn aon chaint ann faoi athaontú na hÉireann, ní féidir ach smaoineamh, chomh fada is a bhaineann sé le boic mhóra na polaitíochta sa taobh ó dheas den teorainn, ar na focla clúiteacha a chuirtear i leith Naomh Aibhistín:

“A Thiarna, déan geanmnaí mé. Ach ní go fóill!”

Is amhlaidh an cás ag Fianna Fáil agus Fine Gael. Bíonn siadsan sásta labhairt faoi athaontú na tíre ó am go chéile, ach, go bhfóire Dia orthu, ná cuirtear sa riocht iad go gcaithfidh siad rud ar bith a dhéanamh faoi.

Ní hé seo an t-am ceart, a deir siad. Chuirfeadh sé olc ar Aontachtóirí. Scoiltfeadh sé an pobal ó thuaidh. Agus, os íseal ar ndóigh, threiseodh sé Sinn Féin ó dheas!

Ar ndóigh, ní raibh Micheál Martin chomh cotúil sin faoin scéal i gcónaí. Thiar in 2017, dúirt an Máirtíneach leis an Irish Times go bhfoilseodh Fianna Fáil plean oibre leis na nascanna thuaidh theas a threisiú ar mhaithe le bealach a réiteach do reifreann faoi athaontú na tíre.

Dúirt sé go raibh sé seo le déanamh i gcomhthéacs an Bhreatimeachta agus gur chóir dréachtphlean a oibriú amach don chineál athaontaithe a thiocfadh.

Mar a tharlaíonn, seo é go díreach atá á rá ag Sinn Féin. Níl siad ag moladh reifreann a reáchtáil láithreach ach gur chóir na hullmhúcháin a dhéanamh don reifreann trí phlé a dhéanamh faoin gcineál athaontaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Ceist agam. Cén fáth gur rud deighilteach é nuair a mholann Sinn Féin a leithéid, ach gur beart ciallmhar, stuama is réasúnta é nuair gurb iad Fianna Fáil atá á mholadh?

Tá ceist eile ann, ar ndóigh. An mí-ionracas nó faillí pholaitiúil atá taobh thiar d’ionsaí Martin ar Shinn Féin maidir leis an scéal seo?

Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, tar éis a ladar a chur i scéal na díospóireachta seo, más díospóireacht í, agus é ag rá chomh maith go gcothódh plean Shinn Féin deighilt mar nach mbeadh an móramh ann le bua a fháil. (Agus ná déantar dearmad ar urlabhraí eile na meánaicme, Éamon Ryan ón gComhaontas Glas!)

Anois, tá amhras orm féin an mbeadh an oiread sin Aontachtóirí sásta dul i dtreo na hÉireann athaontaithe ar mhaithe le nasc a choinneáil leis an Aontas Eorpach, ach i bhfianaise an Bhreatimeachta, na díospóireachta faoi neamhspleáchas na hAlban agus na n-athruithe déimeagrafacha atá ag teacht, is léir go bhfuil an cheist ar an gclár cainte anois.

Léiríonn pobalbhreitheanna ó dheas go bhfuil móramh ann ar son an athaontaithe, ach tá fianaise áirithe ann a thugann le fios nach bhfuil móramh na meánaicme ar an dul céanna.

Breathnaigh ar na tuairimí a nochtar san Irish Times nuair a bhíonn plé ar bith ann faoin ábhar seo. Agus éist le Martin is Varadkar!

Leithscéal eile ar ndóigh i gcoinne reifreann athaontaithe is ea go gcuirfeadh aon chaint faoina leithéid olc ar aontachtóirí. B’fhéidir gur fíor sin, ach nach gcuirfeadh sé olc ar náisiúnaithe an Tuaiscirt mura mbeidh plé oifigiúil ar bith ann faoi nuair atáthar ag caint go neamhoifigiúil faoi go forleathan?

Nach fiú tada tuairimí na náisiúnaithe?

Toisc go bhfuil an scéal á phlé, in ainneoin déistin Martin, nach mbeadh sé ciallmhar suí síos agus scagadh a dhéanamh ar na mionsonraí. An mbeadh Stormont ann i gcónaí? An mbeadh córas díláraithe eile ann? An mbeadh bille cearta ann le cearta na bProtastúnach a chosaint?

Cén tábhacht a bhainfeadh leis an nGaeilge? Cén áit a bheadh ann do thraidisiún na bProtastúnach ó thuaidh, nó don náisiúnachas agus an troid le haghaidh na saoirse?

Luaitear cúig bliana don tréimhse measúnaithe seo a bheadh riachtanach mar ullmhúchán don reifreann athaontaithe. Agus má tá sé ‘deighilteach’ é a dhéanamh anois, cathain a bheidh sé neamhdheighilteach?

I ndáiríre, taobh amuigh den mhí-ionracas oscailte, tá Martin is Varadkar ag rá gur chóir veto a bheith ag an bpobal Protastúnach agus gur cuma faoi dhearcadh na máisiúnaithe.

Ó thosaigh an t-achrann faoi chearta sibhialta agus éileamh na gCaitliceach go mbeadh comhchearta acu lena gcomharsana Protastúnacha, thréig muintir an deiscirt aáisiúnaithe an tuaiscirt. Sheas údaráis an deiscirt ar leataobh, chabhraigh siad leis an eiseachadadh, agus anois is léir gur tábhachtaí troid in aghaidh Shinn Féin ná náisiún aontaithe á éileamh.

Tá sé scannalach gur féidir le polaiteoirí labhairt mar seo, agus go mbeadh na meáin, idir scríofa agus craolta, ag tacú leo gan srian. Ach ní chuirfidh siad an ruaig ar an gcaint, mar tá móramh ar son athaontú na hÉireann ag teacht is ní bheidh polaiteoirí mheánaicme an Deiscirt in ann aon rud a dhéanamh le stop a chur leo.

Nach fearrde glacadh leis go bhfuil an díospóireacht le déanamh agus droim láimhe a thabhairt don chríochdheighilteachas? Nach cóir go mbeadh na páirtithe go léir ag iarraidh bóthar a oibriú amach a thabharfaidh athaontú síochánta cothrom dúinn?

Fág freagra ar 'A Thiarna déan sinn a athaontú, ach ná déan go fóill é!'