A stair féin ag baint leis na clubanna i gcluiche ceannais Thiobraid Árann

Níl an séasúir críochnaithe do chuid de na réalta All Star fós, Brendan Maher Thiobraid Árann ina measc

A stair féin ag baint leis na clubanna i gcluiche ceannais Thiobraid Árann

Brendan Maher. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Caithfidh go raibh sé ina oíche go maidin aréir san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath, áit ar bronnadh na gradaim PWC Réalta Éireann ar na himreoirí is fearr sa tír in 2019. Seachtar imreoirí as Tiobraid Árann a bhuaigh na gradaim luachmhara.

Ach níl an séasúir críochnaithe do chuid de na réalta sin fós mar go bhfuil na comórtais chúige ag tosú agus corrchraobh chontae fós le críochnú. Agus beidh ceann de na cluichí ceannais sin ar siúl i bPáirc Tom Semple i nDurlas Éile amárach. Tabharfaidh Buíreas Uí Luíoch, a bhfuil Brendan Maher duine d’All-Stars 2019 acu, aghaidh ar chumann Chill an Daingin, dream nár bhuaigh an chraobh chontae riamh mar club aonair. Níor bhuaigh Buíreas Uí Laoich an chraobh ó 1986.

Bhí mé ag léamh cuid de stair Chill an Daingin le déanaí agus scéal suimiúil atá ann ó cuireadh tús leis i 1915 go dtí an lá atá inniu ann. Bhuadar an chraobh idirmheánach agus iad cónasctha le Cill Bharráin i 1930 agus thug an fhoireann sin an chraobh shinsir leo i 1934. Ansin chaitheadar na blianta 1935 go 1965 mar chlub aonair sular díbríodh ó ghrád na sinsear iad. Bliain ina dhiaidh sin bhíodar ar ais i ngrád na sinsear arís cé nár fhan siad ann ach bliain an uair seo. Chaitheadar roinnt blianta eile thuas seal thíos seal go dtí gur chas an taoide arís, nó ba chirte a rá go dtí gur chasadar féin an taoide. In  2005 bhuadar craobh idirmheánach na hÉireann. Trí bliana ina dhiaidh sin bhuadar craobh shinsir thuaisceart Thiobraid Árann agus in 2016 chaill siad cluiche ceannais an chontae in aghaidh Sháirséalaigh Dhurlas Éile.

Beidh siad mar rogha láidir na coitiantachta amárach i gcoinne club Bhrendan Maher, sárimreoir agus iarchaptaen an chontae. Tá Buíreas Uí Laoich ar an bhfód ó 1886 agus a gcuid féin buaite acu ó shin. Tá cáil speisialta ar an gclub mar go raibh ceathrar imreoirí acu a d’ardaigh corn Liam Mhic Cárthaigh mar chaptaein ar fhoirne buacacha as Tiobraid Árann – Paddy Kenny i 1947, Seán Kenny i 1950, Jimmy Finn i 1951 agus Brendan Maher in 2010. 

Dar ndóigh an uair dheireanach a bhuadar craobh an chontae i 1986 bhí feachtas iontach acu inar thugadar leo craobh na Mumhan agus craobh na hÉireann. Ach tá siad ag feitheamh ó shin ar chorn Dan Breen. Bhíodar sa chluiche ceannais dhá bhliain ó shin ach bhí na Sáirséalaigh róláidir dóibh, mar a bhíodar do Chill an Daingin an bhliain roimhe sin.

Amárach geansaí uimhir a sé a bheidh ar Maher agus beidh a chomrádaí idirchontae Paddy Stapleton taobh thiar de. I lár na páirce beidh imreoir idirchontae eile acu Dan McCormack. Chun tosaigh is iarimreoir de chuid Chill Dara, Conor Kenny agus Kevin Maher a bheidh ina gceannairí acu.

Ach tá club thar a bheith láidir ina gcoinne agus grúpa mór imreoirí acu ag iarraidh áit a fháil ar an bhfoireann shinsir. Tá an club chomh mór sin go mbeidh dhá fhoireann acu ag imirt i gcomórtais shinsir an chontae in 2020 i ndiaidh don fhoireann idirmheánach ardú céime a fháil i mbliana. Sa chluiche tábhachtach seo amárach beidh siad ag súil le ceannaireacht óna n-imreoirí contae, Alan Flynn ag uimhir a sé agus Willie Connors atá ina leatosaí láir.

Ní bheidh mórán seans ag na buaiteoirí ceiliúradh a dhéanamh mar beidh siad ag dul chun páirce an tseachtain seo chugainn i gcoinne Fhánaithe an Ghleanna i gcluiche leathcheannais chraobh na Mumhan. 

Fág freagra ar 'A stair féin ag baint leis na clubanna i gcluiche ceannais Thiobraid Árann'