A stádas mar rogha na coitiantachta tuillte go maith ag na hÉireannaigh

Níl aon dabht ach gur féidir leis na hÉireannaigh an lá a thabhairt leo ach seans go bhfuil cluiche maith amháin sna Sasanaigh

A stádas mar rogha na coitiantachta tuillte go maith ag na hÉireannaigh

Tá an comórtas Sé Náisiún ar ais anocht le cluiche nach iondúil dúinne mórán suime a bheith againn ann. Ach beidh tithe ósta lán agus glórach an babhta seo agus muid ag súil go mbeidh ár mbráithre Ceilteacha, na Breathnaigh, in ann stop a chur leis an sodar atá faoi na Francaigh i gcomórtas na bliana seo.

In ainneoin go bhfuil buntáiste an bhaile ag an mBreatain Bheag,  is deacair bua a thuar do fhoireann nár bhuaigh ach an t-aon chluiche amháin as trí iarracht go dtí seo i gcomparáid leis na trí bhua cuimsitheach atá cláraithe ag na Francaigh. Ag an am céanna ní bhíonn sé éasca ariamh na Breathnaigh a chloí i Staid na Mílaoise, mar a fuair Alba amach cúpla seachtain ó shin. Tá mise sásta bua eile a thuar do na Francaigh, foireann atá thar a bheith caithréimeach faoi láthair.

Cuirfidh na hIodálaigh, dream atá fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo agus a gcéad bhua i gcomórtas na Sé Náisiún ó 2015, fáilte roimh Albain amárach. Cé go bhfuil mise ag tuar bua do na cuairteoirí tá mé ag súil go dtarlóidh míorúilt sa Róimh agus go n-éireoidh le foireann an bhaile an lá a thabhairt leo, ar mhaithe leo féin agus ar son leas an chomórtais.

Ní dochar a bheith ag brionglóidí!

Tráthnóna amárach i gcluiche mór Bhabhta 4 tabharfaidh na namhaid is mó sa gcomórtas seo faoina chéile in Twickenham. Aisteach go leor is iad na cuairteoirí, Éire, rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Is cinnte nach bhfacamar imirt shnasta ó na Sasanaigh in aon chluiche  fós ach mar sin féin is iad na Francaigh an t-aon dream a bhuail iad go dtí seo. Bhí na Sasanaigh in ann a ndóthain, ar éigean, a dhéanamh chun an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil agus ar an mBreatain Bheag.

Go dtí seo bhí imirt na hÉireann i bhfad níos fearr agus ní haon iontas ar bith é gurb iad an rogha don chluiche seo, ceann a bheas fisiciúil óna thús. Seans gurb í an fhisiciúlacht seo an t-údar imní is mó atá ag crá Andy Farrell. Níl fáil aige ar an bhfrapa, Andrew Porter, imreoir atá an-éifeachtach go deo ní hamháin sa gclibirt ach san imirt scaoilte freisin. Nil na scileann céanna ag Cian Healy, faraor.

Chomh maith leis sin, seachas an cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche i gcoinne na hIodáile ní mórán imeartha atá déanta ag Johnny Sexton ó thús an chomórtais seo agus beidh le feiceáil cén tionchar a bheas ag an easpa imeartha sin ar chaptaen na foirne.

Níl aon dabht ach gur féidir leis na hÉireannaigh an lá a thabhairt leo ach tá mise cinnte go bhfuil cluiche maith amháin sna Sasanaigh.  Cuimhnigh gurb é seo an cluiche baile deiridh acu i gcomórtas na bliana seo.  I bPáras a bheas siad faoi cheann seachtaine. Is spreagadh iontach é sin sár-iarracht a dhéanamh sa bhaile.

 

Fág freagra ar 'A stádas mar rogha na coitiantachta tuillte go maith ag na hÉireannaigh'