A ‘Skyscraper’ ná tit orm! Na scannáin mhór-eachtraíochta ina gcocstí

Ar na saolta seo ní bhíonn chugainn ach scannáin leantacha, leaganacha nua de shárshaothair agus DC/Marvel ag sluaisteáil gaiscí na mórlaochra chugainn ar dalladh…

A ‘Skyscraper’ ná tit orm! Na scannáin mhór-eachtraíochta ina gcocstí

Skyscraper
Stiúrthóir: Rawson Marshall Thurber
Cliar: Dwayne Johnson, Neve Campbell, Chin Han, Roland Møller.

Cad atá an i ndán d’iomaire na scannán mór-eachtraíochta? Bhí ré órga, más ceadmhach dom an téarma sin a úsáid, againn sna seachtóidí, sna hochtóidí agus sna nóchaidí, nuair a bhí Steven Spielberg, George Lucas agus James Cameron i mbarr a maitheasa. Seoda ar leithligh sa seánra seo ba ea leithéidí Jurassic Park (1993), Terminator 2: Judgement Day (1991), E.T (1982), Raiders of the Lost Ark (1981), na scannáin Star Wars agus an bas ar fad acu Jaws (1975). Bhí siad breá in ann an t-aicsean, greann agus maisiúcháin a chniotáil le carachtair chaithiseacha, thathagacha. Saothair úrnua agus an tsamhlaíocht go smior iontu. Saothar gur féidir leis an teaghlach ar fad súp a bhaint as fé mar a dúirt an giolla margaíochta a dúirt é.

D’imigh sin agus tháinig seo. Tá sé deacair sainmhíniú a thabhairt ar cad is scannán mór-eachtraíochta ann ach aithnímid é nuair a chímid é agus tuigimid nuair is truflais atá os ár gcomhair. Táirgí neafaiseacha a bhíonn anois againn nach bhfuil in ann coinneal a choimeád le piardaí mór na n-ochtóidí agus nóchaidí. Ar na saolta seo ní bhíonn chugainn ach scannáin leantacha, leaganacha nua de shárshaothair agus DC/Marvel ag sluaisteáil gaiscí na mórlaochra chugainn ar dalladh.

Ní fada ó shin ó seoladh an tríú gála de The Avengers;  táirge ina bhfuil breis agus cúigear déag d’aisteoirí mór le rá agus a gcnuasaigh scannán féin ag na carachtair lárnacha cheana. Tá DC ag rómhar leo chomh maith céanna le The Justice League. Cé nach bhfuil siad gan a maitheasaí tá na sraitheanna seo ag imeacht chun leadráin agus seanchaiteachta agus níl faic nua ag baint lena bhformhór.

An samhradh seo féin, bhí leagan eile de ghaiscí Ocean againn, scannán eile fós sa chnuasach Jurassic Park agus Disney ag baint a thuilleadh adhmaid as domhan Star Wars. É sin ar fad agus Tom Cruise, atá cúig bliana le cois an leathchéid, ar ais leis an séú gála de Mission Impossible, dhá bhliain is fiche tar éis an táirge bunaidh. Sa chomhthéacs sin tá sé an-chrua, dodhéanta fiú, ag an táirge aon phingin a fháil ón sparán.

Ní thiteann chugainn mar sin ach táirgí nach fiú tráithnín iad, cosúil le Skyscraper. Ar an gcéad luí súl is léir go bhfuil sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar Die Hard (1998) agus The Towering Inferno (1974). Go hachomair is é atá ann ná The Rock ag comhrac le buíon bithiúnach a chuireann an foirgneamh is mó ar domhan trí thine le gur féidir leo cipín cuimhne a ghoid. I dtosach an scannáin faighimid seatanna cuidsúlacha do ‘The Pearl’ in Hong Kong, foirgneamh atá in ainm a bheith 3,5oo troigh ar airde; rud a d’fhágfadh 800 troigh níos airde é ná an Burj Khalifa in Dubai.

Tá teacht i láthair caithiseach ag Johnson, ní haon drochaisteoir amach is amach é agus déanann sé a dhícheall anseo. Ach ní leor san leis an scannán a tharrtháil. Tar éis scaithimh ní féidir tóin ná ceann a dhéanamh den scéal agus téann na maisiúcháin agus na míreanna aicsin chun leadráin.

Tá sé deacair a mhaíomh go bhfuil gealladh faoin seánra seo nuair a bhímid i dtaobh le táirgí mar seo nach fiú an deich triuf iad. 

Fág freagra ar 'A ‘Skyscraper’ ná tit orm! Na scannáin mhór-eachtraíochta ina gcocstí'