A scríbhneoir, seachain na deasghnátha!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ná déan nós agus ná bris nós, go háirithe más scríbhneoir thú

A scríbhneoir, seachain na deasghnátha!

An tseachtain seo a chuaigh thart, rinne mé cur síos ar an áit a ndéanaim an chuid is mó de mo chuid scríbhneoireachta ann: seomra gan radharc as ina bhfuil an deasc iompaithe i dtreo bhalla gan phictiúirí agam, ionad oibre atá chomh neamhshuaithinseach leis an leathanach bán féin.

Tá an dearcadh lom céanna agam ar dheasghnátha a bhaineann leis an scríbhneoireacht agus atá agam ar dhearadh oifige. Dá laghad iad, is ea is fearr é.

Casadh file orm fadó a dúirt nach féidir leis oiread agus focal a scríobh go dtí go mbíonn an teach glanta ó bhun go barr aige. Le deireanas, léigh mé faoi úrscéalaí nár chaith ach an t-aon gheansaí amháin ar feadh bliana, fad is a bhí úrscéal áirithe idir lámha aici. Nuair a bhris peann dúigh a raibh an-chion ag an mbean bhocht chéanna air, níor éirigh léi scríbhneoireacht ar bith a dhéanamh ar feadh míonna. Tá scríbhneoirí eile ann nach mbíonn in ann peann a chur le pár mura mbíonn cipín túise ag dó in aice leo, mura mbíonn Mozart ar siúl ar an gcóras fuaime, nó mura mbíonn an ghealach lán.

Tá trua agam do na daoine seo, toisc go bhfuil siad dall ar cheann de na míorúiltí is mó a bhaineann leis an scríbhneoireacht: gurb é gníomh na scríbhneoireachta féin a chothaíonn an draíocht.

Ní gá teampall a dhéanamh den ionad oibre agus slám deasghnátha a chomhlíonadh sular féidir peann a chur le pár. Tarraingíonn focal focal eile mar a tharraingíonn scéal scéal eile, agus sin a bhfuil faoi.

Sin ar fad ráite, ní bhíonn saoi gan locht. Géillim féin do dhíth céille na ndeasghnátha i gcás amháin. Is maith liom cupán caife a bheith in aice liom agus mé ag scríobh. Má bhíonn mo sháith caife ólta agam cheana féin an lá sin, tógaim blaiseadh amháin agus fágaim an leacht dubh ag fuarú sa chupán fad is a líonann dúch dubh mo phinn an leathanach.

B’fhéidir go bhfuilim féin chomh craiceáilte céanna le lucht na túise, tar éis an tsaoil. Ach ar a laghad, is maith a thuigim nach mbíonn tionchar ag nós beag an chupáin caife ar chaighdeán na scríbhneoireachta, dáiríre.

Fág freagra ar 'A scríbhneoir, seachain na deasghnátha!'

  • Braoin Ó Braoin

    ….Ach ar a laghad, is maith a thuigim nach mbíonn tionchar ag nós beag an chupáin caife ar chaighdeán na scríbhneoireachta, dáiríre…
    Is maith an rud ann é gan na nósanna a chur isteach ort… a leithéid de phíosa deas díreach taitneamhach nach mbíodh sé de nós agam a ghabháil a léamh… nár lagaí Dia thú!