A Santa a chara…

Ní ar a shon féin atá ár gcolúnaí ag scríobh chuig Santy ach ar mhaithe le John Delaney, Davy Fitzgerald agus go leor eile...

Santa wish

Níl a fhios agam cé chomh hoillte agus atá tú ar na córais nua chumarsáide seo, ach seo í an chraic chéanna a bhíodh orm fadó nuair ba fhaisean liom leathanaigh chlóite a sheoladh chugat ag iarradh ort brontannais bheaga nó mhóra, shaora nó dhaora a thabhairt chuig daoine éagsúla atá sáite sa spórt.

Do John Delaney bocht is túisce atá mé ag iarraidh, agus tá a fhios ag an lá nach bhfuil fear in Éirinn is mó a dteastaíonn ardú meanmain uaidh. Níl sé de ghoir aige a dhul ag ól crúsca ar a shuaimhneas anois nach bhfuil ceann eicínt a bhfuil Twitter nó Facebook faoina ascaill aige ag scaipeadh biadáin faoi.

Ar aon dath, níl a fhios agam an bhfuil aon chuimhne agat ar leabhairín bheag dheas a d’fhoilsigh Cló Chois Fharraige na blianta ó shin. Bhíodh sí i chuile sheomra ranga sna bunscoileanna tráth. “Abair Amhrán” a bhí uirthi. Anois tá sin ag John cheana, ach tá sé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil aon seans ann gur foilsíodh ceann dar teideal “Ná hAbair Amhrán”. Má foilsíodh, tabhair chuige é.

Níl sé deacair Davy Fitzgerald bocht a shásamh ach an oiread. Go deimhin, níl Davy ag iarraidh tada dó féin, ach ba mhaith leis a fháil amach an mbeadh seans ar bith go mbeadh scian bhreá ghéar i do sheilbh agus tú ag déanamh do chamchuairte Oíche Nollag. Má bhíonn, an dtabharfá priocadh faoi bhealach do chuile liathróid peile i gCo. an Chláir. Níl aon ghá duit bacadh leis na cinn atá ar chruth na huibhe. Níl gráin ar bith ag an nGearaltach orthu sin. Is iad na cinn chruinne atá á chur le báin.

Tuigim nach fear le bréaga thú, ach dúirt éinín liom an t-am seo anuraidh gur chuir tú cárta Nollag chuig Warren Gatland agus ainm Brian O’ Driscoll sínithe ar a bhun. An-phlean agus an bhfuil a fhios agat céard é féin ach gur oibrigh sé, mar nuair a scríobh Brian scéal a shaoil níos luaithe i mbliana, ní raibh sé baol ar chomh cáinteach ar Warren agus a bhíothas ag súil leis. Má tá aon cheann de na cártaí sin fanta agat, caith sa bposta é agus seoladh Barry Kelly air. Cuir ainm Brian Cody leis an babhta seo. Bheadh sé níos fearr arís dá bhféadfá ‘No Hard Feelings’ a scríobláil in áit eicínt freisin air.

Diabhal mórán atá bainisteoir Learphoill Brendan Rogers a iarraidh é féin. T-Léine. Sin uile.

Ceann dearg ar ndóigh, ach nach mór cúpla rud a bheith scríofa breá soiléir ar bhrollach na léine agus ar a cúl. “Ní mise a cheannaigh Balotelli” atá le bheith chun tosaigh agus “Le huacht a fuair mé é” ar a cúl.

Drochsheans go mbeidh tú in ann a bhfuil acu seo ag teastáil a thabhairt leat d’aon iarraidh amháin mar gheall ar an toirt atá iontu, ach ní féidir ach go dteastaíonn cuaillí nua i go leor de phríomhpháirceanna CLG na tíre.

Más fíor do thráchtairí é, níl stopadh ar bith ar pheileadóirí agus ar iománaithe an lae inniu ach a bheith ‘á scoilteadh’. Más fíor a gcloisim, níl fanta de chuid acu ach cipíní agus is géar a theastódh postaí nua.

An gcaithfeá dlúthdhiosca ar bith de chuid Garth Brooks isteach sna boscaí poist atá i ndoirse na dtithe timpeall ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí siad siúd atá ina gconaí iontu ag súil go gcloisfidís an fear é féin i gcaitheamh an tsamhraidh, ach ar chúis eicínt, níor tharla sin.

Ós ag caint ar dhioscaí é, bhí popghrúpa ann fadó, le linn m’óige, a raibh na Tremeloes mar ainm orthu. Shroich amhrán dá gcuid uimhir 1 sna cairteanna i ndeireadh na seascaidí. “Silence is Golden” an t-ainm a bhí ar an amhrán. Cóip de sin do Joe Brolly.

Ní dhéanfaidh tú dearmad ar na réiteoirí. Tabharfaidh tú rialóir ag chuile réiteoir rugbaí, ní hamháin sa tír seo, ach thar lear freisin. Ní ar mhaithe leis an tomhais a theastaíonn siad uathu beag ná mór, mar bíonn na páirceanna marcáilte go breá soiléir. Ach más aon chruthúnas an chaoi a dtéann an liathróid isteach i ngach clibirt, ní thuigeann aon mhac máthar acu céard is brí le ‘díreach’ .

Is amhlaidh a chrochfaidh tú leat rud eicínt ó réiteoirí peile CLG – na cártaí dubha sin a fuaireadar anuraidh. Tá a ndóthain cártaí acu mar atá siad dá n-uireasa agus is é an chaoi a bhfuil an ceann dubh sin ag cur mearbhaill orthu féin, ar na himreoirí agus ar an lucht féachana.

Ní maith liom a bheith ag cur ar mo shon féin agus feictear dom go bhfuil sé tagtha sa saol anois go bhfaigheann daoine brontannais nár iarradar beag ná mór.

Tá mé ag cuimhniú go háirithe ar chuid acu siúd a bhí ag vótáil nuair a socraíodh cá mbeadh Corn Sacair an Domhain i 2022. Nuair a dhúisigh siad ar maidin, bhí carnáin seodraí agus uaireadóirí fágtha faoin bpiliúr dóibh.

Ní fear mór le seodra mé féin, ach m’anam má tá aon phingin den airgead a fuair siad ag imeacht i gconaí nach gcuirfinn suas dó sin.

Faoi dheireadh, le linn na bliana seo caite, shocraigh peileadóirí agus iománaithe go leor go raibh a seal tugha i saol imeartha idirchontae CLG.

Tabhair ár mbeannacht chucu agus ár mbuíochas as ucht an ilomad Domhnach ar ardaigh siad ár gcroíthe, as na leatheanta fuara ar chuireadar fuil ár gcuislí ag preabadh agus as na cuimhní cinn a fhanfaidh inár n-intinn go deo dá mbarr.

Ina measc siúd, bhí Tomás Ó Sé, Paul Galvin, Brian Hogan, Eoin Kelly, Shane Lennon, J.J Delaney, Tommy Walsh, Declan O’ Sullivan, Stephen Hiney, Aidan Fogarty, Aaron Kernan, Stephen Molumphy, Leighton Glynn, David Herity, Paddy Keenan, Rory Hannify, Shane Walsh, Brian Murphy, Stephen O’ Neill agus go leor eile.

Go mbeire siad, muid agus tú – beo – ar an am seo arís.

Nollaig mhór, mhaith agaibh ar fad.

Mártan

 

Fág freagra ar 'A Santa a chara…'