A rás rite ag córas vótála ‘an chéad duine abhaile’

Córas míchothrom is ea vótáil ‘an chéad duine abhaile’. D’fheil sé do Pharlaimint ina raibh dhá pháirtí mhóra, ach seans go bhfuil a rás rite

voting

A bheith chun tosaigh ar an gcéad  chomhaireamh. Sin uile a bheidh de dhíth ar na hiarrthóirí a gcuirfear ‘X’ lena n-ainm ar an bpáipéar balóide do thoghchán Westminster ar an seachtú lá den mhí seo chugainn. Cinnteoidh sé sin go dtoghfar móramh de na feisirí Parlaiminte le tacaíocht mionlaigh ina  dtoghcheantar. Is fíorannamh a bhíonn 50% de na vótaí ag aon iarrthóir. Córas é atá in úsáid sa Bhreatain agus i roinnt d’iarchóilíneachtaí na Breataine ach tá sé caite i dtraipisí ag a lán tíortha.

Ceithre bliana ó shin, thug an Ríocht Aontaithe an t-eiteachas i reifreann do mholadh go n-athrófaí an córas ón gcéad duine abhaile agus go gcuirfí an córas AV –Vóta Eile, ina ionad. Bhí móramh ollmhór ina choinne. Chothaigh an reifreann nimh idir na Liobrálaigh Dhaonlathacha, a d’iarr an t-athrú, agus na Tóraithe, a bpairtnéirí sa chomhrialtas, a bhí ina choinne.

I dTuaisceart Éireann, is le haghaidh olltoghchán Westminster amháin atá an vótáil neamh-inaistrithe in úsaid. Glacadh le hionadaíocht chionmhar i 1973 agus is é atá i bhfeidhm do thoghchán Pharlaimint na hEorpa do na Comhairlí Aitiúla agus don Tionól.

Ar ndóigh, is breá linne a bhfuil an-dúil againn sa pholaitíocht, deisceartaigh go háirithe, an córas inaistrithe agus an comhaireamh a mhaireann uaireanta an chloig. Is maith ann é mar chóras seachas mar spórt do mo leithéidse.

Tugann sé rogha níos fairsinge don vótóir. Tugann sé seans do mhionpháirtithe agus d’ionadaithe mionlaigh nach mbeadh acu go brách faoin gcóras atá i réim le haghaidh Westminster; d’éirigh le Pobal roimh Phroifíd, cuir i gcás, suíochán comhairle d’iarthar Bheal Feirste a bhaint de Shinn Féin anuraidh le cabhair aistrithe.

Admhaím gur beag difear a dhéanfadh sé i dtoghranna áirithe i dTuaisceart Éireann. I nGleann an Lagáin, bhí 49.8% de na vótaí ag Jeffrey Donaldson, an DUP, cheana. In iarthar Bhéal Feirste, bhí 70% de na vótaí ag Paul Maskey, Sinn Féin, sa bhfo-thoghchán ina dtáinig se i gcomharbacht ar Gerry Adams. Eisceachtaí is ea móraimh den tsórt sin.

I bhFear Manach/Tír Eoghain Theas, an toghcheantar is imeallaí ar fad de chuid Westminster, is é cogadh na dtreabh é; na páirtithe Aontachtacha go léir ar thaobh amháin agus Sinn Féin ar an taobh eile. Is fíor  go bhfuil iarrthóir ag an SDLP, ach tá Sinn Féin ag iarraidh ar vótóirí an t-eiteachas a thabhairt dó mar go bhfuil gach vóta náisiúnach de dhíth orthusan chun an t-aontachtach a choinneáil amach. Má bhíonn an bhearna idir Michelle Gildernew, Sinn Féin, agus Tom Elliott, UUP, chomh beag an t-am seo is a bhí i 2010, cá bhfios cén difear a dheánfadh aistrithe? Ní féidir beag is fiu a dhéanamh de.

Chaithfeadh sé go mbeadh éifeacht ag vótáil inaistrithe i mBéal Feirste Thuaidh mar a bhfuil dianchoimhlint freisin le tacaíocht na bpáirtithe Aontachtacha go léir ag Nigel Dodds DUP chun a shuíochán a chosaint ar Gerry Kelly, Sinn Féin, atá sna sála air. Tá Alban Maginness, SDLP, san iomaíocht chomh maith. Is é an scéal céanna é i mBéal Feirste Theas mar a bhfuil ceannaire an SDLP, Alasdair McDonnell, ag cosaint a shuíocháin in aghaidh Shinn Féin, an DUP agus an UUP, agus an toradh idir dha cheann na meá.

Thar aon ní eile, i gcás Thuaisceart Éireann, is faoin gcóras ‘an chéad duine abhaile’ a dhéanann páirtithe margadh seicteach, aontaobhach in aghaidh an taoibh eile. Ní ann dá leithéid faoin ionadaíocht chionmhar ach tré rogha na vótóirí. Muna mbeadh de bhuntáiste ag athrú ach an méid sin féin, ba mhór an gaisce é.

Mhaígh lucht cosanta an tseanchórais gur chinntigh sé seasmhacht sa pholaitíocht. Bhíodar á mhaíomh sin fiú agus Cameron ina Phríomh-Aire i gcomhrialtas, mar shíl siad nach raibh ann ach gnó aon-pharlaiminte – fearacht ‘temporary little arrangement’ Albert Reynolds fadó.

Anois, nuair atá an aicme pholaitiúil sa Bhreatain ag dul i dtaithí ar ghuagacht pholaitiúil agus ar ré nua le han-chuid páirtithe, níor mhiste breathnú an athuair ar an gcóras vótála.

Fág freagra ar 'A rás rite ag córas vótála ‘an chéad duine abhaile’'