A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine

Cuid de na scéalta is suimiúla ó bhabhta a cúig den tSraith Náisiúnta Iomána agus ó bhabhta a sé den tSraith Náisiúnta Peile

A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine

Cian O’Neill. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Peileadóirí Chill Dara thuas seal, thíos seal

Sa bhabhta deireanach den tsraith in 2012, shlánaigh Johnny Doyle cic éirice in aghaidh na Gaillimhe in am cúitimh chun a chinntiú gurbh iad Cill Dara seachas an Ghaillimh féin a bheadh ag dul suas chuig Roinn 1. Cúig bliana ina dhiaidh sin, tá áit i Roinn 1 bainte amach acu arís ach is iomaí casadh a bhí ar an mbóthar idir an dá linn.

D’éirigh go maith le Cill Dara ina gcéad bhliain i Roinn 1 nuair a bhain siad áit amach i mbabhta leathcheannais na sraithe, ach is thíos seal thuas seal atá an fhoireann ó 2014.

Díbríodh ó Roinn 1 iad in earrach na bliana sin agus ba léir go raibh fadhbanna sa chontae mar níor mhair siad ach bliain amháin i Roinn 2 agus faoi 2016 bhí siad i Roinn 3.

Thosaigh an athbheochan anuraidh áfach faoi cheannas an bhainisteora nua Cian O’Neill. Chríochnaigh Cill Dara ar bharr Roinn 3, cé gur bhuaigh an Clár orthu i gcluiche ceannais na sraithe. Choinnigh siad orthu ag buachan i Roinn 2 i mbliana ach chinntigh bua an Domhnaigh, in aghaidh an Chláir mar a tharla sé, go mbeidh siad ag imirt i Roinn 1 arís an bhliain seo chugainn.

Leagan amach aisteach na sraithe iomána le feiceáil arís

Léiríodh a aistí is atá an tSraith Náisiúnta Iomána arís ag an deireadh seachtaine agus na socruithe déanta do chluichí ceathrú ceannais na bliana seo. I Roinn 1A, bhain Corcaigh, Port Láirge agus Cill Chainnigh áiteanna amach sa chéad bhabhta eile i ndiaidh dóibh an bua a fháil ar Thiobraid Árann, an Clár agus Baile Átha Cliath faoi seach. Bhí dian-iomaíocht ann chun na háiteanna sin a bhaint amach agus léiriú ar a dhéine is a bhí an iomaíocht sin é an scéala nach bhfuair an Clár, buaiteoirí na sraithe anuraidh agus foireann a bhuaigh ar Chill Chainnigh le linn fheachtas na bliana seo, áit sa bhabhta ceathrú ceannais.

Ar an lámh eile, tá áit bainte amach ag iománaithe Uíbh Fhailí sa bhabhta sin agus gan ach cluiche amháin, in aghaidh Chiarraí, buaite acu le linn na sraithe. Chailleadar in aghaidh na Gaillimhe, in aghaidh Laoise, Luimnigh agus Loch Garman roimhe seo ach tar éis d’Uíbh Fhailí bua dhá phointe, 1-21 in aghaidh 2-16, a fháil inné tabharfaidh siad aghaidh ar Thiobraid Árann an tseachtain seo chugainn.

Ábhar dóchais do Bhaile Átha Cliath

Cé gur chríochnaigh iománaithe Bhaile Átha Cliath ag bun Roinn 1A in 2017, bainfidh bainisteoir na foirne, Ger Cunningham, sásamh as roinnt gnéithe d’imirt na foirne le linn an fheachtais.

Bhí suas le seachtar den scuad, imreoirí tábhachtacha ar nós, Cian O’Callaghan, Daragh O’Connell agus muintir Schutte san áireamh, ar iarraidh le linn na sraithe agus iad ag imirt le Cuala i gCraobh na hÉireann. Dá bharr sin ní raibh aon rogha ag Cunningham ach deiseanna a thabhairt do roinnt imreoirí óga. Tá Donal Burke ar dhuine acu sin agus cé go raibh sé fós ina imreoir mionúir anuraidh, léirigh sé go bhfuil sé ar chompord ag imirt in aghaidh imreoirí sinsearacha agus 2-29 aimsithe aige sa tsraith i mbliana. Is cinnte go bhfeicfidh muid Burke i gcaitheamh an tsamhraidh.

Anuas air sin, fiú agus ceithre chluiche as cúig cinn caillte acu, léirigh Baile Átha Cliath go bhfuil dóthain cumais iontu do Roinn 1A. Seachas sa chéad chluiche in aghaidh Thiobraid Árann, níor buaileadh greadadh ar fhir na príomhchathrach agus fiú i gcluiche an lae inné, bhí an lámh in uachtar acu ar Chill Chainnigh sa chéad leath go dtí gur cuireadh an cúl báire Gary Maguire den pháirc.

Pé toradh a bheidh ar an gcluiche dícháilithe in aghaidh an Chláir an Domhnach seo chugainn, tá údar misnigh ag Cunningham.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine'