A raibh le foghlaim ó chluichí idirchontae agus Gaeltachta na deireadh seachtaine

Súil siar ar chluiche ceannais peile na mban agus cluichí na gclub a bhí ar siúl i gCiarraí agus i nDún na nGall ar an deireadh seachtaine

Brid Stack (Corcaigh) agus Noelle Healy (Baile Átha Cliath). INPHO/Donall Farmer
Brid Stack (Corcaigh) agus Noelle Healy (Baile Átha Cliath). INPHO/Donall Farmer

Taithí Chorcaí cinniúnach ar deireadh

I ndiaidh an chluiche ceannais dhochreidte a bhí againn anuraidh, nuair a rinne Corcaigh teacht aniar iontach tar éis dóibh a bheith 10 gcúilín chun deiridh, ba dheacair a shamhlú go bhfeicfí a leithéid de choimhlint arís i mbliana. Mar sin féin, cé nach raibh cluiche an lae inné chomh hiontach céanna, fós is coimhlint chrua, iomaíoch a bhí ann.

Ba é taithí Chorcaí an bua ba mhó agus ba thábhachtaí a bhí acu agus na cinntí ceart á ndéanamh acu nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá. Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 0-5 an taobh, ach fuair Corcaigh ceithre phointe i ndiaidh a chéile ag tús an dara leath chun bearna a chur idir iad féin agus Baile Átha Cliath.

Agus an buntáiste sin acu, is beag seans a bhí ann go raibh Corcaigh chun géilleadh. Laghdaigh Baile Átha Cliath an bhearna go dtí dhá phointe ach nuair a chuaigh siad ar an ionsaí sa nóiméad deireanach, bhí a fhios ag imreoirí Chorcaí céard a bhí le déanamh acu. Faoi dhó a tharraing siad imreoirí Bhaile Átha Cliath chun talún agus nuair a thug Sinéad Goldrick faoi iarracht ar na postaí, bhí Bríd Stack san áit cheart chun an iarracht a ghlanadh amach.

Briege Corkery agus Rena Buckley ag ceiliúradh ar an Domhnach. INPHO/Ryan Byrne
Briege Corkery agus Rena Buckley ag ceiliúradh ar an Domhnach. INPHO/Ryan Byrne

Stair bainte amach ag Corkery agus Buckley in ainneoin na ndúshlán atá curtha rompu

I ndiaidh bhua an Domhnaigh, tá bhonn déag Uile-Éireann buaite ag Briege Corkery agus Rena Buckley, iad anois ar an mbeirt is rathúla i stair CLG. Is iontaí fós na héachtaí seo nuair a chuimhnítear ar na dúshláin a chuireann na heagraíochtaí, Cumann Peile Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta, os comhair imreoirí a bhíonn ag iarraidh an dá chód a imirt.

Faoi dhó i mbliana, bhí foirne peile agus camógaíochta Chorcaí ag imirt ar an lá céanna. I mí Bealtaine, agus foireann peile Chorcaí ag imirt in athimirt chluiche ceannais na sraithe, ní raibh Corkery ná Buckley in ann imirt i gcluiche ceannais an Mumhan don fhoireann camógaíochta. Bhí an fhadhb chéanna ann cúpla mí ina dhiaidh sin nuair a bhí an dá fhoireann ag imirt cluichí craoibhe. An uair seo, rinne Corkery agus Buckley cinneadh an dá chluiche a imirt taobh istigh de thrí uair a’ chloig dá chéile. Dar ndóigh, bhí siad scriosta faoin am a thosaigh an dara cluiche agus chaill an fhoireann peile amach ar chraobh na Mumhan.

Do chluiche a mbíonn sé deacair lucht leanúna a mhealladh chuige, is cúnamh mór iad Corkery agus Buckley agus an aird a tharraing siad ar chluiche an lae inné. Ba cheart go mbeadh Cumann Peile Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta ag baint leas as gaiscí na beirte seachas é a dhéanamh níos deacra dóibh an dá spórt a imirt.

Imreoir an Daingin Paul Geaney. INPHO/Cathal Noonan
Imreoir an Daingin Paul Geaney. INPHO/Cathal Noonan

Craobh na gClub buaite ag an Daingean agus deis ar ardú céime ag an nGaeltacht

Is iad an Daingean seaimpíní Chraobh na gClub i gCiarraí tar éis dóibh buachan ar churaidh na bliana seo caite, Na Crócaigh, i mBaile an Mhuileann inné. Bhí an Daingean faoi míbhuntaiste ó thús nuair nach raibh imreoir sinsear Chiarraí, Mikey Geaney, ná captaen na mionúr, Mark Ó Conchúir, in ann imirt, ach chuaigh siad chun cinn go luath sa chluiche, a bhuíochas le cúl ón imreoir contae eile, Paul Geaney.

Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 1-1 i gcoinne 0-5, agus an dá fhoireann anois ag imirt le 14 imreoir. Cuireadh captaen an Daingin, Maitiú Ó Flaitheartaigh, den pháirc sé nóiméad roimh leath ama, tar éis dó dhá chárta buí a fháil, ach tharla an rud ceannann céanna do Johnny Buckley ó Na Crócaigh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Ba iad clann Uí Ghéibheannaigh a bhí ag déanamh na scórála don Daingean sa dara leath, agus na col ceathracha Paul, Conor agus David ag fáil pointí dóibh. Bhí Na Crócaigh ag coinneáil leo, áfach, a bhuíochas d’iarrachtaí Colm Cooper agus Daithí Casey. Ach ba é cúl Cathal Ó Bambaire, a scóráil sé agus deich nóiméad fágtha, an scór cinniúnach agus d’éirigh le fir Chiarraí-Thiar fanacht chun cinn go dtí deireadh an chluiche.

Ar an Satharn, bhuaigh an Ghaeltacht ar Bhaile Mhic Eileagóid, 1-23 i gcoinne 1-5, i Roinn 3 de Sraith an Chontae. Fágann an bua sa dara háit sa tábla iad gan ach babhta amháin fágtha. Má bhuann an Ghaeltacht an cluiche sin i gcoinne Abhainn an Scáil, bainfidh siad ardú céime chuig Roinn 2 amach le haghaidh 2016.

Allianz Football League Division 1 16/3/2013 Donegal Dermot Molloy Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Allianz Football League Division 1 16/3/2013
Donegal
Dermot Molloy
Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer

Fir na nGleanta agus Leitir Ceanainn le dul i mbun coimhlinte i nDún na nGall arís

Casfaidh Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin ar a chéile don ceathrú huair in imeacht deich mbliana i gcluiche ceannais sinsear Dhún na nGall an mhí seo chugainn. Bhuaigh fir na nGleanta ar fhoireann Leitir Ceanainn i ndiaidh athimirt 2005 ach ba le Naomh Adhamhnáin a bhí an lá i 2009 agus 2012.

Farasbarr 11 phointe, 4-10 in aghaidh 0-11, a bhí ag Naomh Conaill ina gcluiche ceannais i gcoinne Chill Chartha ar an Domhnach. Ba é an t-iarimreoir contae, Dermot Molloy, laoch Naomh Conaill sa chéad leath, é ag fáil1-4 den 2-5 a fuair siad sa 30 nóiméad sin, Naomh Conaill seacht bpointe chun cinn ag an mbriseadh.

Fuair Leon Thompson agus Leo McLoone dhá chúl eile sa dara leath chun an bhearna a mhéadú agus Cill Chartha a dhíbirt as an gcraobh. Caithfidh na foirne céanna aghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta fós ach beidh Cill Chartha ag iarraidh taispeántas níos fearr a thabhairt uathu ná mar a thug siad inné.

Is iad curaidh na bliana seo caite, Naomh Adhamhnáin, atá ag fanacht le Naomh Conaill sa chluiche ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Mícheál oíche Dé Sathairn. Cé go raibh siad chun deiridh ag leath ama, bhí Naomh Mícheál dhá phointe chun cinn, 0-10 i gcoinne 0-8 leath bealaigh tríd an dara leath.

Is iontach an taithí atá ag Naomh Adhamhnáin, áfach, agus nuair a chuir cúil Lee McMonagle agus Conor Parke chun cinn iad sa cheathrú dheireanach, níor bhaol dóibh cailleadh ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí idirchontae agus Gaeltachta na deireadh seachtaine'