A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Agus Craobhacha Iomána agus Peile na bliana seo anois faoi lánseol, caitheann Tuairisic.ie súil ar a raibh le foghlaim ó na cluichí, fir nua Thiobraid Árann agus botún Chorcaí ina measc

John O'Dwyer ag scóráil pointe do Thiobraid Árann. INPHO/Cathal Noonan
John O’Dwyer ag scóráil pointe do Thiobraid Árann. INPHO/Cathal Noonan

Tiobraid Árann ar a seanléim agus meascán den sean agus den nua acu 

Tá  50 bliain ann ó bhí bua chomh mór ag Tiobraid Árann ar Chorcaigh i gCraobh Iomána na Mumhan agus i ndiaidh an taispeántais i nDurlas Dé Domhnaigh, tá daoine ag caint orthu arís mar an fhoireann is mó a thabharfaidh dúshlán Chill Chainnigh i mbliana. Ní ceart an iomarca a léamh as an gcluiche ó bhí Corcaigh chomh lag sin ach má bhí is cinnte  go raibh cuma láidir ar Thiobraid Árann.

cúpla bliain ann anois ó chonaic muid na Tiobradaigh i mbarr a maitheasa ach bhí siad gar go maith dó inné. Bhí na h-imreoirí is fearr acu, leithéidí Pádraic Maher, Brendan Maher, John O’Dwyer agus Séamus Callanan uile ar fheabhas ach tabharfaidh sé an-sásamh do lucht tacaíochta an chontae gur éirigh chomh maith leis na himreoirí nua a tugadh isteach.

Bhí Séamus Kennedy, Sean Curran, Dan McCormack agus John McGrath uile ag imirt a gcéad chluiche craoibhe do Thiobraid Árann ach níor chuir an ócáid mhór isteach orthu agus moladh ar leith tuillte ag Kennedy agus McGrath.

Foireann bainistíochta Chorcaí, Diarmuid O'Sullivan agus Kieran Kingston. INPHO/Ken Sutton
Foireann bainistíochta Chorcaí, Diarmuid O’Sullivan agus Kieran Kingston. INPHO/Ken Sutton

An fear mícheart pioctha ag Corcaigh mar chosantóir le cois?

I ndiaidh an chluiche inné, ba é ceann de na leithscéalta a bhí ag daoine maidir le drochthaispeántas Chorcaí nach raibh cleachtadh ag Corcaigh a bheith ag imirt le cosantóir le cois. Déanta na fírinne, níl  chomh fada sin ó d’úsáid Corcaigh an stíl imeartha sin agus d’úsáid siad go héifeachtach í chomh maith.

Tá cleachtadh maith ag Corcaigh ar an stíl imeartha, ach is imreoir difriúil a bhí ag imirt mar chosantóir le cois. Ina mbuanna ar an gClár agus ar Loch Garman i gcraobh na bliana seo caite, rinne Jimmy Barry Murphy, duine  de na bainisteoirí is mó a chloíonn leis an traidisiún, cinneadh imreoir breise a imirt i measc na gcosantóirí. Ba é Mark Ellis an fear a roghnaigh sé agus ba mhór an tionchar a bhí ag Ellis ar an gcluiche in aghaidh an Chláir, go háirithe.

Bhí Ellis ag imirt i nDurlas Dé Domhnaigh ach roghnaigh bainisteoir nua Chorcaí, Kieran Kingston, William Egan mar chosantóir le cois agus bhí an chuma air nach raibh sé in ann don dúshlán. Is í an cheist mar sin ná cén fáth gur roghnaigh an bainisteoir Egan san ionad sin in áit Ellis, fear a raibh cleachtadh níos mó aige ar an ról.

Peileadóir Loch Garman, Kevin O'Grady. INPHO/Ryan Byrne
Peileadóir Loch Garman, Kevin O’Grady. INPHO/Ryan Byrne

Drochlá do Loch Garman

Níor fhill ach 13,066 duine ar an dá chluiche i bPáirc an Chrócaigh oíche Shathairn. Ó tharla go raibh a gcuid iománaithe agus peileadóirí ag imirt, ba léir gurbh as Loch Garman a tháinig a bhformhór ach is drochlá ceart a bhí ann dóibh.

Ar dtús, bhí orthu breathnú ar cheann de na cluichí is measa an séasúr seo. Níor scóráil Cill Dara ach dhá phointe sa dara leath ach fós d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman, 0-9 in aghaidh 0-8. Bhí a mbainisteoir dóchasach go maith go ndéanfaidís dul chun cinn sna babhtaí cáilithe ach níl ach dhá chluiche cáilithe buaite acu le cúig bliana anuas.

Ansin, san iomáint, bhuail Baile Átha Cliath greadadh ar fhoireann Liam Dunne agus 13 pointe le spáráil acu, 2-19 in aghaidh 0-12. Bhí Loch Garman go láidir san imirt agus iad chun cinn i dtús an chluiche ach ghéill siad dhá chúl roimh an mbriseadh agus níor éirigh leo teacht aniar a dhéanamh.

Roanan O'Neill ag ceiliúradh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Roanan O’Neill ag ceiliúradh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Botúin bhunúsacha ag cur as do Dhoire

Tar éis don chaint uile atá déanta faoi stíl peile Chúige Uladh, is ó chic mór fada i dtreo an chúil a tháinig an chéad chúl a scóráil Tír Eoghain Dé Domhnaigh. Ní raibh ach seacht nóiméad imeartha nuair a scóráil Rory O’Neill an cúl sin ach léirigh sé an difríocht a bhí idir na foirne.

Ba é lánchúlaí Dhoir, Brendan Rodgers, a chaill seilbh na liathróide leath bealaigh suas an pháirc agus taobh istigh de roinnt soicindí bhí cúl faighte ag Tír Eoghain. Ní hé an cead a tugadh do Rodgers a bheith chomh fada sin  suas an pháirc an rud ba shiléigí faoin scéal, áfach. Ba mheasa an scéal nach raibh duine ar bith ag cúlú siar chun an spás a d’fhág sé a líonadh agus níor tugadh aon chúnamh d’Oisín Duffy agus é ag iarraidh O’Neill a mharcáil.

fheicfeá Tír Eoghain ag déanamh a leithéid de bhotún go deo. Sin ceann de na cúiseanna nach bhfuil cúl géillte acu sa chraobh le seacht gcluiche anuas agus go bhfuil siad anois ina rogha na coitiantachta chun Craobh Uladh a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'