A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann

Drochlá ag tosaithe Bhaile Átha Cliath, Keegan ag dul thar fóir agus Rock faoi bhrú –  ceachtanna ó chluiche ceannais na hÉireann idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo

A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann

Eoghan O’Gara le Chris Barrett. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Drochlá ag tosaithe Bhaile Átha Cliath

An bhfuil a fhios ag aon duine cén uair is deireanaí a d’imir tosaithe Bhaile Átha Cliath níos measa ná a d’imir siad inné? Ní raibh siad iontach i gcluiche ceannais na bliana seo caite ach fós d’aimsigh an seisear a thosaigh ceithre phointe ón imirt, a dhá oiread agus a fuair siad inné.

Scóráil lánchúlaí Mhaigh Eo, Donal Vaughan, an méid céanna ón imirt, dhá phointe, agus a scóráil Paul Flynn, Kevin McManamon, Ciarán Kilkenny, Dean Rock, Diarmuid Connolly agus Bernard Brogan, léiriú ar a  dhona agus a bhí siad.

Caithfear moladh a thabhairt do chosantóirí Mhaigh Eo as an obair a rinne siad chun imreoirí Jim Gavin a choinneáil faoi chois, ach fós, nuair a fuair tosaithe Bhaile Átha Cliath an spás, níor bhain siad leas as. Idir chiceanna saora agus iarrachtaí ón imirt, thug Baile Átha Cliath faoi na postaí 31 uair i rith an chluiche agus ní bhfuair siad ach naoi bpointe as na hiarrachtaí sin.

Agus iad faoi bhrú ag Maigh Eo sa dara leath, níor bhreathnaigh sé go raibh aon tosach seachas Paddy Andrews agus Paul Mannion, beirt a tháinig isteach mar ionadaithe, sásta dul sa seans agus ruathar a thabhairt faoi líne chosanta Mhaigh Eo. Chaith Baile Átha Cliath an chuid is mó den chluiche ag  seachadadh na peile anonn agus anall ó dhuine go duine agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh acu.

Greim Lee Keegan ar gheansaí Diarmaid Connolly
Greim Lee Keegan ar gheansaí Diarmaid Connolly

Níl dlí ar an riachtanas do Mhaigh Eo agus Keegan

Cé go mbeidh aiféala ar Dhiarmuid Connolly gur bhronn sé deis ar Mhaigh Eo cúilín an chomhscóir a fháil tar éis dó iarracht fhánach a thabhairt ar an gcúl ó chic taobhlíne, mhaithfeá dó an frustrachas a bhí air agus é ag breith crua air fiú seilbh na liathróide a fháil. Bhí Lee Keegan sa mhullach air ar feadh 76 nóiméad roimhe sin.

Is minic a deirtear gur duine tobann é Connolly ach is beag imreoir nach mbeadh spréachta faoin gcaoi a ndearna Keegan iarracht é a stopadh. Ó thús an chluiche, ní raibh spéis dá laghad ag Keegan sa liathróid agus é ag tarraingt as Connolly. Chaith sé Connolly chun talún sa chéad leath ach ní dhearna an réiteoir aon rud mar gheall air. Níor labhair sé leis an mbeirt go dtí déanach sa dara leath ach dá mbeadh a shúil aige orthu ón tús, seans nach é James McCarthy an t-aon imreoir a mbeadh an pháirc fágtha luath aige.

Is imreoir den scoth é Keegan ach bíonn sé ar tinneall i gcónaí agus é imithe thar fóir cúpla uair ag spochadh as imreoirí. Déarfaidh muintir Mhaigh Eo nach bhfuil dlí ar an riachtanas agus is cinnte gur oibrigh cur chuige Keegan – níor scóráil Connolly ach pointe amháin ó thrí iarracht sa chluiche – ach baineann cuid dá iompar dá cháil mar imreoir den scoth.

Dean Rock Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Dean Rock. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ní raibh Rock chomh buan le carraig

I ndiaidh a thaispeántais in aghaidh Chiarraí sa chluiche leathcheannais, bhí an chuma ar an scéal go raibh lucht a cháinte meallta ag Dean Rock. Agus daoine ag cur síos ar thosaithe Bhaile Átha Cliath roimhe sin, measadh Rock a bheith ar an duine is laige acu agus daoine den tuairim gur mar gheall ar a chumas ó na ciceanna saora amháin a bhí sé ag imirt. Fuair sé ardmholadh, áfach, nuair a d’éirigh leis 12 pointe a scóráil, péire ón imirt san áireamh, in aghaidh Chiarraí. Beidh air é féin a chruthú arís anois, áfach i ndiaidh dó drochthaispeántas a thabhairt uaidh i gcluiche ceannais na hÉireann arú inné.

Theip ar thosaithe uile Bhaile Átha Cliath dul i bhfeidhm ar an gcluiche, ach bhí teip Rock níos suntasaí fós mar chlis air leis na ciceanna saora, an bua is mó atá aige. Ní raibh ach trí cinn as 41 iarracht curtha amú aige sa chúig chluiche craoibhe a d’imir Baile Átha Cliath roimh chluiche an Domhnaigh ach chuir sé trí cinn agus cic 45m amú inné.

D’éirigh go maith le Paul Mannion agus go háirithe Paddy Andrews nuair a tháinig siad isteach inné agus beidh Rock faoi bhrú a áit a choinneáil don athimirt. Tá an t-ádh air gur imir an fear eile a bhíodh i mbun na gciceanna saora do Bhaile Átha Cliath, Bernard Brogan, níos measa fós agus b’fhéidir gurb é Brogan a gheobhaidh bata agus bóthar in áit Rock.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann'