A raibh le foghlaim ó chath Mhúscraí, éacht Tiger Woods agus cluichí na Príomhroinne

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de scéalta móra spóirt an deireadh seachtaine

A raibh le foghlaim ó chath Mhúscraí, éacht Tiger Woods agus cluichí na Príomhroinne

Deireadh seachtaine gnóthach do chumainn na Gaeltachta

Ba iad Béal Átha an Ghaorthaidh a thug an svae leo i gcath na gclubanna Gaeltachta sa chéad bhabhta i bpríomhghrád idirmheánach peile Chorcaí nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Abán i Maigh Chromtha inné. Ba iad fir Bhaile Bhuirne a bhí chun cinn ag leath ama ach bhí Béal Átha an Ghaorthaidh níos láidre sa dara leath. D’aimsigh Aindrias Ó Coinceannáin cúl cinniúnach ó chic éirice agus nuair a scóráil Diarmuid Mac Tomáis cúl eile in am cúitimh, bhí an beart déanta ag Béal Átha an Ghaorthaidh, 2-12 in aghaidh 1-9.

Bhí lá maith ag Cill na Martra i Maigh Chromtha inné chomh maith. Tar éis dóibh an chraobh idirmheánach a bhuachan anuraidh, bhuaigh an cumann Gaeltachta ar Éire Óg, 1-9 in aghaidh 0-8, sa chéad bhabhta den chraobh sa phríomhghrád idirmheánach. Ba é Shane Ó Duinnín a d’aimsigh an scór is tábhachtaí dóibh, nuair a fuair sé cúl agus sé nóiméad caite sa dara leath.

I gCiarraí, fuair Daingean Uí Chúis an ceann is fearr ar Sheamróga Neidín i gcluiche crua i gcraobh shinsir na gclubanna. D’aimsigh Conor Geaney cúl don Daingean sa chéad leath, rud a d’fhág ceithre phointe chun tosaigh iad ag leath ama agus cé go raibh na foirne ar comhscór arís sa dara leath, bhuaigh fir Chiarraí Thiar le dhá phointe ar deireadh, 1-14 in aghaidh 0-15.

Sa chraobh idirmheánach, bhí bua an-mhaith ag an nGaeltacht ar Ard Fhearta, 4-14 in aghaidh 0-10. D’aimsigh Ógie Ó Sé trí cinn de na cúil agus fuair Dara Ó Sé an ceann eile. Fágann an toradh go mbainfidh an Ghaeltacht áit amach sna babhtaí leathcheannais chomh fada agus nach gcailleann siad ag an mbaile in aghaidh Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge sa chluiche deireanach acu i nGrúpa 3 an deireadh seachtaine seo chugainn.

Tá deis ag Piarsaigh na Dromad áit a bhaint amach chomh maith sna babhtaí leathcheannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an gCoireán Dé Domhnaigh, 1-11 in aghaidh 2-6.

I bPort Láirge, bhí údar díomá ag peileadóirí na Rinne nuair a chaill siad sa chéad bhabhta den chraobh shinsir i gcoinne na Gailltíre. Bhí an Rinn pointe chun tosaigh ag leath ama tar éis do Donie Breathnach cic éirice a scóráil ach bhí briseadh croí i ndán dóibh sa dara leath nuair a scóráil an Ghailltír pointe i dtreo dheireadh an rud a d’fhág go raibh an fhoireann Ghaeltachta cloíte le haon phointe amháin, 1-5 in aghaidh 1-4.

D’éirigh níos fearr leis na foirne Gaeltachta a bhí ag imirt sa chéad bhabhta de chraobh shinsir peile Mhaigh Eo. Agus iad ar ais sa phríomhghrád tar éis blianta fada, bhí bua aon phointe amháin ag Béal an Mhuirthead ar Bhaile Chathail, 0-8 in aghaidh 0-7.

An farasbarr is lú a bhí idir Cill tSéadhna agus a gcéilí comhraic, Dáibhéidigh na Muaidhe, Dé Sathairn chomh maith agus ba iad fir na Gaeltachta a thug an lá leo, 0-7 in aghaidh 0-6.

Aiséirí Woods i measc na ngaiscí is mó sa spórt

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Cé go bhfuil neart buaite ag Tiger Woods i gcaitheamh a shaoil, seans gurbh é bua an lae inné in Augusta National an bua ab iontaí.

Éacht atá déanta ag Woods teacht ar ais agus ceann de na comórtais is tábhachtaí sa ghalf, b’fhéidir an ceann is tábhachtaí, a bhuachan.

2008 an uair dheireanach gur éirigh leis ceann de na mórchomórtais a bhuachan agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur thit rudaí as a chéile ina shaol. Bhí fadhbanna ina shaol pearsanta go mór i mbéal an phobail ar feadh cúpla bliain agus theip ar a cholainn freisin.

Bliain go leith ó shin, bhí Woods a raibh na blianta caite aige sa chéad áit i rangú domhanda an ghailf, bhí Woods tite siar go dtí an 1,199ú áit. Chuaigh sé faoi scian ceithre huaire chun fadhbanna lena dhroim a réiteach. Níor cheap daoine go mbéarfadh sé ar mhaide gailf arís, ná bac le comórtas a bhuachan.

Ansin inné, 3,955 lá tar éis dó ceann de na mórchomórtais a bhuachan den uair dheiridh, bhain Woods buaic an spóirt amach arís.

Tá gaiscí iontacha déanta ag daoine eile chun teacht ar ais go barr a ngairme, leithéidí Ben Hogan sa ghalf agus an tiománaí Niki Lauda, agus ba cheart Woods a áireamh ina measc anois.

Seans gur cluiche amháin a bheidh idir Liverpool agus éacht stairiúil

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

D’éirigh le Manchester City agus le Liverpool ina gcuid cluichí an deireadh seachtaine seo agus tá an chuma orthu go bhféadfaidís gach cluiche atá fágtha acu sa tsraith a bhuachan.

Má tharlaíonn sin, beidh tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche a imríodh eatarthu mí Eanáir.

Bhí deis ag Liverpool ag an am deich bpointe a chuir idir iad féin agus City ach bhuaigh foireann Pep Guardiola an oíche sin agus tá siad imithe ó neart go neart ó shin.

Má bhuann Liverpool agus City na cluichí uile atá fágtha acu, beidh an cluiche sin cinniúnach ó thaobh na staire agus ó thaobh na sraithe.

Bhí an seans ann go mbeadh an séasúr críochnaithe ag Liverpool gan aon chluiche a chailliúint, rud nach bhfuil déanta ach faoi dhó i bpríomhroinn Shasana, ag Preston North End in 1888-89 agus ag Arsenal in 2003-04.

Ní hamháin sin, má bhuann Liverpool na cluichí uile atá fágtha acu, críochnóidh siad ar 97 pointe. Dá mbeadh an cluiche in aghaidh CIty buaite acu chomh maith, bheadh 100 pointe acu, marc nár bhain ach foireann amháin eile amach riamh, City féin a bhain 100 pointe amach anuraidh.

Bhí sé soiléir ag an am go raibh bua City i mí Eanáir iontach tábhachtach dóibh ach níor tuigeadh ag an am díreach cé chomh tábhachtach us a bheadh sé.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chath Mhúscraí, éacht Tiger Woods agus cluichí na Príomhroinne'