‘A Phríomh-Aire, bí i d’aontachtóir mar a theastaíonn uainn go mbeifeá’ – teannas thall agus abhus faoi phrótacal an Tuaiscirt

Deir Boris Johnson go mbeadh sé sásta leas a bhaint as Airteagal 16 de Phrótacal Thuaisceart Éireann lena chinntiú nach mbeadh aon teorainn i Muir Éireann

‘A Phríomh-Aire, bí i d’aontachtóir mar a theastaíonn uainn go mbeifeá’ – teannas thall agus abhus faoi phrótacal an Tuaiscirt

Agus é ag caint i dTeach na dTeachtaí in Westminster inniu, dúirt Boris Johnson go mbeadh sé sásta leas a bhaint as Airteagal 16 de Phrótacal Thuaisceart Éireann lena chinntiú nach mbeadh aon teorainn i Muir Éireann. 

Dúirt an Príomh-Aire “go ndéanfadh sé gach ar féidir leo a dhéanamh, bíodh sin trí reachtaíocht nó trí leas a bhaint as Airteagal 16 de Phrótacal Thuaisceart Éireann lena chinntiú nach mbeadh aon bhacainn i Muir Éireann”. 

Dúirt an Feisire de chuid an DUP, Ian Paisley go ndearna an Prótacal “feall” air féin agus ar na daoine ina thoghcheantar agus go ndearna sé “eachtrannaigh ina dtír féin díobh” agus nach sásódh “tae agus trua” iad.  

“Céard go díreach a dhéanfaidh an Príomh-Aire nuair a thuigeann sé nach ndéanfaidh an tAontas Eorpach dada le cuidiú le Tuaisceart Éireann?” a d’fhiafraigh Paisley. 

D’iarr sé ar Johnson “seasamh lena fhocal” agus ligean d’fhir ghnó “na cáipéisí neamhriachtanacha a chur sa bhosca bruscair mar a dúirt sé linn a d’fhéadfaimis a dhéanamh”.

“A Phríomh-Aire, bí i d’aontachtóir mar a theastaíonn uainn go mbeifeá,” a dúirt feisire Aontroma Thuaidh. 

Dúirt Johnson go raibh “an frustrachas céanna” air féin is a bhí ar Paisley leis an  tslí a raibh  an tAE sásta an Prótacal a úsáid ar mhaithe le teorainn a chruthú, agus dul in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. 

Ar an teileafón ar maidin, dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster le Boris Johnson gur dóigh léi féin gur chóir an Prótacal a chaitheamh i dtraipisí.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha araon go raibh na daoine a bhí ag iarraidh deireadh a chur leis an bprótacal “go hiomlán míréadúil”. 

“Ní tharlóidh sé sin. Tá dualgas dlí faoi chonradh idirnáisiúnta ar Éirinn, an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach an prótacal sin a chur i bhfeidhm,” a dúirt Simon Coveney. 

“Ní hé an prótacal an fhadhb bhunúsach sa gcás seo, an Breatimeacht bun is barr na faidhbe, an cineál Breatimeachta a d’éiligh an Ríocht Aontaithe agus nach raibh sí sásta glacadh lena mhalairt. Bhí roghanna ann [seachas an prótacal] a bheadh i bhfad níos éasca le feidhmiú.”

Meicníocht is ea an prótacal a d’aontaigh an Ríocht Aontaithe agus an tAE mar chuid de na cainteanna aistarraingthe ionas nach mbeadh teorainn chrua ar oileán na hÉireann. 

An tAE ar dtús a tharraing Prótacal Thuaisceart Éireann isteach sa scéal san aighneas a bhí ar siúl idir iad féin agus AstraZeneca faoin soláthar vacsaíní don Aontas Eorpach. Ar neamhchead Rialtas na hÉireann chinn an Coimisiún go mbainfí leas as an gclásal cosanta, Airteagal 16 den phrótacal, le monatóireacht a dhéanamh ar easpórtáil vacsaíní AstraZeneca. 

Tá sé fógartha ag an DUP go bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí aontachtaithe a thabhairt le chéile le troid in aghaidh an phrótacail. 

Cuireadh seiceálacha ar bhia ar úsáideadh táirgí ainmhithe ina dhéantús ar ceal i gcalafoirt Latharna agus Bhéal Feirste inné de bharr imní a bheith ann faoi shábháilteacht na n-oibrithe calafoirt.  

Fág freagra ar '‘A Phríomh-Aire, bí i d’aontachtóir mar a theastaíonn uainn go mbeifeá’ – teannas thall agus abhus faoi phrótacal an Tuaiscirt'

  • An Teanga Bheo

    Deachtoir I Reim in uimhir a deic

  • An Teanga Bheo

    Deachtoir i Reim in uimhir a deic

  • S. Mac Muirí

    Tá deachtóirí 7 lucht scrios i dtír ar fud na hEorpa. Níl d’éagosúlacht idir iad 7 Uimh. 10 ach Muir nIocht 7 na ilbhéarlaí. Ní fios na milliúin daoine a loscadh leo sna tíortha cúil. Rith chun béil bhean an chommissariat, bhrúcht sé sin aníos inti óna domlas sotail.
    Is maith liom faire orthu go léir, ach a mbeith i bhfad uaim.