A ngealltanais maidir le hacht teanga curtha ar a súile do Rialtas na Breataine ag cruinniú

Bhuail Conradh na Gaeilge le Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith tráth a bhfuil sé ina imní go bhfuiltear ar tí an t-éileamh ar acht teanga láidir don Ghaeilge amháin a chur ó mhaith

A ngealltanais maidir le hacht teanga curtha ar a súile do Rialtas na Breataine ag cruinniú

Toscaireacht Chonradh na Gaeilge a bhuail le Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith inné

Tá a ngealltanais maidir le reachtaíocht teanga don Tuaisceart curtha ar a súile athuair do Rialtas na Breataine, tráth a bhfuil sé ina imní go bhfuiltear ar tí an t-éileamh ar acht teanga láidir don Ghaeilge amháin a chur ó mhaith. 

Tá ceist an achta Ghaeilge faoi chaibidil athuair ag na páirtithe ó thuaidh mar chuid de na cainteanna is déanaí faoi athbhunú Stormont agus bhuail Conradh na Gaeilge inné le Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith chun labhairt leis faoi chás na reachtaíochta.

Tá aighneas i gcónaí idir an DUP agus Sinn Féin maidir le ceist an achta, ceann de na constaicí is mó sa tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Dúirt an feisire parlaiminte de chuid an DUP Gregory Campbell go ndiúltódh a pháirtí d’éilimh “doghlactha agus míréasúnta” maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge. 

Dúirt ceannaire Shinn Féin Michelle O’Neill le déanaí go mbeadh acht Gaeilge mar chuid d’aon socrú a dhéanfaí maidir le hathbhunú Stormont, ach dhiúltaigh Conor Murphy, príomh-idirbheartaí an pháirtí, a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh siad sásta maolú a dhéanamh ar a n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin.

I ráiteas a chuir Conradh na Gaeilge amach i ndiaidh an chruinnthe le Julian Smith, dúradh athuair gur reachtaíocht láidir neamhspleách a theastaigh agus dúradh gur cuireadh an méid sin in iúl do Smith. 

“Mhínigh muid arís don Rúnaí Stáit inniu go bhfuil géarghá le reachtaíocht éifeachtach a chinntíonn athruithe agus cearta dóibh siúd ar mhian leo an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge. 

Dúirt sé go ndúradh leis an Státrúnaí ag an gcruinniú go gcaithfeadh aon reachtaíocht a thabharfaí isteach a bheith bunaithe “ar an dea-chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag” agus ar an reachtaíocht ó dheas, “díreach mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn”. 

D’fhág sin gur acht teanga don Ghaeilge amháin a bhí ag teastáil, a dúirt urlabhraí an Chonartha.

“Tá na hachtanna sin neamhspleách ó aon reachtaíocht eile. Cinntíonn siad cearta agus meas. Éascaíonn siad seirbhísí agus comharthaíocht. Aithníonn siad na teangacha sin mar theangacha oifigiúla. Bunaíonn siad oifigí coimisinéirí a dhéanann na teangacha sin a chosaint agus a chur chun cinn. 

“Is é sin an caighdeán reachtaíochta atá le cur i bhfeidhm ag an dá Rialtas agus ag na páirtithe. Ní féidir caitheamh linn mar phobal, mar theaghlaigh, mar scoileanna, mar shaoránaigh den dara grád a thuilleadh.”

Acht neamhspleách atá á éileamh ag lucht feachtais ach tuairiscítear go bhfuil an margadh atá á phlé faoi láthair an-chosúil leis an gcomhréiteach faoi acht Gaeilge a rinneadh in 2018, comhréiteach ar theip air nuair nár éirigh le lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis.

Dúirt Conradh na Gaeilge agus An Dream Dearg nach raibh an dréachtmhargadh sin sásúil ar chor ar bith agus nach raibh “seans ar bith” go nglacfaí leis an reachtaíocht lag a bhí molta ann. 

Tá imní ar lucht an fheachtais faoina bhfuil i ndán dá n-éileamh go háirithe ó d’fhógair Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith ag deireadh na bliana seo caite go raibh “plean réidh le cur san oigheann” ag na Tóraithe a thabharfadh “spreagadh as an nua” don déabhlóid.

Sa dréachtmhargadh a rinneadh in 2018, moladh go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge, reachtaíocht don Ultais agus scáthreachtaíocht cultúir a chuirfeadh meas ar theangacha agus ar an éagsúlacht chun cinn, acht dar teideal an ‘Respecting Language and Diversity Act’.

Is iad na ceithre bhunchloch atá leagtha síos ag an Dream Dearg don acht Gaeilge; stádas oifigiúil don Ghaeilge; Coimisinéir Teanga a chinnteodh go gcloífí leis an reachtaíocht; comharthaíocht dhátheangach; agus seirbhísí Gaeilge don phobal.

Is é Dé Luain seo chugainn, an 13 Eanáir, an sprioclá atá tugtha do na páirtithe chun teacht ar chomhréiteach maidir leis na cainteanna faoi athbhunú an fheidhmeannais. 

Fág freagra ar 'A ngealltanais maidir le hacht teanga curtha ar a súile do Rialtas na Breataine ag cruinniú'