‘A modern education’ don Ghaeltacht – smaoineamh a bhí ró-radacach do na húdaráis

Bhí smaoineamh cumhachtach ag an scoláire Blascaodach, George Thomson, ach chuir na húdaráis ina aghaidh agus níor fíoraíodh a aisling riamh ó shin

‘A modern education’ don Ghaeltacht – smaoineamh a bhí ró-radacach do na húdaráis

Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Bhí Muiris Ó Súilleabháin beagán míshocair tar éis é a bheith curtha i mbun dualgais in Indreabhán ag an nGarda Síochána.

Cé gur bhreá lena chroí a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht an athuair, tuigeadh dó tar éis tamaill nach raibh mórán le déanamh ann agus ba mhinic díomhaoin é. I mí Dheireadh Fómhair na bliana 1928, aistríodh Muiris go dtí an Cheathrú Rua. Má bhí beagán níos mó dualgas ansin air ina Gharda, ní go fonnmhar a thugadh sé faoina chuid oibre i gcónaí.

‘His whole nature’, a scríobh Seoirse Mac Tomáis (George Thomson), ‘rebelled against the idea of using the law against these destitute peasants’ (Robert Kanigel).

Is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin, a deirtear, agus ba é an chlasaic Fiche Bliain ag Fás a tháinig as an míshocracht agus an díomhaointeas seo sa deireadh. Mac Tomáis, ar ndóigh, a ghríosaigh an Súilleabhánach dul i mbun pinn, dála mar a dhein scoláirí teanga roimhe a thug cuairt ar an mBlascaod.

Seoirse Mac Tomáis

Bhí Mac Tomáis féin gafa go Gaillimh faoin am seo agus é ag obair mar léachtóir san Ollscoil. Chloistí Gaeilge na haon lá ar an gCladach an t-am sin agus bhí raidhse mórcheantar Gaeltachta le fáil chaon taobh den chathair, i gContae na Gaillimhe trí chéile, ceantar Chonamara ina measc. Beartaíodh stádas ar leith a bhronnadh ar an nGaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dá bharr.

Chabhraigh sé seo go mór le Mac Tomáis agus d’éirigh leis post a fháil ag múineadh na mórshaothar fealsúnachta trí Ghaeilge, ina measc scríbhinní Plato, Aeschlus, Sophlocles, Herodotus agus Homer. Dornán beag mac léinn a bhíodh aige ach thaitin a chuid léachtaí thar barr leo, de réir tuairisce.

Tar éis dó cabhrú le Muiris Ó Súilleabháin Fiche Bliain ag Fás a fhoilsiú, bhuail flosc agus díograis as cuimse é agus bheartaigh sé sraith léachtaí a thabhairt as Gaeilge san Ollscoil i réimsí na staire agus na ndaonnachtaí. Thagadh na sluaite, muintir na Gaeltachta ina measc:

‘I conceived the idea of using the language as a means of giving [the people of the Gaeltacht] a modern education so that they could adapt their culture to modern conditions. I thought that, given an up-to-date education in their native language, they could be introduced to modern life without losing their culture in the process.’

Theastaigh uaidh aghaidh a thabhairt ar an nGaeltacht féin ina dhiaidh seo. Maicréil nó ‘ronnachaí’ is mó a bhíodh á n-iascach i nDún Chaoin agus in áiteanna eile; cad mar gheall ar léacht a thabhairt ar sceitheadh na maicréal agus ar scéal a mbeatha sa bhfarraige, ó ghiniúint go bás? Bheifí ag tarraingt ar chúrsaí bitheolaíochta, meitéareolaíochta, ceimice, agus go fiú cúrsaí eacnamaíochta ina leithéid de chaint. Agus í ar fad i nGaeilge.

‘If we began in this way, dealing with matters that concern the lives of the people closely, there is no doubt that we would be able to arouse interest in the origins of things.’

Is cinnte go n-éireodh le léachtaí dá shórt, a dúirt sé, ‘if only a start were made’.

Bhí breall ar Sheoirse bocht, áfach.

Níorbh fhéidir léachtaí dá sórt a thabhairt amuigh faoin spéir agus b’éigean cead a fháil ó shagart paróiste chun halla scoile a úsáid i bhformhór na bparóistí.

‘I had not proceeded far with my arrangements when it was made plain to me that there was not a priest…the length and breadth of Connemara who would dream of permitting his school to be used for anything so subversive,’ a scríobh sé.

Is beag tacaíocht a fuair sé ón Ollscoil ach oiread, ná ón Aireacht Oideachais, toisc go raibh an bóthar tugtha d’Earnán de Blaghd faoin am seo.

D’fhill Thomson ar Cambridge go luath ina dhiaidh. Ag machnamh dó ar an tréimhse a chaith sé i nGaillimh, scríobh sé:

‘The authorities did not want the peasants to be educated. It might put ideas into their heads. It might inspire them to demand an improvement in their lot. The authorities saw this more clearly even than I did…’

Fear amháin a bheadh ar aon fhocal le Thomson is ea Noam Chomsky, ach sin scéal do lá eile.

Fág freagra ar '‘A modern education’ don Ghaeltacht – smaoineamh a bhí ró-radacach do na húdaráis'