A mianach léirithe ag Gaoth Dobhair ach lá eile ar Mhicheál Breathnach

Fuair Gaoth Dobhair an ceann is fearr ar Chill Charthaigh sa chluiche mór i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo ach tá rás Chiarraí Thiar rite i gCiarraí agus tá athimirt roimh Mhicheál Breathnach i gcraobh idirmheánach na Gaillimhe

A mianach léirithe ag Gaoth Dobhair ach lá eile ar Mhicheál Breathnach

Kevin Cassidy Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dún na nGall

Thug Gaoth Dobhair taispeántas láidir i mBealach Féich inné nuair a dhíbir siad Cill Charthaigh as craobh shinsir peile Dhún na nGall. Ba iad Cill Charthaigh rogha na n-údar don chluiche leathcheannais seo ach ní raibh siad i mbarr a maitheasa inné agus ba iad Gaoth Dobhair a bhí i gceannas den chuid is mó. An chraobh a bhaint den dara bliain as a chéile a sprioc anois.

Bhí na cúil a d’aimsigh Gaoth Dobhair cinniúnach.

Bhí Cill Charthaigh dhá phointe chun tosaigh go dtí go bhfuair Éamonn Ó Colm an chéad chúl do Ghaoth Dobhair tar éis 21 nóiméad agus ní raibh fir Mhachaire Gathlán chun deiridh arís.

D’aimsigh Odhrán Mac Niallais agus Kevin Cassidy pointí dóibh roimh leath ama agus thug Gaoth Dobhair aghaidh ar na seomraí feistis agus iad dhá phointe chun tosaigh, 1-4 in aghaidh 0-5.

Chuir siad tús iontach leis an dara leath nuair a fuair Dáire Ó Baoill cúl den scoth chun an bhearna sin a mhéadú agus chuir cúilín eile ó Mhac Niallais sé phointe idir na foirne, 2-5 in aghaidh 0-5.

Neartaigh Cill Charthaigh ina dhiaidh sin agus d’aimsigh siad ceithre phointe as a chéile chun ach fuair Naoise Ó Baoill scór tábhachtach do Ghaoth Dobhair agus bhí an lag trá caite.

Péire de chúilíní a bhí idir na foirne nuair a tháinig scór cinniúnach an chluiche tar éis 53 nóiméad. Thit iarracht Odhráin Mhic Niallais i mbéal an chúil, rug Kevin Cassidy ar an liathróid, chas an lántosach agus bháigh sé an pheil san eangach. B’in cúig chúilín idir na foirne arís.

Níor éirigh le Cill Charthaigh teacht aniar a dhéanamh agus faoin am gur tháinig deireadh leis an gcluiche, bhí farasbarr ceithre chúilín ag Gaoth Dobhair, 3-8 in aghaidh 0-12.

Imreoidh Gaoth Dobhair anois i gcoinne Naomh Conaill sa chluiche ceannais. Chas na foirne céanna seo ar a chéile i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Bhain Naomh Conaill áit amach i gcluiche ceannais 2019 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Adhamhnáin, 0-15 in aghaidh 1-11. D’aimsigh Eoghan McGettigan cic saor in am cúitimh chun bua aon phointe amháin a thabhairt d’fhir na nGleanntach.

Gaillimh

Fiontán Ó Curraoin (Micheál Breathnach). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Mar a tharla anuraidh, tá peileadóirí Mhicheál Breathnach ag fáil réidh d’athimirt i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae tar éis do chluiche an lae inné idir iad féin agus Uachtar Ard críochnú ar comhscór.

Thuigfeá do lucht tacaíochta Mhicheál Breathnach má cheap cuid acu go raibh an beart déanta acu agus iad pointe amháin chun tosaigh agus nach mór ceithre nóiméad d’am cúitimh imeartha ach ba é Matthew Tierney a thug Uachtar Ard slán agus cic saor 45m scóráilte aige leis an gcic deireanach chun na foirne a fhágáil ar comhscór, 0-14 an taobh.

Is beag a bhí idir na foirne i gcaitheamh an chluiche. Bhí Micheál Breathnach 0-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh agus thart ar 20 nóiméad imeartha agus ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne ag leath ama, fir na Gaeltachta chun tosaigh, 0-5 in aghaidh 0-3.

Bhí cóir na gaoithe le hUachtar Ard sa dara leath agus bhí na foirne ar ais ar comhscór leath bealaigh tríd an dara leath sin. Bhí Micheál Breathnach ar a mine ghéire a gcéilí comhraic a chur de dhroim seoil, agus d’aimsigh Seán Denvir scóranna maithe dóibh. Ach d’fhan Uachtar Ard leo agus beidh cluiche eile ag teastáil chun iad a scaradh óna chéile. Faoi cheann coicíse a imreofar an cluiche athimeartha, Dé Sathairn an 19 Deireadh Fómhair.

I Staid an Phiarsaigh chomh maith a bhí an cluiche leathcheannais sa gcraobh shinsir peile idir Maigh Cuilinn agus Réalta Thuama. Bhí Maigh Cuilinn ag iarraidh cluiche ceannais an chontae a bhaint amach den chéad uair le breis agus dhá scór bliain ach chlis orthu sa dara leath i mBóthar na Trá inné.

D’aimsigh Jamie Murphy an chéad chúl sa chluiche do Réalta Thuama díreach roimh leath ama ach nuair a scóráil Niall Walsh cúl do Mhaigh Cuilinn díreach ina dhiaidh, d’fhág sé go raibh Maigh Cuilinn ceithre phointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 1-6 in aghaidh 1-2.

Mhéadaigh siad an bhearna sin ag tús an dara leath ach leath bealaigh tríd an dara leath, d’aimsigh fir Thuama 2-5 gan aon fhreagra ó Mhaigh Cuilinn rud a d’fhág ceannas acu ar an gcluiche agus níor éirigh le Maigh Cuilinn aon teacht aniar a dhéanamh. Imreoidh Réalta Thuama foireann Chora Finne i gcluiche ceannais an chontae.

Sa chomórtas dícháilithe, drochlá a bhí ann do Naomh Anna, Leitir Móir, agus iad buailte go dona ag Bearna, 1-19 in aghaidh 1-8. Cúig phointe a bhí idir na foirne ag leath ama, Naomh Anna chun deiridh, agus chuaigh Bearna níos faide chun tosaigh ag tús an dara leath.

D’aimsigh Oisín Mac Donnacha cúl do Naomh Anna leath bealaigh tríd an dara leath chun cúig phointe a chur idir na foirne ach scóráil DD Ó Flatharta cic éirice do Bhearna roimh dheireadh an himeartha agus b’in deireadh dóchais ag Naomh Anna.

Caithfidh Naomh Anna foireann Cill Fhir Iarainn a bhualadh le seans ar bith a bheith acu fanacht i ngrád na sinsear ach, agus ó tharla iad faoi mhíbhuntáiste anois ag difríocht na scór, ag snámh in aghaidh easa a bheidh siad.

Ciarraí

Brian Ó Beaglaoich (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cé go raibh peileadóirí Chiarraí Thiar deich bpointe chun tosaigh ag tráth amháin sa chéad leath, theip orthu an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Neidín sa chluiche a imríodh i mBabhta 3 den chraobh shinsir inné, rud a fhágann go bhfuil rás na foirne i gcraobh na bliana seo rite.

Chuir Ciarraí Thiar tús iontach leis an gcluiche agus bhí siad 2-4 in aghaidh 0-0 chun cinn agus thart ar 20 nóiméad imeartha. D’aimsigh PJ Mac Láimh cúl leis an gcéad scór den chluiche tar éis dá chomhghleacaí ó chumann caide na Gaeltachta Bhrian Ó Bheaglaoich sárobair a dhéanamh chun an deis a chruthú. Ba é Ó Beaglaoich a d’aimsigh an dara cúl tar éis dó imeacht ar ruathar fada suas an pháirc chun Ciarraí Thiar a chur 2-2 in aghaidh 0-0 chun cinn.

Ba é Seán O’Shea a d’aimsigh an chéad scór d’fhir Neidín tar éis 24 nóiméad agus bhí an bhearna laghdaithe go dtí cúig phointe acu ag leath ama tar éis do Paul O’Connor cúl a scóráil, 2-5 in aghaidh 1-3.

Más í foireann Chiarraí Thiar a bhí i gceannas ag tús an chéad leatha, a mhalairt a tharla ag tús an dara leath nuair a fuair Seamróga Neidín cúig phointe as a chéile chun teacht ar ais ar comhscór.

Bhí beagnach 20 nóiméad imeartha sa dara leath faoin am go bhfuair Ciarraí Thiar an chéad scór eile agus nuair a d’aimsigh Paul O’Connor cúl eile don Neidín agus 51 nóiméad imeartha, bhí Ciarraí Thiar chun deiridh den chéad uair, 2-9 in aghaidh 2-7.

Theip ar Chiarraí Thiar an bhearna sin a dhúnadh agus bhí trí phointe idir na foirne ag deireadh an chluiche, 2-11 in 2-8.

Fág freagra ar 'A mianach léirithe ag Gaoth Dobhair ach lá eile ar Mhicheál Breathnach'