A Mhonsieur Trichet, a chara…

An litir ba chóir do Ciarán Lynch a scríobh chuig Jean Claude Trichet

Jean Claude Trichet President of the European Central Bank (ECB)at the ECOFIN meeting in Punchestown in County Kildare, Ireland.3/4/2004

Níl an coiste Oireachtais a dhéanfaidh iniúchadh ar na bainc bunaithe go foirmeálta fós.

A luaithe a rithfear an rún cuí sa Dáil an mhí seo chugainn, seolfar litir ag iarraidh fianaise chuig Banc Ceannais na hEorpa, agus chuig Jean Claude Trichet, a bhí ina Ghobharnóir ar an mBanc ó 2003 go dtí 2011.

Eisean a bhí i gceannas nuair a cuireadh brú ar Éirinn glacadh le plean cabhrach an IMF agus Aontas na hEorpa.

Tá dréacht thíos den chineál litreach ba chóir don Choiste (agus don Taoiseach, más gá) a scríobh chuig Monsieur Trichet mura dtoileoidh sé comhoibriú.

Níl ann ach tairiscint phearsanta, ach beidh an riachtanas soiléir de réir mar a théann baill an Choiste i mbun oibre.

 

DRÉACHT-LITIR CHUIG IAR-UACHTARÁN BCE JEAN CLAUDE TRICHET

LEAGAN GAEILGE

A Uachtaráin* uasail,

Tá súil againn go nglacfaidh tú leis an teachtaireacht dea-mhéine seo atá á seoladh chugat lenár mórmheas agus le gach dea-ghuí.**

Mar is eol duit, tá gach rud a tharla agus a bhaineann le hábhar sarar chlis ar bhainc na hÉireann i 2008, agus as sin go dtí gur shínigh rialtas na hÉireann Clár Cabhartha an IMF agus Aontas na hEorpa i 2010, á iniúchadh ag an gCoiste seo.

Chabhrófá go mór leis an iniúchadh sin dá ndéarfa linn go mbeifeá toilteanach i bprionsabal teacht go Baile Átha Cliath d’fhonn ceisteanna a fhreagairt a bhaineann go dlúth agus go díreach le téarmaí tagartha an Choiste (cóip faoi iamh).

Tá súil ag comhaltaí an Choiste go mbeidh tú toilteanach (a) teacht os a gcomhair agus (b) litreacha, meamraim, miontuairiscí áirithe agus cáipéisí eile a chur ar fáil dúinn. Déanfaidh mé cur síos iomlán ar an ábhar atá uainn a chur chugat faoi cheann míosa.

Idir an dá linn, ba mhaith liom fianaise áirithe a lorg.

Is éard atá i gceist agam ná litir a chuir tú chuig Aire Airgeadais na hÉireann Brian Lenihan, nach maireann, ar 19 Samhain 2010.

Mar is eol duit, dhiúltaigh Banc Ceannais na hEorpa cheana féin d’iarratas foilsithe a chuir an t-iriseoir Gavin Sheridan ó www.thestory.ie chucu.

Sara bhfuair sé bás, dúirt Brian Lenihan gur cuireadh brú go tobann ar Éirinn glacadh le plean cabhrach, agus gur i do litirse a dúradh leis an chéad uair gur theastaigh ón mBanc go mbeadh Éire páirteach sa phlean.

Mar is eol duit, ceapann go leor Éireannach gurbh ionann an litir agus bagairt go mbeadh Éire banchbhriste mura nglacfaí leis an bplean.

Bheinn buíoch, a Uachtaráin, dá gcuirfeá freagra – i bprionsabal, ar a laghad – ar na ceisteanna thuas chugam gan mhoill.

Is mise le meas

Ciarán Lynch TD

Cathaoirleach

 

FAINIC: NÁ CUIR NA NÓTAÍ SEO SA LITIR A SHEOLFAR CHUIG MONSIEUR TRICHET

* Is é Mario Draghi, ar ndóigh, atá ina Uachtarán ar Bhanc Ceannais na          hEorpa faoi láthair. Tuigtear áfach go gcoinnítear ard-teidil oifige sa bhFrainc, fiú tar éis do dhaoine a ceapadh éirí as oifig.

** Ní foláir litreacha foirmeálta a chuirtear sa bhFrainc a thosú mar seo. Is mar dhrochbhéasa a bhreathnófar ar easpa briathar dá leithéid. Leagan Fraincise: “Veuillez agréer Monsieur l‘expression de nos salutations distinguées et je voidrais vous envoyer nos salutations dévouées.”

NÓTA: Ar fhaitíos na míthuisceana, ná scríobh ‘A Uachtaráin, a chara’.

Fág freagra ar 'A Mhonsieur Trichet, a chara…'