‘A Mhamaí, tá sé alright agatsa, oibríonn an scáthán duitse…’

Dá mba vaimpír fhéin é an Babaí, shílfeá gur ag iarraidh faobhar is loinnir a choinneáil sna goineoga a bheadh sé…

‘A Mhamaí, tá sé alright agatsa, oibríonn an scáthán duitse…’

‘Emm Mamaí, tá sé alright agatsa, oibríonn an scáthán duitse!’ arsa an Babaí agus an chuma air go raibh dóthain ráite aige agus an cath buaite.

Cath fánach amháin a bhí ann as an bpéire a bhíonn againn gach lá i gcoimhlint fhada scuabadh na bhfiacla.

An ról atá agamsa sa gcoimhlint ná iallach a chur air a chuid fiacla a ghlanadh maidin agus tráthnóna. An ról atá aigesean inti ná éalú ó phionós na bhfiacla chomh minic is atá sé in ann.

Tá muid cothrom go maith ar chlár na scór go dtí seo. Is é sin le rá go scuabtar na fiacla leath den am nó  go ndéantar leathscuabadh orthu cuid den am.

Ní dhearna a ráiteas aon chiall dom. Cén chaoi nach n-oibreodh an scáthán dhó? Agus cén bhaint a bhí aige sin le scuabadh na bhfiacla?

Más tada é, is mise an duine nach bhfuil an scáthán ag oibriú dóibh. Nó, níl sé ag comhoibriú liom, ba chóir dom a rá.

Dá fhaide a théann an lá ar aghaidh is lú comhoibriú a fhaighim ón scáthán céanna. Bhí sé chomh dóigh aige an croí a chur trasna uilig ionam dá bhfaighinn amharc díom féin as corr mo shúile gan aon choinne agam leis i lár na hoíche.

Go deimhin, ní hamháin nach bhfuil an scáthán ag obair i gceart dom, ach sílim gur ag iarraidh dochar a dhéanamh dom atá sé.

Ach an oiread le Covid-19 agus Zoom.com, ní mór dom a bheith ar an airdeall 24/7 le faitíos go bhfaigheadh siad greim orm is go ndéanfadh siad damáiste do mo shláinte corp-intinne-anama nach bhféadfaí a chur ina cheart arís.

‘Nach bhfuil an scáthán ag oibriú chomh maith céanna duitse is atá domsa,’ a deir mé leis, ‘más tada é, is ag obair níos fearr duitse atá sé.’

Dá mbeadh breith ar m’aiféala agam ní bheinn gaibhte síos bóithrín na díchéille, ach mar a deir an té a dúirt, is fearr amharc amháin romhat ná dhá amharc i do dhiaidh.

‘Níl mé in ann mé fhéin a fheiceáil sa scáthán,’ a mhínigh sé dom i nglór atá fadfhulangach, loighciúil do dhuine atá ag déileáil le hamadáin is óinseacha ar chuile thaobh dhe.

An t-aon dream nach bhfuil in ann iad fhéin a fheiceáil sa scáthán, go bhfios dom, ná na vaimpírí. Bhreathnaigh mé go grinn air, an raibh sé ag rá liom gur bhain sé le cine miotaseolaíochta súmairí fola is nach raibh sé in ann a chuid fiacla a scuabadh ar an údar sin?

‘Is cuma liom!’ a dúirt mé. ‘Ní theastaíonn scáthán uait leis an scuab a chuimilt ar do chuid fiacla.’

Níl mórán ar eolas agam faoi nósanna sláinteachais béil na vaimpírí ach shamhlófá go dtabharfadh siad aire mhaith do na fiacla. Dá mba vaimpír fhéin é, shílfeá gur ag iarraidh faobhar is loinnir a choinneáil sna goineoga a bheadh sé.

‘Is gearr go mbeidh sibh ag dul go dtí an fiaclóir agus caithfidh na fiacla a bheith glan nó beidh air iad a sciúradh le meaisín,’ a dúirt mé ag súil go gcuirfeadh an bhagairt deireadh le cath na hoíche.

‘An dtabharfaidh sé lollipops dúinn?’ a d’fhiafraigh sé díom agus dóchas ina ghlór.

Fág freagra ar '‘A Mhamaí, tá sé alright agatsa, oibríonn an scáthán duitse…’'