‘Tá an Boss Lady imithe amach Mamaí!’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag agus í ag rith isteach an doras cúil agus fuadar fúithi, ‘is tá trí cinn de na cearca escapáilte léi.’
Leis sin, chas sí ar a sáil, agus an Babaí in éineacht léi, is rith siad amach arís i dtreo an dorais chúil.
‘Cé?’ a deir mé, agus d’éirigh mé de léim amach as an gcathaoir agus thosaigh ag rith ina ndiaidh. Cé hí an Boss Lady, a chuimhnigh mé, agus cén gnó a bhí aici leis na cearca?
Bhí muid ar cuairt ar Mhamó Inis Oírr agus bhí post mór tábhachtach faighte ag an gCailín Mór Beag agus An Babaí ar a gcuid laethanta saoire agus iad féincheaptha ina bpríomhbhainisteoirí ar bhailiú na n-uibheacha ó na cearca gach maidin.
Ní fhéadfainn a rá go raibh aon traenáil déanta acu roimh ré, ach thug siad faoin obair le fonn agus díograis. Ar féidir a bheith ródhíograiseach?
‘Sin í thall í!’ a deir an Cailín Mór Beag agus í ag pointeáil i dtreo chircín rua a bhí ag cartadh thall i dtóin an gharraí ar an bhfoscadh faoin gcrann úll, ‘An Boss Lady!’
Mura mbeadh a fhios agat a mhalairt, déarfá gur gnáthchearc a bhí inti. Ní déarfá ar an gcéad radharc gur máistirchoirpeach a bhí inti ná go raibh ardscileanna éalaithe ar a toil aici.
Ná is beag a cheapfá gurb í ceannaire na gcearc í, go raibh diantraenáil agus pleanáil déanta aici ar na cearca eile is nach raibh sa ngníomh gaisce éalaithe ach a thús.
‘Ar fhág sibh doras an chró ar oscailt?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí agus imní orm go raibh dearmad déanta acu an doras a dhúnadh arís théis na huibheacha a bhailiú. ‘Níor fhág,’ a dúirt sé. Chuaigh muid anonn go dtí an cró agus sheiceáil muid na doirse ar fad, bhí siad ar fad dúnta i gceart.
‘Cén chaoi a ndeachaigh siad amach, mar sin?’ a dúirt mé agus mearbhall orm.
‘Tá sé sin pleanáilte aici le fada,’ a dúirt an Cailín Mór Beag, bleachtaire na gcearc, agus údarás ina glór. ‘Bhí sí ag faire ar a seans,’ a mhínigh sí, ‘agus thug sí na trí cinn eile léi.’
‘Sin é a tharla,’ a d’aontaigh an Babaí agus a shaineolas domhain ar chearca á roinnt aige liom.
‘Seo’d é an áit a ndeachaigh siad amach,’ agus slat adhmaid á phointeáil aige i dtreo na háite a mheas siad gur éirigh leis na cearca imeacht amach.
Chaithfinn a admháil go mba ghníomh gaisce a bhí ann ag an mBoss gur éirigh léi a ghabháil amach ann. Ní raibh ann ach scoiltín beag idir fráma an phúirín agus an líon sreinge.
‘Ag magadh fúinn atá sí anois,’ a deir an Cailín Mór Beag, ‘breathnaigh thall í agus í ag damhsa.’
Bhreathnaigh mé anonn ar an éalaitheach agus a comhluadar. ‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil sí ag magadh fúibh?’ a deir mé.
Ní chuirfinn an cheist ach amháin nach raibh aon chuma uirthi go raibh a fhios aici gur ann nó as a bhí muid.
‘Ó, tá,’ a deir an Cailín Mór Beag agus a súile á gcaolú aici, ‘tá mé céad fán gcéad cinnte.’
Colin Ryan
Scríbhneoireacht an-deas – scéal greanta greannmhar á dhéanamh de mion-imeachtai an tsaoil.
Eilís ní Anluain
Is mór an spórt an miondráma seo a léamh – mar atá beirthe agat ar chaint ghleoite na ngasúr.
Cabríní de Barra
Bainim an-sult go deo as cloisteáil faoi eachtraí, údarás agus gaois na leanaí seo. Scríobhneoireacht álainn agus greannmhar i gcónaí faoi draíocht an saol trí shúile páistí.