A Mhamaí, inis dom: cén fáth nár cuireadh stop leis an gcogadh san Úcráin?

Beidh ceisteanna crua á gcur faoin doirteadh fola san Úcráin faoi cheann 20 bliain

A Mhamaí, inis dom: cén fáth nár cuireadh stop leis an gcogadh san Úcráin?

Abair go mbeidh tuismitheoir ag plé ionsaí na Rúise ar an Úcráin le déagóir cliste i gceann fiche bliain. In 2042 beidh cruacheisteanna á gcur faoin doirteadh fola a d’éascaigh mífhreagracht, mífhonn agus neamhshuim na gcomharsan i mbliana agus a fhreagrófar, b’fhéidir, mar seo.

Tá aiste le scríobh agam faoi rud a tharla san Úcráin fiche bliain ó shin. Dúirt an múinteoir staire linn cuimhní a bhailiú ónár dtuismitheoirí mar chéad chéim den taighde. An bhfuil mórán cuimhní agat ar an scéal?

Go leor cuimhní a thaisce. Bhain an cogadh sin croitheadh mór as daoine ar fud na hEorpa. Fiú amháin in Éirinn cé go bhfuil Kyiv, príomhchathair na hÚcráine breis agus trí mhíle ciliméadar soir ó Bhaile Átha Cliath.

Ní maith le daoine cogadh in áit ar bith, am ar bith. Dúirt tú gur bhain sé croitheadh asat agus as go leor daoine eile san Eoraip. Cén fáth?

Toisc gur shíleamar nach rachadh tíortha san Eoraip i mbun cogaidh arís. Ceart go leor, bhí droch-chogadh sna Balcáin sna 1990idí ach ní cogadh iomlán idir rialtais a bhí ann. Breis agus fiche bliain i ndiaidh an chogaidh sin, agus breis agus seachtó bliain ó cuireadh deireadh leis an dara cogadh domhanda, shíleamar go gcoinneodh cuimhne ar ré an uafáis san Eoraip síocháin i réim, san Eoraip ar a laghad.

Bhí sibh soineanta mar sin, nach raibh?

Fan ort, bhí rudaí eile i gceist. Conarthaí go háirithe. Mar shampla, nuair a bunaíodh an Úcráin (a bhíodh ina réigiún san Aontas Sóivéadach go dtí gur thit an tAontas as a chéile i 1991) mar thír neamhspleách, shínigh an Rúis conradh a gheall nach n-ionsódh sí an Úcráin.

Tuigim, shílfeá nach gcuirfeadh rialtas freagrach conradh chomh soiléir ó mhaith, mar a tharla in 2022.

Ba chóir dom tagairt do gheallúint eile, nár cuireadh ar pháipéar riamh, ach a thug na Stáit Aontaithe, an Ghearmáin agus an Bhreatain (cúis gháire, aontaím leat) nach mbeadh tíortha iarChumannacha oirthear na hEorpa páirteach i NATO. Rud a tharla, agus a chuir fearg réasúnta ar na Rúisigh toisc tíortha cóngarach di a bheith ina gcomhaltaí d’eagraíocht mhíleata ainneoin na ngeallúintí.

Tá do fhreagraí ag dul chun leadráin arís a Mhamaí, agus NÁ breathnaigh orm mar sin. Seo ceist shimplí. Freagra simplí led’ thoil, agus gairid. An raibh cúis réasúnta ar bith ag an Rúis agus iad ag ionsaí na hÚcráine in 2022.

Ní raibh. Ní raibh an Úcráin páirteach i NATO an uair sin, cé go raibh sé ráite ag an rialtas i Kyiv gur mhaith leo a bheith páirteach ann. Ach dáiríre is é sotal cheannaire na Rúise Vladimir Putin ba chúis leis an ionsaí. Dúirt sé nár thír dháiríre í an Úcráin agus nár chóir di a bheith neamhspleách dáiríre.

Cén fáth nár thairg tíortha eile cabhair mhíleata, is é sin le rá saighdiúirí, don Úcráin sular thosaigh an t-ionsaí?

Trí chúis. Toisc gur shíleadar go mbeadh sé sásta le forlámhas ar stráice den tír, mar a thóg sé nuair a ghabh sé seilbh ar an Chrimé in 2014.

Dearcadh seafóideach, agus soineanta.

Aontaím leat, ach bíonn fonn ar gach rialtas achrann idir tíortha eile a sheachaint mura mbaineann sé go díreach leo. 

An dara cúis: shíl tíortha eile (go dtí cúpla seachtain roimh an ionsaí) nach ndéanfadh na Rúisigh rud chomh huafásach a dhéanfadh a n-aimhleas féin agus a dhoirtfeadh an oiread sin fola san Úcráin.

Dochreidte.

An-éasca a rá anois go raibh a muinín dochreidte. Gheall ionadaithe na Rúise arís agus arís eile nach raibh ionsaí beartaithe acu. Mar shampla, sin a dúirt ambasadóir na Rúise in Éirinn, Yuri Filatov ar RTÉ coicís roimh an ionradh. Ní raibh sa chaint ar ionradh ach caint bhuile, a dúirt Filatov. Ní raibh cúis pholaitiúil, eacnamaíochta ná míleata, ná cúis ar bith ann, dar leis-sean, go ndéanfadh an Rúis a leithéid.

Is féidir leatsa éisteacht lena ráiteas anseo. Naoi lá tar éis don ambasadóir an méid sin a rá, chuaigh arm a thíre thar teorainn isteach san Úcráin. 

Tamall ina dhiaidh sin, ní nach ionadh, thug an rialtas le fios nach raibh muinín acu as níos mó agus d’iarr siad air filleadh ar Mhoscó.

Dúirt tú go raibh trí chúis le neamhfhonn tíortha eile tacaíocht dháiríre a thabhairt don Úcráin. An dainséar núicléach?

Maith an cailín. Sin é go díreach. Bhí cúis nó leithscéal acu a bhain lena mballraíocht i NATO, toisc nár chlúdaigh gealltanas tacaíochta na heagraíochta neamhchomhaltaí.

Thar aon rud eile, bhí siad meáite ar choimhlint dhíreach idir tíortha a raibh airm núicléacha acu a sheachaint. Chiallódh a leithéid contúirt chogaidh a dhéanfadh mórscrios agus marú as cuimse agus a d’fhágfadh truailliú dainséarach ina dhiaidh nach bhféadfaí a theorannú.

Fáth eile nach dtuigfidh mé go deo an fáth go raibh fonn ar thíortha fadó lear mór airgid a chaitheamh ar airm a bhí chomh dainséarach sin go raibh faitíos orthu iad a úsáid.

Ceist amháin eile sula n-imeoidh mé: ar athraigh an cogadh san Úcráin polasaí neodrachta na hÉireann, toisc gur chuir tíortha eile brú orainn seasamh gualainn ar gualainn leo sa bhearna bhaoil?

D’athraigh, go háirithe nuair chuir siad i gcuimhne d’Éirinn gur thugadar tacaíocht láidir dúinn nuair a bhí an Bhreatain ag pleidhcíocht le Breatimeacht agus le Prótacal Thuaisceart Éireann. Ach sin scéal eile, a phléifimid ar ball. Cá bhfuil tú ag dul?

Táim ag dul anonn go teach Tetyana. Dúirt sí liom go bhfuil a tuismitheoirí sásta labhairt liom faoin gcogadh in 2022, faoi scrios an bhaile ina raibh cónaí orthu san Úcráin agus faoina dtaisteal mar theifigh sular tháinig siad go hÉirinn.

Fág freagra ar 'A Mhamaí, inis dom: cén fáth nár cuireadh stop leis an gcogadh san Úcráin?'

  • Duine éigin

    Ba chóir d’Éirinn smaoineamh ar bhallraíocht a ghlacadh i NATO. Is mithid seasamh i gcoinne Phutin.