‘A Mhamaí, beidh mé ag fáil medal ón Uachtarán’ 

Is iontach an mac é Michael D ach an bhféadfadh go raibh am aige imeacht thart ar leabharlanna na tíre ag bronnadh bonn ar léitheoirí óga?

‘A Mhamaí, beidh mé ag fáil medal ón Uachtarán’ 

‘Ó, a Mhamaí, níor chuimhnigh mé é a rá leat,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag an tráthnóna cheana agus í cumhdaithe isteach sa leaba don oíche, ‘beidh mé ag fáil medal ón Uachtarán.’ 

‘Céard?’ a d’fhiafraigh mé di agus m’aird agam ar an gcuid ba mheasa den bhailiúchán lego a thógáil den urlár sula gcuirfinn na soilse as. 

‘Beidh cóisir mhór sa leabharlann agus beidh an tUachtarán ag tabhairt medals dúinn,’ a dúirt sí. 

‘Ó, go maith,’ a deir mé. Ní raibh mé ach leath ag éisteacht léi, ach ansin bhreathnaigh mé anonn uirthi agus chonaic mé go raibh sí lándáiríre. 

‘Cén tUachtarán?’ a d’fhiafraigh mé di. 

‘Ha?’ a deir sí agus suim caillte aici sa gcomhrá agus í ag iarraidh pluid a cheangal os cionn aleaba ina téastar nó campa. 

‘Mamaí, ar chuma leat an coirnéal seo a choinneáil soicind?’ 

‘Ok,’ a deir mé, agus rug mé ar choirnéal amháin den phluid is mé tarraingthe isteach i dtógáil an champa i ngan fhios dom féin. 

‘Uachtarán na hÉireann, like?’ a d’fhiafraigh mé di agus iontas orm. 

‘Sea!’ a deir sí ansin go cinnte agus í sáite ina cuid oibre ar an bpluid a cheangal ina bratach os cionn a leapa. 

‘Dúirt an bhean sa leabharlann liom go mbeidh cóisir mhór ann agus beidh an tUachtarán ag tabhairt medal dom.’ 

Chuimhnigh mé ansin ar Réalta an tSamhraidh. Clár náisiúnta léitheoireachta atá ann do pháistí a chuirtear ar bun sna leabharlanna poiblí chun páistí a spreagadh a bheith ag léamh agus spraoi a bhaint as an léitheoireacht i rith shaoire an tsamhraidh. 

‘Is iontach an mac é Michael D,’ a chuimhnigh mé. ‘Ach an bhféadfadh go raibh sé d’am aige a bheith ag imeacht thart ag na leabharlanna ag bronnadh bonn ar léitheoirí óga na tíre?’ 

Bhí sé dearmadta agam go n-eagraíonn na leabharlanna cóisir do na páistí ag deireadh an chláir chun ceiliúradh a dhéanamh ar méid atá bainte amach acu i rith an tsamhraidh.


‘An bhfuil tú cinnte gur dhúirt sí Uachtarán na hÉireann?’ a d’fhiafraigh mé den Chailín Mór Beag agus barúil agam go raibh dul amú ar dhuine éicint, in áit éicint. 

‘Tá!’ a dúirt sí. 

‘Togha,’ a deir mé. Dá mbeadh a fhios agam go raibh bonn ón Uachtarán le fáil as, is fada an lá ó shin a bheadh That’s Not My Mermaid! léite agam. 

‘Ó! Fan soicind!’ a deir sí ansin agus amhras uirthi. ‘Cé atá i gceannas ar Ghaillimh?’ 

‘Bhuel, níl a fhios agam an bhfuil aon ‘duine’ ar leith i gceannas ar Ghaillimh…’ a mhínigh mé, ‘tá an chomhairle cathrach ann is dócha agus…’ 

‘Ní hea, Mamaí!’ a d’fhógair sí, agus práinn ina glór. ‘An Rí, atá mé a rá, cé atá ina Rí ar Ghaillimh?’ 

‘Níl aon Rí ann, a leainín’ a dúirt mé. ‘An méara?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Meas tú, an bhfuil tú ag cuimhneamh ar an Méara?’ 

‘Sin é,’ a deir sí, ‘an méara!’ 

B’fhéidir nach mbeadh aon dochar ann bonn a thabhairt liom i mo phóca, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Fág freagra ar '‘A Mhamaí, beidh mé ag fáil medal ón Uachtarán’ '