An tseachtain seo caite, bhí mé ag spochadh sa cholún seo as bean a bhí in aon rang liom i gcúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach fadó, nuair a bhí cónaí orm fós i nGaillimh. Mheabhraigh an scéal sin eachtra eile dom a tharla ar an gcúrsa sin agus a léiríonn go raibh mé féin sách soineanta mar scríbhneoir an t-am sin – ag ceapadh go raibh rialacha dochta ann faoi chuile shórt sa scríbhneoireacht, agus go mbeadh na rialacha sin ar eolas ag an teagascóir.
‘Cén t-achar ba chóir do scríbhneoir a chaitheamh in áit sular féidir leis scríobh faoin áit sin?’ an cheist a bhí agam ar an mbean as Meiriceá a bhí i bhfeighil ar an gcúrsa. Bhí mé ag súil le freagra cruinn uaithi, agus bhí súil agam nach mbeadh achar rófhada i gceist: bhí mé díreach tar éis coicís a chaitheamh ar saoire sa Bhrasaíl agus theastaigh uaim gearrscéal a scríobh a bheadh lonnaithe sa tír sin.
‘Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid de riail ann,’ a d’fhreagair bean Philadelphia tar éis di tamall fada a chaitheamh ag machnamh faoin gceist.
Bhí díomá orm ag an am ar ndóigh – ‘cead’ uaim ó scríbhneoir ní ba oilte ná mise tabhairt faoi thogra a raibh mé in amhras faoi – ach ag cuimhneamh siar ar an eachtra, ba é an t-aon fhreagra ceart a d’fhéadfadh sí a thabhairt.
Chuir mé tús leis an ngearrscéal sin ach níor chríochnaigh mé riamh é agus is maith an rud é. Tagann deargnáire orm agus an méid a scríobh mé an t-am sin á thabhairt chun cuimhne agam anois – agus cónaí orm le dhá bhliain déag anuas sa tír a ndearna mé iarracht gearrscéal a lonnú ann agus gan ach coicís caite agam san áit. Bhí go leor mícheart leis an iarracht, ach an rud is mó a sheasann amach dom anois ná gur bhaist mé ainm ar an bpríomhcharachtar nach mbaistfeadh tuismitheoirí Brasaíleacha ar dhuine go brách.
Murar leor coicís, céard é an t-achar ceart? Bliain? Dhá bhliain? Cúig bliana? Deich? Fiú agus dhá bhliain déag caite agam sa Bhrasaíl bím de shíor ag seiceáil agus ag déanamh taighde nuair a bhím ag scríobh faoin tír sin, ar eagla go scríobhfainn rud nach mbeadh céad faoin gcéad cruinn.
Ach rith áiféis na ceiste liom nuair a chuimhnigh mé gur scríobh mé féin neart scéalta ar éirigh leo (i mo thuairim féin, ar ndóigh) agus atá lonnaithe in áiteanna nár chaith mé ann ach cúpla lá.
‘D’fhéadfá é a sheansáil!’ – sin é an freagra a thabharfainn féin dá mba theagascóir scríbhneoireachta mé agus dá gcuirfí an cheist orm a chuir mise ar bhean Philadelphia fadó.
D’fhéadfá dul sa seans agus píosa ficsin a lonnú in áit nach mbeadh mórán cur amach agat uirthi, agus cá bhfios nach n-éireodh leat – ach mholfainn an t-uafás taighde a dhéanamh ar dtús.
Fág freagra ar '‘A mháistreás, cén t-achar ba chóir a chaitheamh in áit sular cheart alt a scríobh fúithi?’'