‘A mhac a’ deo, a Mhamaí!’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Níl sa gcrosóg mhara ach ceann amháin de na seoda atá againn cois cladaigh i gConamara agus mura gcuireann a leithéid meangadh iontais is áthais ar éadan gasúir, ní lá fós é.

 

starfish

Bhreathnaigh mé síos le mo thaobh is chonaic mé m’iníon is a lámh síos go uilinn sa tanc éisc agus roc ag déanamh uirthi béaloscailte.

Am beaite na n-iasc a bhí sé san uisceadán agus is dócha gur cheap an roc áirithe seo go raibh lámha cailíní beaga ar an mbiachlár.

Ní thabharfá an milleán air lena raibh de ‘frá’ san uisce ag na héisc uile agus iad ag iarraidh greimín beag ronnaigh a fháil de réir mar a bhí na píosaí á gcaitheamh isteach ag fear an uisceadáin.

Bhí mé ag iarraidh a bheith ag éisteacht leis an gcaint a bhí á tabhairt ag an bhfear céanna maidir leis na héisc ach chinn orm le teann imní go mbeadh duine d’ár ghrúpa sleeping with the fishes sula mbeadh an chaint thart.

Theastaigh seift mhaith len iad a mhealladh ó na rocanna.

Chuimhnigh mé ansin go raibh tanc thart in áit éigin agus gairéadaigh ann, nó mar is fearr aithne orthu Nemo-anna‘Seo linn agus cuardóidh muid Nemo!’

D’oibrigh an tseift, sórt. ‘Húrá, húrá, Nemo!’ a bhéic siad go caithréimeach is thosaigh duine amháin ag rith i dtreo amháin agus an duine eile sa treo eile.

Bhí tancanna móra uisce sa dá threo. Lean mé an cailín is óige agus mé ag guí go raibh dóthain fainiceachaí curtha ar an gcailín is sine is nach léimfeadh sí isteach in aon tanc ag ceapadh gur maighdeán mhara a bhí inti.

‘Seo linn anois go bhfaighidh muid do dheirfiúr.’

Ghnóthaigh an abairt sin tuilleadh ‘húránna’ ar chúis éigin agus suas an staighre linn go beo.

Tháinig muid chomh fada léi agus í ar a glúine ag breathnú síos i macasamhail de bhullán cladaigh.

“Breathnaigh a Mhamaí, fuair mé réaltóg!”

Is shín sí amach a lámh is chonaic mé, ní iasc réaltóige mar a cheap mise a bhí orthu, ach crosóg mhara beag bídeach ar bhos a láimhe (dúradh liom ó shin go dtugtar Máirtín Gágach orthu freisin).

Nach aoibheann Dia dúinn, a chuimhnigh mé nuair a chonaic mé an meangadh iontais is áthais ar a héadan, go bhfuil a leithéid seo ar leac an dorais againn.

Is dócha gur fearr ná uisceadán ar bith é Cuan na Gaillimhe atá suite ar leac an dorais chomh maith – ach fágfaidh mé an tumadóireacht ag lá eile. A mhac a’ deo!

Fág freagra ar '‘A mhac a’ deo, a Mhamaí!’'