A mbibeanna salaithe ag Baile Átha Cliath agus pleidhcí déanta dínn go léir

Tá sárfhoireann na linne, an fhoireann is dea-aigeanta, is dea-mheasta, is dea-riartha agus is dea-shamplaí amuigh tar éis barrthuisle neafaiseach a bhaint astu féin

A mbibeanna salaithe ag Baile Átha Cliath agus pleidhcí déanta dínn go léir

Dá ghile an t-éadach, is ea is fusa é a shailiú. Tá sé ráite riamh agus cloisfear arís é. 

B’in é a chéad rud a rith liom nuair a chuala maidin inné go raibh pictiúr de chuid d’imreoirí Átha Cliath ar an leathanach tosaigh den Irish Independent agus iad ag láimhseáil na caide le linn seisiúin traenála agus gan giolc deiridh maidine an ghealbhain féin cloiste.

Ansan chuimhníos orm féin agus ar an lá a bhí ann. Lá na n-amadán nó Lá an Phleidhce, an lá is mó sa bhliain go mbeirtear amuigh ar an té ná fuil istigh i gceart leis féin ar maidin.

‘Sea’, arsa mise, ‘caithfidh gurb shin é atá i gceist anseo. Ná diail an dua a chuir lucht eagair an Indo orthu féin ag iarraidh breith amuigh ar a gcuid léitheoirí an uair seo? Cén mhaith a bheith i d’amadán muna n-aithnítear é?’

Bhí mo mhuga tae á ól agam nuair a tháinig an chéad teachtaireacht ó ghrúpa Whatsapp na hOllscoile. Dheineas beag is fiú di agus dúirt leis an té a sheol cuimhneamh ar an lá a bhí aige. 

Ach ansan chuimhníos orm féin aríst. Seacht mbliana díreach is an lá inné a d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael go rabhadar meáite ar dhul i bpáirt leis an gcomhlacht Sky chun cuid dá gcluichí a chraoladh. Cheapas an uair úd chomh maith gur cleasaíocht agus lúbaireacht a bhí sa treis, ach féach nárbh amhlaidh a bhí. 

An bhféadfadh sé a bheith i gceist go raibh sárfhoireann na linne, an fhoireann is dea-aigeanta, is dea-mheasta, is dea-riartha agus is dea-shamplaí amuigh tar éis barrthuisle chomh neafaiseach sin a bhaint astu féin? 

Tá a fhios againn anois gur mar sin atá, go bhfuil Áth Cliath tar éis a mbibeanna a shailiú agus gurb iad lucht a gcáinte agus lucht cáinte CLG is mó atá ag ramhrú ar an gcúram.

Má tá aon ní níos measa linn laethanta seo na géarchéime sláinte ná an dream nach bhfuil sé d’umhlaíocht iontu glacadh le srianta ná le geasa na coitiantachta, sin iad an dream a thosnaíonn ag seanmóinteacht is ag múnlú an scéil ar mhaithe lena mianta féin. 

Dhein imreoirí Átha Cliath dearmad uafásach agus muna n-íocfaidh siad as le tréimhsí fionraíochta cearta, beidh a cháin féin le gearradh orthu agus a dtáille féin le híoc leis an smál salach a leanfaidh go ceann tamaill iad. Ar Aoine seo an Chéasta áfach, caitheadh an té atá gan smál an chéad chloch. 

Nuair a tharlaíonn a leithéid seo de thuaiplis bíonn fonn ar an uile dhuine againn bheith ag caitheamh anuas ar an meon amaideach agus místuama a spreag an seisiún traenála. Sa chás seo, áfach, níl orm ach díomá agus níl agam ach ceisteanna. 

Ceisteanna ar nós, cén scéal atá á insint ag na pictiúirí seo sa pháipéar? Cén tuiscint a bhí ag lucht eagraithe an tseisiúin ar an bhfoláireamh a tháinig beagán le cois leathlae roimis sin ó Chumann Lúthchleas Gael go dtí gach cumann agus gach bord contae sa tír? An bhfuil foirne eile ag gabháil den ealaíon chéanna? Cad ’tá le buachtaint lena leithéid seo de sheisiún? An bhfuilimid go léir san ainnise seo le chéile? An rabhamar riamh? An cuma i ndáiríre cén díobháil a dhéanfaidh sé seo do chlú fhoireann Átha Cliath? An bhfuil aon fhoireann ansan amuigh ann chun buachtaint orthu nuair a thosnóidh na cluichí an athuair ar aon nós? An bhfuil cuid d’anam an chluiche féin i mbaol le gníomhartha ganfhiosaíochta na n-imreoirí?   

Níl freagraí agam ar an ceisteanna seo. Ní chloisfir puinn ó bhoird contae eile, ná ó imreoirí contae eile ach an oiread toisc go bhfuil dílseacht an bhráithreachais laistigh de Chumann Lúthchleas Gael chomh teann san nach féidir í a bhriseadh. Tá san, go bhfóire Dia orainn, cloiste i bpóirsí eile an tseachtain seo againn agus chun na fírinne a dh’insint, ní dóigh liom gur féidir ná gur fiú an dílseacht sin a mhíniú don té nach dteastaíonn uaidh í a thuiscint.

An cheist is mó, áfach, a bheadh ag dó na geirbe acu siúd a thuigeann sprid agus fíor-éirim na heagraíochta ná, an gcuirfidh mí-iompar agus míréir Átha Cliath isteach ar na cumainn go léir fud faid na tíre gur fada leo an lá go bhfillfidh a gcuid imreoirí idir óg is aosta ar na faichí imeartha? 

Sin í an t-aon cheist gur fiú liomsa agus le scata eile a bheith ag plé léi ag an bpointe seo. Níorbh é ár mian riamh go nochtfaí scéal chomh míthaitneamhach le scéal an lae inné agus táimid ar fad, idir lucht cathrach is tuaithe, inár n-amadáin is inár bpleidhcí de bharr a nochtaithe. 

Ní raibh uainn riamh ach fuascailt ós na srianta agus ní raibh sé de nós riamh againn bheith ag scéachtaint is ag scaothaireacht fén bhfear thall. Níl uainn anois ach an deis a thuilleamh ár gcaitheamh aimsire a chleachtadh arís. 

Tá dualgas orainn go léir a chinntiú go dtarlóidh san, luath nó mall.

Fág freagra ar 'A mbibeanna salaithe ag Baile Átha Cliath agus pleidhcí déanta dínn go léir'