Tá a mbeannacht tugtha ag an Rialtas agus Bord TG4 do cheapachán Dheirdre Ní Choistín mar cheannasaí nua TG4.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo mí na Nollag seo caite, roghnaíodh Deirdre Ní Choistín, Ceannasaí Nuachta TG4, i bpróiseas earcaíochta a reáchtáladh chun teacht ar chomharba Alan Esslemont mar Ard-Stiúrthóir ar an stáisiún.
Tráthnóna a d’fhógair TG4 a ceapachán.
Tá Deirdre Ní Choistín, arb as Cill Choca i gCill Dara ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara, ar an gceathrú ceannasaí ar an stáisiún Gaeilge a bunaíodh i 1996 agus tá sí ar an gcéad bhean sa ról sin.
Dúirt an ceannasaí nua gur “cúis áthais agus pribhléid” di é a bheith ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4.
“Tá mo chroí i TG4 ó bunaíodh é in 1996 agus mé fós ar an ollscoil. In am cinniúnach i gcraoltóireacht na Gaeilge, táim ag tnúth le TG4 a ullmhú don todhchaí in éineacht leis an bhfoireann, trí bhéim a chur ar an gcruthaitheacht a chumasú, freastal ar mhianta an lucht féachana ar gach ardán, agus bonn láidir a chur faoin earnáil léiriúcháin, i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.”
Tá Deirdre Ní Choistín ag obair le TG4 ó 1999. In 2022 ceapadh í ina cheannasaí nuachta. B’in an chéad uair go raibh ceannasaí nuachta dá leithéid ag TG4 a fhaigheann a soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ó RTÉ.
Roimhe sin bhí sí ina bainisteoir cumarsáide. Ba í chomh maith a chuir tús leis an ardán ar líne Molscéal. Sular bunaíodh Molscéal in 2017, mar léiritheoir agus mar stiúrthóir a bhíodh sí ag obair den chuid is mó agus baint aici le cláir amhail 7Lá, Comhrá, Róisín agus Léirmheas Leabhar.
Tá sí pósta ar Bhreandán Ó Conláin, as an Spidéal, agus tá ceathrar mac acu, Finian, Fiachra, Darach agus Éanna.
Tá Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ag éirí as an bpost go luath agus seacht mbliana go leith caite aige ina cheannasaí ar an stáisiún.
Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4 Anna Ní Ghallachair an taithí, fís agus na cáilíochtaí ag Deirdre Ní Choistín an stáisiún a thabhairt chuig an chéad leibhéal eile feabhais agus aitheantais ar mhaithe le pobal na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta”.
Mhol an Cathaoirleach chomh maith an méid a rinne Alan Esslemont mar cheannasaí ar an stáisiún.
“Mar Ard-Stiúrthóir, léirigh Alan sárcheannasaíocht agus fís chruthaitheach a chuir craoltóireacht agus scannánaíocht na Gaeilge ar ardán idirnáisiúnta agus a d’fhág gur eiseamláir chultúrtha a chur chuige do mheáin na mionteangacha sa bhaile agus thar lear.”
Beidh an tArd-Stiúrthóir nua ag teacht i gceannas tráth a mbeidh TG4 ag iarraidh seirbhís nuachta a bhunú a bheidh neamhspleách ó RTÉ.
Is é mian TG4 go mbeadh neamhspleáchas bainte amach dá seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha faoi Mheán Fómhair 2025 ach tá aighneas idir an craoltóir agus RTÉ le tamall faoin bplean a bhfuil glactha ag an Rialtas leis.
Fág freagra ar 'A mbeannacht tugtha ag an Rialtas do cheapachán ceannasaí nua ar TG4'