A lorg fágtha ag an gcoróinvíreas ar imeachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre

Tá ócáidí teanga go leor á gcur ar ceal mar gheall ar Covid-19 agus tá pleananna éigeandála ullmhaithe ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta éagsúla

A lorg fágtha ag an gcoróinvíreas ar imeachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre

Tá a lorg á fhágáil ag an ngalar Covid-19 ar imeachtaí agus eagraíochtaí teanga ar fud na tíre.

I measc na n-imeachtaí atá curtha ar ceal go dtí seo tá bronnadh Ghradaim Ghlór na nGael, a bhí le bheith ar siúl i nGaoth Dobhair an mhí seo chugainn, agus ócáidí de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta, Gaeloideachas agus an Pop Up Gaeltacht.

D’fhógair Raidió na Life aréir gur ábhar ón gcartlann a bheidh á chraoladh acu go ceann tamaill agus é iarrtha ag lucht bainistíochta an stáisiúin ar a n-oibrithe deonacha fanacht sa bhaile.

Dúradh gur “beart réamhchúramach, agus sin amháin” a bhí i gceist le cinneadh Raidió na Life. “Níl aon siomptóim tinnis léirithe ag éinne i Raidió na Life ná ag éinne a raibh éinne anseo i dteagmháil leo. Sláinte agus sábháilteacht ár bhfoireann agus ár saorálaithe an rud is tábhachtaí ar fad dúinn,” a dúradh.

Tá Raidió na Life lonnaithe i gceannáras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Deir Foras na Gaeilge féin ago bhfuil “an treoir is déanaí ón dá dhlínse, thuaidh agus theas, á leanúint ag Foras na Gaeilge ar bhonn leanúnach”.

“Tá monatóireacht laethúil á déanamh againn ar an gceist agus déanfar athbhreithnithe leanúnacha ar ár bplean teagmhais de réir an dea-chleachtais agus treoir ó na ranna sláinte mar a thagann eolas nua chun cinn,” a dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.

Tá socruithe éagsúla á gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí teanga éagsúla.

Tá iarrtha, mar shampla, ar iriseoirí de chuid Nuacht TG4 gan teacht isteach go dtí ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus tá stop curtha le hiriseoirí agus ceamaradóirí a bheith ag taisteal i dteannta a chéile.

Deir TG4 féin go bhfuiltear ag cloí le comhairle na n-údarás sláinte poiblí agus go bhfuil bac chomh maith acu ar aon taisteal thar sáile nach bhfuil riachtanach. Tá “foireann chraolacháin riachtanach aitheanta” ag TG4 agus plean oibre ullmhaithe acu sa chás go n-éireodh an scéal níos measa. Tá ráite le baill foirne eile go bhféadfaidís obair ón mbaile.

Tá plean teagmhais ullmhaithe chomh maith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta chun a chinntiú go leanfar lena seirbhís “sa chás is go dtiocfadh éigeandáil fhorleathan i bhfeidhm”.

“Mar chuid den chraoltóir seirbhís poiblí in Éirinn, tá sé riachtanach go mbeadh an stáisiún in ann fanacht ar an aer,” arsa urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Tá imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre faoi láthair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “monatóireacht leanúnach” á déanamh acu ar chúrsaí agus treoir na n-údarás sláinte á leanúint acu.

Tá plean teagmhais ullmhaithe chomh maith ag Údarás na Gaeltachta agus comhchoiste comhordaithe bunaithe acu le déileáil le himpleachtaí an ghalair.

Chomh maith leis sin, tá pacáiste eolais do ghnóthaí Gaeltachta ullmhaithe ag an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga mar chuid dá gcur chuige i leith an ghalair.

Bhí feidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta le bheith ag taisteal go dtí Boston an deireadh seachtaine seo don ócáid ‘Ireland’s Gaeltacht Experience’ ach ní bheidh an ócáid sin ag dul ar aghaidh. Tá paráid na Féile Pádraig in Boston curtha ar ceal. Táthar ag súil an ócáid Ghaeltachta a reáchtáil lá níos faide anonn.

I measc na n-ócáidí móra Gaeltachta atá curtha ar athlá, tá Comhluadar 2020, Comhdháil Thuismitheoirí na Gaeltachta, a bhí le bheith ar siúl i gConamara idir an 20-22 Márta.

“Tá an cinneadh seo déanta mar gheall ar imní faoi chúrsaí sláinte poiblí agus an ráig den víreas Corónach atá ag scaipeadh i measc an phobail. Beidh an chomhdháil ar bun anois sa bhfómhar agus tá súil againn dátaí nua a dheimhniú go gairid,” a dúradh i ráiteas ó Thuismitheoirí na Gaeltachta.

D’fhógair Glór na nGael inniu go bhfuil imeachtaí dá gcuid curtha ar athlá mar gheall ar an gcoróinvíreas, ina measc Bronnadh Náisiúnta Dhuaiseanna Ghlór na nGael atá curtha siar “go dtí níos déanaí sa bhliain”.

Tá na hócáidí teaghlaigh agus na himeachtaí eile a bhíonn ar siúl ag Glór na nGael á gcur siar “ar feadh tréimhse trí seachtaine, ar a laghad”.

Déanfar athbhreithniú ar chúrsaí ag deireadh mhí an Mhárta, a dúirt Glór na nGael.

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí na heagraíochta “gur trua leis an cinneadh seo ach gur tógadh é ar leas an phobail agus na foirne”. 

D’fhógair Gaeloideachas inniu go raibh an oíche eolais do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí maidir le Riachtanais Speisialta Oideachais a bhí le bheith ar siúl sa Ghaillimh ar an 26 Márta 2020 á cur ar athlá.

“Tá an-díomá orainn ar ndóigh ach tá cúrsaí sláinte i bhfad níos tábhachtaí san am i láthair,” a dúradh i ráiteas ó Gaeloideachas.

Tá an chomhdháil a bhí le bheith ag Comhairle na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste Dé Domhnaigh curtha ar athlá go dtí an fómhar.

Tá an ócáid ‘Pop Up Gaeltacht’ a bhí le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé hAoine curtha ar ceal.

Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo, tá dóchas ag lucht na gcoláistí samhraidh Gaeltachta nach gcuirfidh an coróinvíreas as do dóibh ach táthar ‘ag faire an scéil’ maidir le reáchtáil chúrsaí na Cásca sa Ghaeltacht

Tá os cionn 50 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn. Dheimhnigh Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge ar maidin go raibh an galar tolgtha ag othar ansin atá anois á choinneáil amach ó dhaoine eile.

Fágann sin gur 51 cás den ghalar ar a laghad atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 35 ó dheas den teorainn agus 16 ó thuaidh.

Tá breis is 121,000 cás den ghalar deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 4,400 duine curtha den saol aige. Tá téarnamh déanta go dtí seo ag 66,216 duine a bhí buailte ag Covid-19.

Fág freagra ar 'A lorg fágtha ag an gcoróinvíreas ar imeachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre'