A léamh sainiúil féin déanta ag Armando Iannucci ar Dickens

Saothar taitneamhach é ‘The Personal History of David Copperfield’ ina bhfuil taispeántais bhreátha againn

A léamh sainiúil féin déanta ag Armando Iannucci ar Dickens

...
The Personal History of David Copperfield
Stiúrthóir: Armando Iannucci
Cliar; Dev Patel, Hugh Laurie, Tilda Swinton, Peter Capaldi, Rosalind Eleazar, Ben Whishaw, Bronagh Gallagher, Darren Boyd, Gwendoline Christie, Benedict Wong
...

N’fheadar Dia ná duine an mó uair a bhfuil scéal David Copperfield tugtha chuig an scáileán beag is mór. Gach glúin is stiúrthóir ag iarraidh a léamh féin a dhéanamh ar cheann de mhórshaothair mhórscríbhneora.

Ceardaí ar leith é Armando Iannucci, an té a sholáthraigh dúinn saothair amhail The Death of Stalin (2017) agus an tsraith theilifíse In the Thick of It (2005 – 2010). Auteur é ar áin leis an mugadh magadh agus an áiféis lena fhís a fhíorú. Tá na tréithe céanna sin le feiscint sa saothar áirithe seo ón gcéad luí súl. Ag tús an scannáin tá an Copperfield fásta (Dev Patel) ar stáitse ag aithris scéal a bheatha féin agus ar hap an tairne titeann cúlbhrat le gur féidir leis siúl isteach sa tigh inar rugadh é agus é ar ais ag am a bhreithe.

Vae linn ansin trí shaol eachtrúil Copperfield ó shaibhreas go daibhreas, sonas go donas agus ar ais arís, samhlaíocht agus cuimhní cinn an charachtair cniotáilte le chéile agus cuma osréalach ar chúrsaí go minic. Ní hannamh go dtéitear i muinín an ghrinn ropánta agus tá cúpla mír seoigh ann.

I gcaitheamh an ama déantar meascán mearaí de charachtair a chur os ár gcomhair: Mr Micawber (Capaldi), Uriah Heep (Whishaw), Betsey Trotwood (Swinton), Mr Wickfield (Wong) is a iníon Agnes (Eleazar) agus a lán eile nach iad.

Is meitheal bhreá aisteoirí atá bailithe le chéile ag Iannucci agus déanann sé na róil a dháileadh dall ar chine. Éiríonn leis an gcur chuige seo ann féin beocht nua a chur i seanscéal. Tá róil thánaisteacha ag Bronagh Gallagher agus Rosaleen Linehan na tíre seo agus tugann an fhoireann aisteoirí ar fad taispeántais inniúla uathu. Is léir go bhfuilid ar fad, Laurie agus Capaldi go háirithe, ag baint súp thar na bearta as a gcuid. Cé nach é Dev Patel an t-aisteoir is ansa liom tugann sé taispeántas ábalta uaidh anseo agus éiríonn leis carachtar cineálta mealltach meabhrach a chur os ár gcomhair.

Ní dóigh liom go ndéantar léiriú cuí ar chruatan an tsaoil acu siúd a bhí ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal agus is ait sin ar shlí óir gurb iad geábhanna Copperfield isteach in ainnise an bhochtanais ceann de phríomhthéamaí an scannáin. 

Is é Heep an bithiúnach agus is é a charachtar siúd agus thuas seal thíos seal Copperfield a léiríonn deighilt aicme i ré Victoria. Ba bhreá liom dá mbeadh a thuilleadh tochailte déanta air seo ach is dócha go gcuirfeadh sé atmaisféar réchúiseach an tsaothair dá bhuille.

Ar an iomlán is saothar taitneamhach é seo ina bhfuil taispeántais bhreátha againn agus iarracht fhónta déanta léamh nua, éadromchroíoch a dhéanamh ar an saothar ab ansa le Charles Dickens féin.

Fág freagra ar 'A léamh sainiúil féin déanta ag Armando Iannucci ar Dickens'