‘A guth féin aimsithe ag an nGaeilge ar ardán domhanda na scannán’ — dhá ainmniúchán BAFTA ag ‘An Cailín Ciúin’

Is é an fadscannán iomráiteach ‘An Cailín Ciúin’ an chéad scannán Gaeilge a bhfuil ainmniúcháin faighte aige do na gradaim BAFTA

‘A guth féin aimsithe ag an nGaeilge ar ardán domhanda na scannán’ — dhá ainmniúchán BAFTA ag ‘An Cailín Ciúin’

Beidh an fadscannán Gaeilge An Cailín Ciúin san iomaíocht do dhá mhórghradam eile i rith an earraigh agus dhá ainmniúchán BAFTA aige.

Is iad gradaim BAFTA leagan na Breataine d’Oscair Hollywood agus éacht eile ag An Cailín Ciúin é dhá ainmniúchán a fháil.

Údar mór mórtais agus áthais a bhí ann, a dúirt Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir an scannáin.

“Tá ríméad an tsaoil orainn go bhfuil na hainmniúcháin seo faighte ag An Cailín Ciúin ó BAFTA agus táimid iontach sásta go bhfuil fáilte ó chroí curtha ag baill an acadaimh roimh ár scannán.

“Tá bród an domhain orainn go bhfuil ainmniúcháin faighte den chéad uair ag na gradaim mór le rá seo ag fadscannán Gaeilge agus go bhfuil a guth féin aimsithe ag ár dteanga dhúchais ar ardán domhanda na scannán.”

Beidh An Cailín Ciúin san iomaíocht ag na gradaim BAFTA don ghradam don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla agus don ghradam don script scannán is fearr a aistríodh ó shaothar eile.

Is iad All Quiet on the Western Front, Corsage, Decision to Leave, agus Argentina, 1985, na scannáin eile a bheidh san iomaíocht leis an scannán Éireannach don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla.

Beidh an scannán Gaeilge san iomaíocht le All Quiet on the Western Front chomh maith sa rannóg don script scannán is fearr a aistríodh ó shaothar eile. Tá scríbhneoir agus stiúrthóir ‘An Cailín Ciúin’, Colm Bairéad, ainmnithe as scéal le Claire Keegan a chóiriú don scáileán. Is iad Living, She Said agus The Whale na trí scannán eile a fuair ainmniúchán sa rannóg chéanna.

An Cailín Ciúin cheana féin ar an gcéad scannán Gaeilge a bhain áit amach ar an ngearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr i gcomhair na ngradam Oscar.

Táthar ag súil go mbeidh an scannán ar an gcéad scannán Gaeilge a gheobhaidh ainmniúchán do ghradam Oscar nuair a fhógrófar na hainmniúcháin an tseachtain seo chugainn.

Tá deich n-ainmniúchán BAFTA ar fad faighte ag scannán Éireannach eile, The Banshees of Inisherin, a ndearnadh scannánú air in Árainn agus ar Acaill. Tá ainmniúchán faighte ag an scannán don scannán is fearr, don scannán Briotanach is fearr, don scór is fearr agus don eagarthóireacht is fearr.

Tá Martin McDonagh ainmnithe don ghradam don stiúrthóir agus don bhunscript is fearr agus ainmniúcháin faighte freisin ag Colin Farrell (an tAisteoir is Fearr), Kerry Condon (an tAisteoir Taca Mná is Fearr) agus Brendan Gleeson agus Barry Keoghan (Aisteoir Taca is Fearr).

Tá an tÉireannach Paul Mescal ainmnithe freisin don Aisteoir is Fearr as a pháirt sa scannán Aftersun.

Fógrófar na buaiteoirí ar an 19 Feabhra ag searmanas a bheidh á chur i láthair ag an aisteoir Richard E. Grant sa Royal Festival Hall i Londain.

Fág freagra ar '‘A guth féin aimsithe ag an nGaeilge ar ardán domhanda na scannán’ — dhá ainmniúchán BAFTA ag ‘An Cailín Ciúin’'