A gcúram déanta ag Cúige Laighean cheana ach Cúige Mumhan beo ar éigean

Tá Cúige Laighean cáilithe, tá seans maith fós ag Cúige Uladh ach tá Cúige Mumhan ag brath ar Racing agus a rás rite ag Cúige Chonnacht

A gcúram déanta ag Cúige Laighean cheana ach Cúige Mumhan beo ar éigean

James Lowe, Rob Kearney, Jordan Larmour agus Dave Kearney. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Cé go bhfuil na ceithre Chúige ag réiteach do na cluichí deiridh i réamhbhabhtaí Chorn na gCuradh an tséasúir seo, tá formhór an scéil againn cheana féin.

Fiú agus cluiche le himirt acu inniu i gcoinne Treviso, tá a fhios againn go bhfuil Cúige Laighean cinnte dá n-áit sna cluichí ceathrú ceannais. Go deimhin tá fir Átha Cliath chomh fada sin chun cinn ar na foirne eile i nGrúpa A go bhfuil siad cinnte go mbeidh buntáiste an bhaile acu sna cluichí ceathrú ceannais.

Ní féidir áit sna cluichí ceathrú ceannais a chur as an áireamh do na hUltaigh ach oiread, go háirithe agus iad ag tabhairt faoi Bath, foireann nár bhuaigh oiread agus cluiche amháin féin i gcomórtas na bliana se,. Níor cheart go mbeadh aon stró ar fhoireann Bhéal Feirste sa gcoimhlint seo agus iad sa mbaile inniu.  

Sin deireadh leis na dea-scéalta, faraor.

Amárach i Luimneach, tabharfaidh na Muimhnigh faoi na hOspreys, foireann eile nár bhuaigh aon chluiche sa gcomórtas fós. Ní dóigh go mbeidh mórán deacrachtaí ag foireann an bhaile an lá a thabhairt leo sa gcoimhlint seo ach ní fios fós an leor sin le háit sna cluichí ceathrú ceannais a chinntiú dóibh. Braitheann sin ar thoradh an chluiche idir na Saracens, foireann a bheas ag imirt sa mbaile i gcoinne Racing 92. Má bhíonn an bua ag Saracens nó fiú má bhíonn siad ar comhscór le Racing, is acu a bheas an dara háit sa ngrúpa. Sa gcás sin beidh deireadh le hiarrachtaí na Muimhneach sa gcomórtas seo.

Ní féidir le Cúige Mumhan tada a dhéanamh ag an tráth seo ach bua le pointe bónais a fháil agus a bheith ag guí go mbeidh an bua ag Racing.

Maidir leis na Connachtaigh, a bheas ag imirt in Montpellier amárach, fiú má éiríonn leo na cúig phointe atá ar fáil sa gcluiche seo a shlánú ní bheidh acu ach trí phointe dhéag.Tá ceithre phointe dhéag slánaithe cheana féin ag Gloucester, atá sa dara háit agus cluiche fós le himirt acu siúd, rud a chiallaíonn go mbeidh na Connachtaigh ar an ngannchuid, fiú roimh thús Bhabhta 6.

Tá rás na gConnachtach sa gcomórtas seo rite.

Is dona liom a rá nach féidir aon athrú a chur ar an bhfíric sin anois.

Fág freagra ar 'A gcúram déanta ag Cúige Laighean cheana ach Cúige Mumhan beo ar éigean'