A gcéad chruinniú ag Teachtaí nuathofa an Tionóil, ach an DUP ag bagairt bac ar Cheann Comhairle a thoghadh

Deir ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill, nach raibh sé ‘sách maith’ go raibh an tsochaí ‘i ngreim’ ag an DUP

A gcéad chruinniú ag Teachtaí nuathofa an Tionóil, ach an DUP ag bagairt bac ar Cheann Comhairle a thoghadh

Tá a gcéad chruinniú le bheith ag Teachtaí Thionól Stormont inniu i ndiaidh thoghchán stairiúil na seachtaine seo caite, ach ní léir go vótálfaidh an DUP chun Ceann Comhairle nua a thoghadh.

Dúirt Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, gur maidin inniu a dhéanfaidh a pháirtí cinneadh faoi spéicéir a ainmniú.

Beidh Teachtaí an pháirtí i láthair in Stormont chun an rolla a shíniú, a dúirt Donaldson.

Tá toghadh an spéicéara ar an gcéad chúram atá ar na Teachtaí nuathofa agus is gá tacaíocht trasphobail chun an post a líonadh.

Ní bheadh an Tionól in ann feidhmiú ceal spéicéara.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill nach raibh sé “sách maith” go raibh an tsochaí “i ngreim” ag an DUP.

Ní fhéadfaí glacadh le seasamh Jeffrey Donaldson agus a pháirtí, a dúirt O’Neill.

Deir an DUP nach bhfillfidh siad ar roinnt na cumhachta nó go ndéanfar na leasuithe atá uathu ar an bPrótacal iarBhreatimeachta.

Tá leisce orthu chomh maith dul i mbun rialtais le Sinn Féin agus an chéad-aireacht ag Michelle O’Neill, ceannaire an pháirtí sin.

Tá O’Neill i dteideal na céad-aireachta mar go bhfuil Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tionól i ndiaidh an toghcháin ach caithfidh an DUP tacú lena ceapachán agus leaschéad-aire a ainmniú iad chun go n-athbhunófaí an Feidhmeannas. 

Dúirt leascheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Stephen Farry go raibh “dualgas” ar an DUP spéicéir a ainmniú.

“D’uireasa spéicéir is ar éigean go dtarlóidh aon rud in aon chor. 

“Ó thaobh fheidhmiú an Tionóil, tá an dlí soiléir a dhóthain, is é an chéad chúram atá ar an Tionól spéicéir a thoghadh agus ina éagmais bheadh bac ar gach rud eile.

“Tá dualgas ar an DUP duine a chur in áit ionas gur féidir ar a laghad cuid d’fheidhmeanna bunúsacha an Tionóil a chur i gcrích. Bheadh sé thar a bheith mífhreagrach gan a leithéid a dhéanamh. 

“Tá muintir an Tuaiscirt ina bhfichillíní arís i gcluiche polaitiúil i bhfad níos mó,” arsa Farry. 

Dúirt ceannaire an UUP, Doug Beattie, gurbh é an rud ba lú a bheifí ag súil leis ná go dtoghfaí spéicéir.

Tá brú á chur ag rialtais na hÉireann, na Breataine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an DUP filleadh ar roinnt na cumhachta.

Dhiúltaigh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson gealltanas a thabhairt don Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo nach ndéanfaidh Rialtas na Breataine cinneadh aontaobhach an Prótacal iarBhreatimeachta a chur ar ceal.

Dúradh go raibh scéal an Phrótacail ag éirí “an-tromchúiseach”, go raibh dochar á dhéanamh do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus gur léirigh toghchán Stormont nach bhféadfaí an Prótacal a fhágáil mar atá.

Mhaígh Johnson nach raibh an méid ba ghá déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic leis na fadhbanna eacnamaíochta agus polaitiúla a bhí, dar leis, á gcruthú ag an bPrótacal.

Dúradh go ndúirt Johnson leis an Taoiseach go ndéanfadh Rialtas na Ríochta Aontaithe gníomh chun an tsíocháin agus an tseasmhacht pholaitiúil a chosaint i dTuaisceart Éireann “sa chás nach bhféadfaí teacht ar réiteach”.

Ní raibh aon tagairt shonrach in Óráid na Banríona in Westminster Dé Máirt don reachtaíocht i dtaobh an Phrótacail atá dreáchtaithe ag Rialtas na Breataine ach bhí sé le tuiscint gur ag tagairt don dréachtreachtaíocht sin a bhíothas i gcuid áirithe den óráid ina leagtar amach clár reachtaíochta an Rialtais.

Dúirt Prionsa Charles na Breataine Bige, a thug an óráid thar ceann a mháthar go raibh “rath agus sláine” na Ríochta Aontaithe ar fad “fíorthábhachtach”, ag áireamh “na ceangail eacnamaíochta inmheánacha idir na codanna go léir di [an Ríocht Aontaithe]”.

Tuairiscítear go bhfaigheadh Rialtas na Breataine réidh go haontaobhach leis na seiceálacha ar earraí a sheoltar as an mBreatain go dtí Tuaisceart Éireann.

Cheadódh an reachtaíocht chomh maith do lucht gnó sa Tuaisceart neamhaird a dhéanamh ar rialacha an Aontais Eorpaigh agus bhainfeadh sí de Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa an t-údarás rialú faoi cheisteanna a bhaineann leis an Tuaisceart.

Fág freagra ar 'A gcéad chruinniú ag Teachtaí nuathofa an Tionóil, ach an DUP ag bagairt bac ar Cheann Comhairle a thoghadh'

  • Liamm

    Cén sórt focal é…… Spéicéir? Agus daoine ag magadh na Ulster Scots as a makey uppy words.
    Liam Ó Cuinn
    Madadhmor@outlook.com

  • Mícheál Ó Ruairc

    Tá an focal ‘spéicéir’ an-choitianta sa bhéaloideas. An chiall a bhí leis ná ‘fear déanta cleamhnais’, post le dealramh tráth dá raibh! Glacaim leis gur leagan Béarlaithe de ‘speaker’ (ceann comhairle) atá i gceist san alt seo. Ar ndóigh, bheadh an spéicéir ab fhearr dar mhair riamh curtha go dtí bun a fhoighne ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh idir an dá pháirtí atá faoi chaibidil san alt céanna!