A gcéad chártaí imeartha ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus a manaí toghcháin nochta

Chuaigh an Taoiseach Leo Varadkar chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna mar ar dhein Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn an 32ú Dáil a lánscor le go mbeadh olltoghchán ann ar an 8 Feabhra

A gcéad chártaí imeartha ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus a manaí toghcháin nochta

Tá a gcéad chártaí leagtha ar an mbord ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus feachtas olltoghchán 2020 faoi lánseol.

‘A future to Look Forward to’ an mana toghchánaíochta a scaoil Fine Gael i ndiaidh don Taoiseach dáta an olltoghcháin a fhógairt inniu.

Dheimhnigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur ‘An Ireland for all’ an mana a bheadh ag a pháirtí siúd, an ceann céanna a bhí acu d’olltoghchán 2016.

Chuaigh an Taoiseach Leo Varadkar chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna mar ar dhein Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn an 32ú Dáil a lánscor.

Ar chúrsaí Breatimeachta agus cúrsaí eacnamaíochta a bheidh feachtas olltoghcháin Fhine Gael bunaithe i bhfianaise ráiteas tosaigh an Taoisigh.

“Níl an Breatimeacht i gcrích go fóill, nílimid ach ag leath ama,” a dúirt an Taoiseach tráthnóna.

Leag sé béim ar ról an rialtais i scéal an Bhreatimeachta go n-uige seo agus ar an margadh a sheachnaíonn teorainn chrua in Éirinn.

Luaigh sé chomh maith athbhunú an fheidhmeannais i Stormont ach dhírigh sé cuid mhór ar an obair atá fós le déanamh, dar leis.

“Is í an chéad chéim eile ná idirbheartaíocht a dhéanamh faoi chomhaontú saorthrádála idir an AE, Éire san áireamh, agus an Ríocht Aontaithe, comhaontú a a thabharfaidh cosaint do ghnóthaí, postanna, pobal na tuaithe agus an géilleagar sa tír seo.

“Tá an cumas a bheidh ionainn gach rud eile is gá a dhéanamh –i gcúrsaí sláinte, tithíochta, aeráide agus leasuithe cánach –ag brath air seo [an comhaontú trádála]. Agus caithfear é a dhéanamh roimh dheireadh na bliana.”

Dúirt an Taoiseach gur deis a bheadh in olltoghchán na míosa seo chugainn rialtas nua a thoghadh roimh an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach, rialtas a mbeadh “mandáid láidir” acu díriú ar na cainteanna iarBhreatimeachta.

Mhaígh an Taoiseach nach raibh cúrsaí eacnamaíochta “chomh láidir riamh” is atá anois, go raibh níos mó daoine ag obair ná a bhí riamh, go raibh ioncaim ag ardú, an bhochtaineacht ag laghdú agus “an t-airgeadas poiblí in ord arís”.

 I ráiteas ina raibh macalla den mhana toghcháin cáiliúil a bhí ag Fianna Fáil in 2002 – ‘A lot done, more to do’ –  dúirt an Taoiseach:

“Tá go leor dul chun cinn déanta againn, ach tuigim nach leor é. Tá mé ag iarraidh go ndéanfaimid go leor eile,” arsa an Taoiseach.

Tá ráite ag Micheál Martin gur ar chúrsaí sláinte, tithíochta agus ar an gcostas maireachtála a dhíreoidh Fianna Fáil. Dúirt sé gur “theip ar Fhine Gael sna cúrsaí sin agus gur léir go bhfuil sé in am rialtas nua a thoghadh.

“Níl rudaí ag obair sa tír seo in go leor réimsí, tá sé chomh simplí leis sin. Caithfear díriú ar na fadhbanna sin i bhfad níos tapúla,” a dúirt sé.

Deimhníodh inniu go mbeidh n t-olltoghchán ar siúl ar an Satharn an 8 Feabhra.

Phléigh an Taoiseach Leo Varadkar an scéal lena chomhghleacaithe ag cruinniú rialtais ar maidin agus chuir sé dáta an toghcháin in iúl dóibh.

Tá an toghchán le gairm ag an Taoiseach Leo Varadkar tráth go raibh laghdú tagtha ar líon na dTeachtaí Dála a bhí sásta tacú leis an Rialtas sa Dáil.

Dúirt Varadkar roimhe sin gurb é a theastaigh uaidh ná toghchán i mí na Bealtaine ach ghéill sé ag an deireadh seachtaine go raibh “athrú scéil ann” i bhfianaise a leochailí is a bhí ó thaobh vótaí Dála.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin inné gur thug an Taoiseach le fios dó nach bhféadfadh sé brath ar a Theachtaí Dála féin go léir vótáil don Rialtas.

160 Teachta Dála a bheidh le toghadh i 39 dáilcheantar in olltoghchán 2020.

Tá dháréag Teachtaí Dála ann a bhfuil ráite cheana féin acu nach mbeidh siad ag seasamh sa toghchán, ina measc an t-iarThaoiseach Enda Kenny, iar-uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams agus iarcheannaire Fhine Gael, Michael Noonan.

Fág freagra ar 'A gcéad chártaí imeartha ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus a manaí toghcháin nochta'