A gcáil mar shárfhoireann na linne daingnithe ag gaiscígh Luimnigh

Bhí cluiche éachtach againn idir Luimneach agus Cill Chainnigh a bhí ina eipic cheart go dtí an fhead deiridh

A gcáil mar shárfhoireann na linne daingnithe ag gaiscígh Luimnigh

Kyle Hayes ar an ionsaí. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is iontach an ócáid í craobh iomána na hÉireann. Bhí an phribhléid agam bheith ann mar imreoir, mar bhall den fhoireann sa chúlra, mar roghnóir agus mar bhainisteoir ar Chorcaigh. Níl aon turas chomh hardmheanmnach leis an cheann ar bhus na foirne ón óstán chuig an staid agus na Gardaí ar na gluaisrothair, bonnáin á séideadh, cuid den trácht ag géilleadh, cuid ag stopadh dos na gaiscígh atá ag dul chun troda ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh. 

Agus an bus ag sroichint cheantar Dhroim Conrach, is iontach an radharc é na mílte leantóir a fheiceáil ag siúl le chéile i dtreo na staide agus dathanna a gcontaetha á gcaitheamh go bródúil acu. D’ardódh aghaidheanna sona sásta na leantóirí do chroí agus tú ag iarraidh tú féin a chur i ‘game mode’.

Dar ndóigh bhí sé mar an gcéanna Dé Domhnaigh agus an ghrian ag scaladh anuas orainn. Ar mo shlí chuig an staid, chualas bonnáin na nGardaí agus léim m’aigne siar ar bhóithríní na smaointe. 

Bhí atmaisféar iontach taobh amuigh den staid agus an ghnáthscagadh agus an cur agus cúiteamh á dhéanamh. Bhain cuid maith den réamhchaint le cruachás Chian Lynch. Istigh sa staid bhí foirne an Chláir ó ’95 agus ’97, chomh maith le laochra Loch Garman ’96, á gcur in aithne do shlua a bhí ag dul i méid an t-am ar fad. 

Ansin, ar a dhá nóiméad chun a trí, rith fir Chill Chainnigh amach agus dhá nóiméad ina dhiaidh lean imreoirí Luimnigh iad. Chuadar trína gcuid réamhullmhúchán, nach raibh ródhian agus teas an lae le láimhseáil acu, ar ndóigh. Chuir an pharáid an ghruaig ina seasamh ar chúl mo chinn, mar a rinne Amhrán na bhFiann. 

Ansin chaith an réiteoir Colm Lyons, a rinne an-jab don chluiche, an sliotar isteach agus thosaigh an imirt a chuaigh ó neart go neart as sin go dtí an soicind deireanach. Agus cad é mar thús a bhí againn le cúl míorúilteach Ghearóid Hegarty i ndiaidh ceithre nóiméad? Níl na focail agam chun cur síos a dhéanamh ar an gcúl sin ó imreoir a bhí thar barr sa chluiche. Agus cé gur imir Luimneach níos fearr ná na Cait do thréimhsí fada sa chéad leath sin, ní rabhadar ábalta cúl eile a scóráil. Tríd is tríd, bhíodar gob ar ghob, cé go raibh an buntáiste ag Luimneach ar chlár na scór ag leath ama. 

Tugadh isteach Walter Walsh do na Cait ag leath ama agus rinne sé difríocht mhór agus cuid mhaith de na pocanna amach á seoladh ina threo. Ansin, mar a tharla go luath sa chéad leath do Luimneach, scóráil Billy Ryan cúl do na Cait agus thosaigh an mhuinín ag borradh. Deich nóiméad ina dhiaidh sin, bhí an cluiche iontach seo ar comhscór le cabhair cúl Martin Keoghan agus cúilín John Donnelly. 

Ach, agus Kyle Hayes agus Gearóid Hegarty ag imirt go hiontach agus na cúlaithe ag cloí leis an gcóras, chuir Luimneach solas an lae idir iad agus an freasúra arís. Dar ndóigh níor loic na Cat agus nuair a tugadh isteach an laoch Richie Hogan bhí sceitimíní le brath timpeall na staide. Chuaigh leantóirí na gCat ar mire nuair a chothromaigh sé an cluiche le cúilín iontach. 

Ní raibh ach seacht nóiméad fágtha ag an bpointe sin, chomh maith le pé am cúitimh a bheadh ann, ach arís, le cabhair dornán cúilíní, tharraing Luimneach iad féin chun tosaigh arís. Ní raibh deireadh le Chill Chainnigh agus chríochnaíodar go tréan le trí chúilín nár freagraíodh, ach, faraor, rug an clog orthu. 

Cluiche éachtach a bhí ann. Bhí sé ina eipic cheart go dtí an fhead deiridh. Bhí cúilín i ndiaidh cúilín iontach ann. Bhí taispeántais iontacha againn ar an dá thaobh ach sheas Gearóid Hegarty amach agus gach scór dá chuid beagnach níos fearr ná an ceann roimhe sin. Cheapas go raibh Declan Hannon, Kyle Hayes, Diarmuid Byrnes agus Barry Nash ar fheabhas chomh maith. Ach thar aon rud eile, ba bhua foirne a bhí ann agus bhuaigh an fhoireann is fearr sa tír corn Mhic Cárthaigh den tríú huair as a chéile agus iad ag cloí leis an gcóras atá cruthaithe ag Paul Kinnerk agus John Kiely agus a meitheal. 

Níl aon dabht ach gur ré órga é don iomáint sa chontae bródúil seo cois Sionainne. 

Ná déantar dearmad ar an bpáirt a bhí ag Cill Chainnigh sa chluiche ceannais iontach seo. Bhíodar thar barr agus iad fós sa chluiche ag an deireadh i gcoinne shárfhoireann iomána na linne seo. 

Fág freagra ar 'A gcáil mar shárfhoireann na linne daingnithe ag gaiscígh Luimnigh'