‘A fluent but tolerant Gaeilgeoir’ – masla nuachtáin do chainteoirí Gaeilge

Thug an scoláire Caoilfhionn Nic Pháidín suntas do thagairt i dtuairisc bháis do dhuine a bhí ina ‘fluent but tolerant Gaeilgeoir’

‘A fluent but tolerant Gaeilgeoir’ – masla nuachtáin do chainteoirí Gaeilge

Deir iarcheannasaí Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, gur chóir do nuachtán náisiúnta a thuiscint go bhféadfadh an téarma ‘Gaeilgeoir’ a bheith ina mhasla do chainteoirí Gaeilge.

I litir léi a foilsíodh san Irish Times, thug Caoilfhionn Nic Pháidín suntas do thagairt i dtuairisc bháis do dhuine a bhí ina “fluent but tolerant Gaeilgeoir”.

D’fhiafraigh Nic Pháidín d’eagarthóir an nuachtáin an ndéanfaí cur síos ar dhuine a labhair aon teanga eile seachas an Ghaeilge mar dhuine a bhí “fluent but tolerant”.

Dúirt an t-údar agus scoláire, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an tí foilsitheoireachta Cois Life chomh maith, gur annamh a thugann cainteoir Gaeilge ‘Gaeilgeoir’ air féin.

“Cainteoirí Gaeilge muid agus sin mar is ceart cur síos a dhéanamh orainn. Ba chóir go mbeadh d’fhoireann eagarthóireacht ar an eolas go bhféadfadh dímheas a bheith mar fhochiall leis an téarma ‘Gaeilgeoir’ i mbéal cainteoirí Béarla, mar is léir ón agús “ach caoinfhulagach” a cuireadh leis an bhfocal sa tuairisc bháis,” a dúirt Caoilfhionn Nic Pháidín.

“We are quite simply Irish speakers and should be described as such. Your editorial team should be aware that the term “Gaeilgeoir” when used by English speakers can carry derogatory connotations, as indicated by the qualification “but tolerant” used in this obituary,” arsa Caoilfhionn Nic Pháidín.

Is fada cainteoirí Gaeilge ag cáiseamh úsáid an fhocail ‘Gaeilgeoir’.

Je Suis Peig! Glacaimis chugainn an P-fhocal!

Dar le Maolseachlainn Ó Caollaí, iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, mar shampla, gur bhain an Language Freedom Movement úsáid as focail amhail ‘Gaelic’ agus ‘Gaeilgeoirs’ chun díspeagadh a dhéanamh ar phobal na teanga.

Cé gur mhaígh an LFM go raibh siad i gcoinne na Gaeilge ‘éigeantaí’ seachas an Ghaeilge féin, mhaígh Conradh na Gaeilge gur bhréagnaigh úsáid na bhfocal ‘Gaelic’ agus ‘Gaeilgeoirs’ an t-áiteamh sin.

In alt leis ar Tuairisc roinnt blianta ó shin, d’áitigh Antain Mac Lochlainn, an scríbhneoir agus saineolaí teanga, go raibh ualach trom cuimhní agus réamhchlaonta ag baint leis an bhfocal ‘Gaeilgeoir’.

‘Abair ‘Gaeilgeoir’ agus smaoineoidh do lucht éisteachta ar ‘díograiseoir’, ‘cantalóir’ agus ‘abhlóir’,’ arsa Mac Lochlainn.

Mhaígh sé gurb é ‘Gaeilgeoir’ an focal is gránna sa teanga agus gurb é an focal ‘Gaeilgeoireacht’ an dara focal is gránna.

Fág freagra ar '‘A fluent but tolerant Gaeilgeoir’ – masla nuachtáin do chainteoirí Gaeilge'

  • Brendan Keane

    Baineann Máirtín Ó Cadhain feidhm as “Gaeilgeoir” gur chiallaíonn sé “foghlaimeoir.” Is Gael an cainteoir laethúil i ndáiríre. De réir an Bunreacht, is teanga náisiúnta í atá againn, mar sin is Éire in iomlán b’éigean dúinn a thugtar Gaeltacht uirthi, mar a bhí I gcónaí fadó.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ritheann sé liom ag léamh é seo, tagairt a bhí ag Pádraig Ó Mathúna (An Gabha Geal), beannacht Dé leis, agus é ag trácht ar dhaoine áirithe, go háraithe polaiteoirí: “Cé gur Gaeilgeoir é, ní Gael é!”