A Fhuil Is Léir Dom ar an Rós…

Foilsítear anseo leagan Gaeilge Gabriel Rosenstock de dhán Joseph Mary Plunkett 'I See His Blood Upon the Rose'. Bíodh Cáisc mhór mhaith ag léitheoirí uile Tuairisc.ie

Rosenstock

A Fhuil Is Léir Dom ar an Rós

Joseph Mary Plunkett

A fhuil is léir dom ar an rós,

I ngach aon réalt tá glóir a shúl.

Mar shneachta a cholainn, is ritheann fós

A dheora geala ón spéir anuas.

 

Is léir a ghnúis i ngach aon bhláth,

An toirneach agus scol gach éin

A ghuth, ar ndóigh – is snoite tá

A chumhacht sa charraig féin.

 

Is é a shiúil gach cosán dearg,

A chroí a bhogann an tonn tuile,

Fíodh a choróin as gach aon dealg

A chros is beo i ngach aon bhile.

(Aistrithe ón mBéarla ag Gabriel Rosenstock)

Fág freagra ar 'A Fhuil Is Léir Dom ar an Rós…'