A dhea-ghuí curtha ag an Taoiseach go dtí Uachtarán agus Céadbhean na Stát Aontaithe

Agus Donald Trump agus a bhean buailte ag an gcoróinvíreas, ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an scéal ar cheann de na feachtais toghchánaíochta is cinniúnaí i stair na tíre

A dhea-ghuí curtha ag an Taoiseach go dtí Uachtarán agus Céadbhean na Stát Aontaithe

Tá a dhea-ghuí curtha ag an Taoiseach Micheál Martin go dtí Uachtarán agus Céadbhean na Stát Aontaithe agus dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh “biseach iomlán go luath orthu beirt”.

Ar Twitter a sheol an Taoiseach a  theachtaireacht.

D’fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump ar maidin go raibh toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas a cuireadh air féin agus a bhean Melania Trump.

De réir na dtuairiscí is déanaí “comharthaí slaghdán beag” atá ar an Uachtarán faoi láthair agus bhí an chóir leighis a chuirfear air fós á plé aréir.

Chuir iarrthóir na nDaonlathach sa toghchán uachtaránachta Joe Biden in iúl ar Twitter go raibh sé féin agus a bhean, Jill, ag smaoineamh ar an Uachtarán agus a bhean. Dúirt Biden go raibh paidreacha á rá aige féin agus Jill Biden don Uachtarán agus a chlann.

Tuairiscíodh go raibh toradh diúltach ar thástáil a cuireadh ar Joe Biden don choróinvíreas.

Bhí imní ann go mbeadh an víreas tolgtha ag iarrthóir na nDaonlathach ó tharla gur ghlac sé páirt i ndíospóireacht le Donald Trump an tseachtain seo.

Ar Twitter a d’fhógair Trump an scéal go raibh Covid-19 tolgtha aige féin agus a bhean agus dúirt sé go rachaidís beirt ar coraintín láithreach.

Bhí toradh dearfach ar an tástáil don víreas a cuireadh Déardaoin ar dhuine de chomhairleoirí an uachtaráin, Hope Hicks.

Agus gan ach mí fágtha go dtí toghchán uachtaránachta Mheiriceá ar an 3 Samhain, ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an scéal ar cheann de na feachtais is cinniúnaí i stair na tíre.

Dúirt dochtúir an Uachtaráin, Seán Conley go raibh Trump agus a bhean “ag coinneáil go maith” agus go mbeadh a dhualgais á gcomhlíonadh aige fad is a bheidh sé ag fanacht glan ar dhaoine sa Teach Bán.

Tá beag is fiú déanta go minic ag Donald Trump den phaindéim Covid-19, cé go ndúirt sé in agallamh leis an iriseoir cáiliúil Bob Woodward gur thuig sé i gcónaí a thromchúisí is a bhí an scéal ach gurb amhlaidh nach raibh sé ag iarraidh scaoll a chur i ndaoine. Déantar cáineadh air chomh maith faoina dhearcadh patuar i leith caitheamh mascanna agus faoi gan aon scaradh sóisialta ceart a bheith i bhfeidhm ag na mórócáidí toghchánaíochta a bhíonn á reáchtáil aige in ainneoin na paindéime.

Tholg Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro an víreas roimhe seo ach d’fhéadfadh Donald Trump a bheith níos leochailí ná an bheirt sin agus é 74 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'A dhea-ghuí curtha ag an Taoiseach go dtí Uachtarán agus Céadbhean na Stát Aontaithe'