A chuntas Twitter dúnta ag James McClean i ndiaidh dó tvuíteáil faoi Brexit agus Éire Aontaithe

In éineacht le teachtaireacht McClean bhí pictiúr de fhéin agus Martin McGuiness ó Shinn Féin, íomhá de bhrat na hÉireann agus an dá haischlib #BorderPoll agus #UnitedIreland

Republic of Ireland Squad Training, Gannon Park, Malahide, Dublin 17/11/2014 James McClean Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
James McClean. INPHO/Donall Farmer

Tá a chuntas Twitter dúnta ar maidin ag imreoir sacair na hÉireann James McClean díreach i ndiaidh dó tvuít a chur amach ag cur fáilte roimh thoradh an reifrinn Brexit mar “reignition of the flames of reunification”.

In éineacht le teachtaireacht McClean bhí pictiúr de fhéin agus Martin McGuiness ó Shinn Féin, íomhá de bhrat na hÉireann agus an dá haischlib #BorderPoll agus #UnitedIreland.

Screen Shot 2016-06-24 at 13.10.48

Ní fios cén t-údar a bhí ag McClean, arb as Taobh an Bhogaigh i nDoire dó, lena chuntas a dhúnadh ná cén bhaint a bhí ag an tvuít dheireanach sin a chuir sé amach lena chinneadh, ach is minic conspóid cothaithe cheana aige de bharr an drogall a bhíonn air géilleadh do dheasghnátha agus siombalachas na Breataine.

Ó thosaigh McClean ag imirt i Sasana in 2011, tá diúltaithe aige an poipín a chaitheamh ar a gheansaí mar a dhéanann imreoirí eile i Sasana in ómós do na saighdiúirí uile a maraíodh ag troid d’arm na Breataine, cinneadh a thuill bagairtí báis dó.

An samhradh seo caite tharraing sé aird air féin nuair a d’iompaigh sé a dhroim le linn do ‘God Save the Queen’ a bheith á chanadh ag cluiche a d’imir a chlub West Bromwich Albion i Meiriceá. Chas na himreoirí uile i dtreo bhrat na Breataine, ach amháin McClean a d’iompaigh an treo eile agus a chlaon a cheann.

Dhún McClean cuntas Twitter a bhí aige in 2012 nuair a bhagair daoine é a chur chun báis nuair a chuaigh sé i mbun argóna leo siúd a bhí míshásta gur ag imirt do Phoblacht na hÉireann seachas do Thuaisceart Éireann a bhí sé.

Fág freagra ar 'A chuntas Twitter dúnta ag James McClean i ndiaidh dó tvuíteáil faoi Brexit agus Éire Aontaithe'

  • Breathnóir

    Is dócha gur druideadh a chuntas Twitter mar gheall ar eagla roimh na himpleachtaí sna meáin, ach…
    tá an ceart ar fad aige.

  • Seán

    Ardfhear… Meas ó dheas ar an bhfathach fhéin! Thug sé an-shampla i gcoinne na nIodáileach agus tuairimí fónta aige, ina theannta.

  • Colm

    Fear le prionsabail! Maith thú James