A chinneadh deimhnithe anois ag Pat ‘the Cope’

Deir Ó Gallchóir go bhfuil an tsláinte go maith aige agus go gcreideann sé go mbeidh daoine ‘sásta é a chur ar ais sa Dáil’

90078036
Pat the Cope Ó Gallchóir. Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Tá sé deimhnithe ag Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir (FF) go mbeidh sé sa tóir ar shuíochán Dála sa chéad olltoghchán eile.

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, bhí Ó Gallchóir i mbun machnaimh le tamall anuas faoi ainmniúchán a lorg óna pháirtí, Fianna Fáil.

Toghadh Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir chun na Dála den chéad uair i 1981, mar a raibh sé i mbun cúraimí go dtí 1997. Toghadh an athuair é in 2002 agus bhí sé ann go dtí 2009. Le linn na mblianta aige sa Dáil, chaith sé tréimhsí ina Aire Stáit i Roinn na Mara, Roinn na Gaeltachta, an Roinn Comhshaoil, an Roinn Sláinte agus an Roinn Iompair.

Bhain sé suíochán i bParlaimint na hEorpa amach i 1994 agus d’éirigh leis an suíochán sin a fháil i 1999 agus arís in 2009. Chaill sé a shuíochán sa Pharlaimint in 2014 ach lean sé den obair pholaitíochta ina dháilcheantar féin.

Ag caint dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt sé gur thosaigh daoine ag teacht chuige chun “treoir agus cuidiú” a fháil uaidh. De réir a chéile, a dúirt sé, mhéadaigh ar an mbrú a bhíothas a chur air seasamh san olltoghchán agus chinn sé “ag deireadh na seachtaine seo caite” go seasfadh sé.

Dúirt sé go bhfuil sé breá sásta cuidiú le daoine agus go bhfuil an tsláinte go maith aige in ainneoin é a bheith níos sine an babhta seo.

Dúirt sé freisin go gcreideann sé go mbeidh daoine “sásta é a chur ar ais sa Dáil”.

Fág freagra ar 'A chinneadh deimhnithe anois ag Pat ‘the Cope’'