‘A chemical arms race in the sea’ – ní in Éirinn amháin atá conspóid ar bun faoin bhfeilméaracht bradán

Tá cíoradh ó chluas go heireaball á dhéanamh ar thionscal na mbradán feilme in Albain faoi láthair agus athbhreithniú ar a choinneofar súil ghéar air ar chóstaí thiar na hÉireann

‘A chemical arms race in the sea’ – ní in Éirinn amháin atá conspóid ar bun faoin bhfeilméaracht bradán

Ní sa tír seo amháin atá conspóidí ar bun faoin  bhfeilméaracht bradán; táthar á chíoradh go mion in Albain faoi láthair freisin.  Níl ann ach go mbeidh fiosrúchán amháin a bhaineann leis an tionscal críochnaithe ag Parlaimint na nAlban ná go mbeidh athbhreithniú níos iomláine fós ag tosú i measc na bhfeisirí i nDún Éideann.  Cuirfidh Coiste Gnóthaí Tuaithe Pharlaimint na hAlban tús ar an 7 Márta leis an gcíoradh seo ó bhun go barr ar thionscal na mbradán.  Beidh chuile ní a bhaineann leis faoi chaibidil.

Cé gurb iad na bradáin feilme is mó uilig a easpórtáiltear as Albain níl an tionscal ag éalú ó cheisteanna móra timpeallachta.   Ba í gluaiseacht na n-iascairí slaite in Albain a rinne éileamh ar an scagadh seo ar an bhfeilméaracht bradán cúpla bliain ó shin.  Tá curtha leis an ngaoth atá ag séideadh in aghaidh na feilméarachta bradán ag glórtha eile ó shin. Bhí a lán altanna i nuachtáin le scaitheamh ag caitheamh amhrais ar an tionscal in Albain.  I mórán chuile alt acu sin tá lorg Don Staniford, gníomhaí timpeallachta agus fear atá go mór i gcoinne na feilméarachta bradán. Leis na blianta fada tá Staniford i mbun feachtais in aghaidh an tionscail in Albain.  Dhá cheist atá coitianta go maith sa tír seo freisin atá ar bharr a dteanga acu siúd atá míshásta leis na bradáin fheilme in Albain: míola farraige agus an galar geolbhaigh.

Is é Sir Edward Mountain, feisire de chuid an pháirtí Chaomhaigh do na Garbhchríocha agus na hOileáin an cathaoirleach ar an gCoiste Gnóthaí Tuaithe i bParlaimint na hAlban. Tugann seisean an dá thrá leis sa gcéad ráiteas a rinne sé faoin Athbhreithniú:  “ Is léir,” a deir an Feisire Mountain “go bhfuil tábhacht an-mhór le tionscal na feilméarachta bradán in Albain agus tá sé i gceist  go ndéanfaí tuilleadh forbartha air.  Ach, tá dúshláin amach roimh an tionscal seo, sláinte na mbradán, míola farraige agus an galar geolbhaigh go háirithe – agus an lorg a fhágann an tionscal seo ar an timpeallacht.” Beidh an Coiste Tuaithe ag dul go bun an údair, a deir Sir Edward.

Cé go bhféadfaí a rá, ar an gcéad amharc, go bhfuil leas agus forbairt thionscal na mbradán fite fuaite san Athbhreithniú seo, is beag amhras atá ar Julie Edgar, bean labhartha na bhfeilméaraí bradán i gcathair Perth, ach go bhfuil conspóidí timpeallachta ag fadú na tine freisin.   “Ní inniu  ná inné a thosaigh an díospóireacht ach tá sé láidrithe le gairid,” a deir sí.

Aon fheisire dhéag atá ar an gCoiste Tuaithe i bParlaimint na hAlban.  Sa bParlaimint i nDún Éideann is mó a dhéanfar an plé ar cheist na feilméarachta bradán, ach dúirt urlabhraí ansin gur dóigh go mbaileofar cuid den eolas agus den fhianaise i gceantair cois cósta in iarthuaisceart na tíre, na háiteanna sin ina bhfuil bunáit an tionscail.

Míníonn Julie Edgar, bean labhartha thar ceann na heagraíochta ‘Táirgeoirí Bradán Feilme n hAlban’ go bhfuil géarchéim fostaíochta sna ceantair uilig a bhfuil an fheilméaracht bradán ar bun iontu.  “Is é an tionscal sin cnámh droma na fostaíochta i gcuid mhór de na ceantair iargúlta seo,” ar sise.

Seacht gcomhlacht mór atá ag plé le tionscal na mbradán feilme in Albain agus is é Marine Harvest, dream atá an-láidir in Éirinn freisin, an comhlacht is mó acu.  Go deimhin, is iad na comhlachtaí as an Iorua is tréine in Albain anois.  “Is acu atá ceannas ar an tionscal anseo,” a deir tuairisceoir leis an Shetland News liom. Is sampla maith iad na hoileáin sin den leas atá déanta ag an bhfeilméaracht bradán ó thaobh fostaíochta de mar tá na céadta ag obair sa tionscal ansin.   

Cé go raibh titim 5.2% ar na tonnaí bradán a tógadh as feirmeacha na hAlban in 2016 i gcomórtas leis an mbliain roimhe sin, fós tógadh163,000 tonna.  B’fhiú £519 milliún na bradáin fheilme a easpórtáladh as Albain idir Eanáir agus Deireadh Fómhair 2017. In áit na leathphingine atá  stádas na feilméarachta bradán in Éirinn i gcomórtas leis na figiúirí sin in Albain, 16,300 tonna in 2016, luach €105 milliún a bhí againn anseo. 

Tugann méid agus tábhacht eacnamaíochta na feilméarachta bradán in Albain stádas níos láidre don tionscal sa tír sin ná mar atá ag an tionscal in Éirinn.  Ina dhiaidh sin féin, tá siad ar a gcosaint faoi láthair.  Tabhair faoi deara cuid de na ceannlínte sna nuachtáin:   ‘The terrible cost of Scotland’s Salmon Farms’ – Financial Times.  ‘Salmon Farming in crisis – We are seeing a chemical arms race in the sea’ – An Guardian.  ‘Time to clean up Scotland’s Salmon Farming Industry’ – foilseachán feachtais timpeallachta.

Ar ndóigh, tá lucht an tionscail féin ag cur in aghaidh na scéalta sin agus ag maíomh go bhfuil na fíricí curtha as a riocht.   Díríonn siad aird freisin ar an leas atá an tionscal a dhéanamh in Albain.

Seo iad na ceisteanna a bheidh á bplé faoi stiúir Sir Edward Mountain i nDún Éideann.  D’fhéadfadh tuarascáil an Choiste Tuaithe a bheith ar fáil roimh mhí an Mheithimh seo chugainn, nó b’fhéidir go bhfanfaí go dtosódh an chéad seisiún eile den Pharlaimint i nDún Éideann sa bhFómhar.  Dúirt urlabhraí sa bParlaimint go dtugtar aird mhór ar thuarascálacha den saghas seo agus go mbeadh sé chomh dóigh céanna go mbeadh reachtaíocht nua faoin bhfeilméaracht bradán in Albain mar thoradh ar an gceann seo.

Gan dabht, coinneofar súil ghéar ar an athbhreithniú agus an tuarascáil seo ar chóstaí thiar na hÉireann freisin.   

Fág freagra ar '‘A chemical arms race in the sea’ – ní in Éirinn amháin atá conspóid ar bun faoin bhfeilméaracht bradán'