A chéad deis le foireann Chiarraí faighte ag Cathal Ó Lúing na Gaeltachta

Tá an pheil san fhuil ag Cathal Ó Lúing ar garnia é le Tom Long a bhuaigh dhá chraobh uile-Éireann le Ciarraí

A chéad deis le foireann Chiarraí faighte ag Cathal Ó Lúing na Gaeltachta

Tá Cathal Ó Lúing, fear óg Gaeltachta, ainmnithe ar phainéal Chiarraí a thabharfaidh aghaidh ar Mhuineacháin sa tsraith náisiúnta peile Dé Domhnaigh. Seo an chéad deis atá tugtha don imreoir óg, arb as Cill na gColmán i gCeann Trá dó, le foireann sinsir na Ríochta agus é ainmnithe i measc na bhfear ionaid do chluiche an Domhnaigh. Tá an pheil san fhuil ag Ó Lúing ar garnia é le Tom Long a bhuaigh dhá chraobh uile-Éireann le Ciarraí agus atá áirithe i measc na dtosaithe is fearr a d’imir riamh don chontae.

I measc na gcosantóirí a bhíonn Cathal Ó Lúing ag imirt agus tá aithne mhaith ag bainisteoir Chiarraí, Eamonn Fitzmaurice, ar fhear Cheann Trá óna thréimhse mar bhainisteoir ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Bhí Ó Lúing mar lánchúlaí ar fhoireann na Pobalscoile a bhuaigh Corn Uí Mhuirí in 2012 agus in 2013. 15 cluiche a d’imir fear na Gaeltachta d’fhoirne faoi aois Chiarraí, idir mhionúir agus faoi 21.

Chomh maith leis sin, bhí sé mar lánchúlaí ar dheis ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh Shóisir na hÉireann an samhradh seo caite.

Tá súil á caitheamh ag bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ar imreoirí nua le linn na sraithe seo agus deis tugtha cheana féin aige do scata cosantóirí óga eile, leithéidí Jason Foley, Tom O’Sullivan ón Daingean, agus Ronan Shanahan. Tá comhghleacaí Uí Lúing ar fhoireann na Gaeltachta, Brian Ó Beaglaoich, gortaithe faoi láthair ach beidh sé ag imirt arís le foireann an chonate nuair a thiocfaidh sé chuige féin.

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Mhuineachán i gCill Airne Dé Domhnaigh agus beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh na pointí sraithe a thabhairt leo i ndiaidh dóibh cailliúint in aghaidh Mhaigh Eo i mbabhta a dó den tsraith. Gortaíodh fear eile ó Chorca Dhuibhne, Paul Geaney, le linn an chluiche sin, ach tá fear an Daingin ainmnithe ar an bhfoireann a thosóidh i gcoinne Mhuineacháin.

Tá fir na Ríochta sa cheathrú háit i Roinn 1 faoi láthair, pointe amháin taobh thiar de Mhuineachán atá sa tríú háit.

Fág freagra ar 'A chéad deis le foireann Chiarraí faighte ag Cathal Ó Lúing na Gaeltachta'

  • Helen

    Ba cheart a lua chomh maith go bhfuil gaol gairid aige le laoch eile,Mossie O Conchúir ón nGaeltacht,agus Chicago. Bhí tionchar ana dhearfach aige Mossie ar Chumann Peile na Gaeltachta,agus tá a chroi anseo,agus beidh go deo.

  • NS

    Gaol ag an bhfear óg seo chomh maith le

    (1) muintir Shé Árd a Bóthar – Páidí, Fergal, Dara, Tomás & Marc.

    (2) Dara Uasal Ó Cinnéide

    (3) Muintir Chonchüir a d’imrigh don nGaeltacht – Micí & Tomás (nach maireann) san áireamh.

    (4) Deartháir le Seán agus Céití