A chéad chnuasach gearrscéalta do dhaoine fásta foilsithe ag Míchéal Ó Conghaile le 12 bliain

Is é Diabhlaíocht Dé an chéad chnuasach le Ó Conghaile ó foilsíodh an saothar a dhaingnigh a cháil mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge

 

MichealOChonghaile-520x245

Tá Mícheál Ó Conghaile fillte ar an ngearrscéalaíocht do dhaoine fásta, dhá bhliain déag i ndiaidh fhoilsiú an tsaothair a dhaingnigh a cháil mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge. diabhlaiocht-de-cover

Seolfar ag deireadh na míosa seo an chéad chnuasach do dhaoine fásta aige ó foilsíodh An Fear nach nDéanann Gáire sa bhliain 2003.

Áiríodh ar an nuachtán Foinse an cnuasach sin ar na deich leabhar Gaeilge is fearr dár scríobhadh riamh agus bhí sé i measc na ndeich leabhar Gaeilge is fearr ó thús na mílaoise de réir mórshuirbhé a dhein an iris Comhar i Nollaig 2013.

Beidh léitheoirí na Gaeilge ag tnúth go mór mar sin le greim a fháil ar Diabhlaíocht Dé ina bhfuil dhá scéal déag nua agus gach ceann acu maisithe le híomhá nua leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta.

Gealltar dúinn in Diabhlaíocht Dé, atá díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, “scéalta buile” agus “scéalta mire” ina n-imríonn Dia “cleasanna den uile chineál ar chine daonna nach bhfuil ach díreach tagtha ar an saol”.

Is é an Dr Louis de Paor a sheolfaidh an cnuasach nua i Siopa Leabhar Charlie Byrne i gcathair na Gaillimh ar an Aoine an 26 Meitheamh.

Déanfar ceiliúradh ag an ócáid chomh maith ar thrí theideal nua ó Dalkey Archive Press; The Key / An Eochair le Máirtín Ó Cadhain (aistrithe ag Louis de Paor agus Lochlainn Ó Tuairisg); Seachrán Jeaic Sheáin Johnny/Rambling Jack le Micheál Ó Conghaile (aistrithe ag Katherine Duffy); agus Past Habitual, leabhar nua le Alf MacLochlainn.