A bhfuil le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo

Ciarraí ag streachailt sa bháisteach, easpa smachta Phily McMahon agus na ceachtanna eile atá le foghlaim ó bhua Bhaile Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann

Imreoirí Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh ag lán ama. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Imreoirí Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh ag lán ama. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Taithí Chiarraí sa bháisteach curtha ó mhaith i bPáirc an Chrócaigh inné

Nuair a chonaic lucht tacaíochta Chiarraí na scamaill dubha os cionn Pháirc an Chrócaigh inné, caithfidh gur neartaíodh a misneach beagáinín. Is é an fáth leis sin ná go raibh sé taispeánta faoi dhó i mbliana ag foireann Éamonn Fitzmaurice go raibh siad in ann déileáil leis an drochaimsir.

Bhí ag tuile báistí nuair a bhuadar athimirt chluiche ceannais na Mumhan i gcoinne Chorcaí agus ba é an scéal céanna in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann an mhí seo caite. Faraor, níor oibrigh sé amach an chaoi chéanna dóibh inné. Cé go raibh daoine ag súil le cluiche na bliana roimhe, mhill an aimsir an choimhlint, a bhí breac le botúin.

Is é an rud is iontaí faoi Chiarraí nach ndeachaigh siad i dtaithí ar na cúinsí aimsire agus imeartha ar chor ar bith. Arís agus arís eile, rinne siad iarracht an liathróid a thabhairt leo agus a ndúshlán a thabhairt do chosantóirí Bhaile Átha Cliath, ach mar gheall ar an aimsir fhliuch, bhí i bhfad níos éasca ag na cosantóirí céanna an liathróid a sciobadh uathu. Fiú nuair a chuir na Ciarraígh pasanna isteach i dtreo an líne lántosach, bhí siad ag streachailt le greim a choinneáil ar an liathróid go háirithe James O’Donoghue. Ós a choinne sin, ba é cluiche an lae inné an chéad cluiche a d’imir Baile Átha Cliath sa bháisteach ón gcluiche sraithe i gcoinne Dhoire ag deireadh mhí an Mhárta, ach fós bhí cuma i bhfad níos compordaí orthu ná mar a bhí ar na Muimhnigh.

Philly McMahon ag déanamh cailíos ar Kieran Donaghy. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Philly McMahon ag déanamh cailíos ar Kieran Donaghy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Easpa féinsmachta McMahon ag déanamh dochair dá sheansanna d’Imreoir na Bliana

Ag an tráth seo, bheadh iontas ann mura n-ainmneofar Philly McMahon ar fhoireann na All-Stars faoi cheann cúpla seachtain ach, de bharr é a bheith páirteach in eachtra ghránna eile i gcluiche an lae inné, níl sé ag tacú leis an seans atá aige gradam Imreoir na Bliana a bhuachan.

Agus cúig nóiméad fágtha sa chluiche, bhí seilbh na liathróide ag Kieran Donaghy agus é ag déanamh ar an gcúl. Idir McMahon, Rory O’Carroll agus James McCarthy, chuir an triúr stop leis an gCiarraíoch ach ba é McMahon agus an méid a rinne sé lena mhéar a tharraing conspóid. Chuir sé isteach i súil Donaghy í nuair nach raibh an liathróid aon áit gar do chloigeann an thosach.

seo an chéad uair a tharraing McMahon drochchlú air féin maidir lena chuid gníomhaíochtaí ar an bpáirc. I gcoinne Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais, bhí féin agus Aidan O’Shea ag dul in adharca a chéile agus fear Mhaigh Eo ag rá i ndiaidh an chluiche gur bhuail McMahon é lena cheann. Níl aon amhras ach go raibh sárbhliain ag an gcosantóir i mbliana ach is cinnte go mbeidh na heachtraí seo in intinn na moltóirí nuair a thiocfas an t-am chun na gradaim a bhronnadh ag deireadh na bliana.

Colm Cooper in ísle brí i ndiaidh an chluiche. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Colm Cooper in ísle brí i ndiaidh an chluiche. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Easpa díograise an rud is díomáiche do Chiarraí

Bheadh ort dul siar píosa fada chun taispeántas chomh dona céanna a fháil ó Chiarraí i gcluiche ceannais. Cé nár chuidigh an bháisteach leis an gcluiche, is é an easpa díograise agus spioraid a thaispeáin imreoirí Chiarraí an rud is mó a chinntigh gur drochchoimhlint a bhí sa chluiche ceannais inné.

Le Colm Cooper, Paul Geaney agus James O’Donoghue, tá an líne lántosach is dainséaraí sa pheil ag Ciarraí. Faoin am a séideadh an fheadóg den uair dheireanach, áfach, bhíodar meata go mór agus ní raibh iontu ach scáil na n-imreoirí atá feicthe againn roimhe seo; beirt acu, Geaney agus O’Donoghue, tógtha den pháirc ag Éamonn Fitzmaurice.

Is é an rud is suntasaí faoi na taispeántais a thug siad ná an easpa gluaiseachta a bhí ag baint leo. Agus líne leath-thosach Chiarraí tithe siar, bhí go leor spáis os comhair Cooper, Geaney agus O’Donoghue ach níor bhain siad aon leas as, iad ag caitheamh cuid mhaith den chluiche ag seasamh in aice lena chéile ar an líne 14m.

Ar a laghad, d’éirigh le Geaney agus O’Donoghue tionchar éigin a bheith acu ar chlár na scór ach is ar éigean a leag Cooper lámh ar an liathróid i rith an 70 nóiméad. Tar éis na hoibre uile atá déanta aige le teacht ar ais ón ngortú glúine, ní seo an toradh a raibh ag súil leis.

Rory O'Carroll ag iarraidh stop a chur le Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Rory O’Carroll ag iarraidh stop a chur le Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Baile Átha Cliath ina seaimpíní mar gheall ar a bhfuil foghlamtha acu

Nuair a chlis ar Bhaile Átha Cliath i gcoinne Dhún na nGall anuraidh, cuireadh an milleán ar an gcosaint a bhí ag foireann Jim Gavin. Bliain ina dhiaidh, agus na himreoirí céanna fós ag imirt den chuid is mó, is iad cosantóirí Bhaile Átha Cliath atá ag fáil go leor den moladh.

Agus iad ag imirt in aghaidh Chiarraí agus Mhaigh Eo, bhí cuid de na tosaithe is fearr sa tír leo ach fós féin, d’éirigh leo iad a choinneáil ciúin agus socair ar an mórgóir. Níor éirigh le Aidan O’Shea ach 0-1 a scóráil sa dá chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus cé gur éirigh níos fearr le Cillian O’Connor, níor tháinig ach 1-1 den iomlán a fuair seisean ón imirt. Ba é an scéal céanna inné é. Ar na tosaithe a thosaigh do Chiarraí, b’iad James O’Donoghue agus Paul Geaney an t-aon bheirt a scóráil.

Meastar go bhfuil Jack McCaffrey, Rory O’Carroll, Philly McMahon agus Cian O’Sullivan i measc na n-imreoirí is fearr sa tír ina n-ionaid féin agus tá beagnach cinnte gur cosantóir de chuid na gcuradh a ainmneofar mar Imreoir na Bliana.

Fág freagra ar 'A bhfuil le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo'

  • seán

    Fitzmaurice ag brath ar na seanphlandaí rómhór, O Mahony, Donahie agus Galvin -in ainm Dé- go háirithe. Is cuma cén spórt é is barbarach agus gaige críochnaithe a chuirfeadh a mhéar i súil imreoir eile d’aonghnó agus beidh CLG náirithe go deo mura gcuirfidh siad pionós dian ar McMahon mar gheall air sin. Beidh le feiceáil.