A bhfuil le déanamh ag foirne Shasana i Sraith na gCuradh

Leis na cluichí deireanacha grupa ar siúl anocht agus amárach, cé na torthaí atá ag teastáil ó fhoirne na Príomhroinne?

Liverpool fans 14/5/2014

Dé Máirt, 9 Nollaig

Liverpool v Basel, 7.45i.n.

Níl tada casta faoi céard a chaithfidh Liverpool a dhéanamh chun cáiliú don chéad babtha eile den chomórtas. Faoi láthair, tá siad féin suite sa triú háit i nGrúpa B, dhá phointe taobh thiar de Basel, atá sa dara háit.

Agus Real Madrid cáilithe sa chéad áit cheana féin, casfaidh Liverpool agus Basel in Anfield anocht chun an áit dheireanach a bhaint amach. Caithfidh Liverpool an cluiche a ghruachtáil le léim thar fhoireann na hEilvéise agus ní dhéanfaidh aon toradh eile an gnó dóibh.

Cé go bhfuil seans fós ag Ludogorets áit a bhaint amach sna babhtaí díbeartha, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh Real Madrid sa Bernabéu. Fiú má chuireann Real Madrid leathfhoireann chun páirce, bheadh iontas ann dá mbeadh muintir na Bulgáire in ann tada a fháil de bharr a dturais go dtí an Spáinn.

Má tá Liverpool in ann, ar a laghad, cailleadh a sheachaint agus fanacht sa tríú háit sa ghrúpa, bainfaidh siad áit amach sa chéad bhabhta eile de Shraith Europa, cé nach mbeidh mórán tóir ar an toradh sin.

Olivier Giroud

Galatasaray v Arsenal, 7.45i.n.

Tá gach rud i nGrúpa D socraithe roimh an tseachtain seo, ach amháin an t-ord ina gcríochnóidh Arsenal agus Borussia Dortmund. Faoi láthair, tá na Gearmánaigh sa chéad áit le 12 phointe, péire os cionn Arsenal.

Caithfidh Arsenal an bua a fháil in Iostanbúl agus, ag an am céanna, bheith ag súil go bhfaighidh Anderlecht an ceann is fearr ar Dortmund. Tá an chéad áit sa ghrúpa thar a bheith tábhachtach mar tugann sé deis cuid de na foirne is láidre sa chomórtas a sheachaint sna chéad bhabhtaí eile.

Níl na babhtaí ceathrú ceannais sroichte ag Arsenal le cúig shéasúr anuas agus má tá siad ag iarraidh é sin a chur ina cheart, beidh an chéad áit sa ghrúpa tábhachtach. Leis sin uile ráite, níl mórán seans nach bhfuil Dortmund chun an pointe a chinnteoidh an phríomháit a ghabháil sa bhaile anocht, agus b’fhéidir go dtabharfaidh Arsene Wenger scith do chuid dá imreoirí mar gheall air sin.

Dé Céadaoin, 10 Nollaig

Manchester City
Aireoidh Man City Sergio Aguero go mór uathu.

Roma v Manchester City, 7.45i.n.

Cé go bhfuil na céadta milliún caite ag Manchester City ó cheannaigh Sheikh Mansour iad i 2008, níor tháinig siad amach as an ngrúpa ach uair amháin i Sraith na gCuradh. Faoi láthair tá siad i ceann de na grúpaí is teinne sa chomórtas.

Tá Bayern Munich cáilithe sa chéad áit cheana féin ach tá City, Roma agus CSKA Moscow uile cothrom ar cúig phointe an taobh.

Tá an dúshlán is deacra ag na Rúisigh; tá orthu toradh a fháil i Munich chun deis sa chéad bhabhta eile a fháil. Sa Róimh, beidh City agus Roma in iomaíocht lena chéile chun an dara háit sin a ghabháil dóibh féin.

Chríochnaigh an cluiche i Manchain níos luaithe sa chomórtas cothrom, 1-1, ach tá scórálaí City an oíche sin, Sergio Aguero, gortaithe an turas seo agus déanfaidh sé sin rudaí i bhfad níos deacra d’fhoireann Manuel Pellegrini.

Mar gheall ar dhifríocht na gcúl, caithfidh City cluiche na hoíche anocht a bhuachan chun teacht slán ach fiú má dhéanann siad an méid sin féin, beidh siad ag siúl le dea-scéal ón nGearmáin chun áit sna babhtaí díbeartha a chinntiú.

José Mourinho

Chelsea v Sporting Lisbon, 7.45i.n.

Is iad Chelsea an t-aon fhoireann Shasanach nach bhfuil aon tábhacht ag baint lena gcluiche deireanach grúpa. Tá foireann Mourinho ar 11 phointe, ceithre cinn os cionn Sporting Lisbon, a gcéilí comhraic ar an gCéadaoin.

Fiú amháin má cháilleann Chelsea, beidh siad fós slán sa chéad áit sa ghrúpa ó tharla iad cáilithe don chéad stáidse eile cheana féin. Mar gheall air sin, is cinnte go mbeidh Mourinho ag iarraidh cuid de himreoirí móra Chelsea a fhágáil ar an taobhlíne.

Cé go m’fhéidir nach mbeidh an fhoireann baile ag déanamh a míle dícheall, is cinnte go mbeidh Sporting. Tá na Portaingéalaigh sa dara háit i nGrúpa G ach tá ar a laghad pointe ag teastáil uathu chun Schalke a choinneáil taobh thiar díobh sa chuid íochtair den ghrúpa.