Cé go raibh Cúige Laighean níos gaire do Toulon a bhualadh ná a cheap go leor againn, dealraíonn sé go bhfuil foirne na hÉireann cúpla céim chun deiridh ar a leithéidí Toulon agus Clermont san Eoraip.
Agus an Corn Heineken buaite acu cúig huaire ag foirne Éireannacha idir 2006 agus 2012, tá deireadh leis an ré órga sin anois agus tá na Francaigh saibhre in uachtar. Má tá na hÉireannaigh chun barr a réime a shroicheadh arís, tá roinnt athraithe le déanamh acu.
Caithfear cruthaitheacht na Laighneach a fheiceáil arís
Is sna cúlaithe is mó atá athrú ag teastáil ó Chúige Laighean. Tá tosaithe maithe ag foireann Matt O’Connor faoi láthair agus tá roinnt blianta fanta fós ag Jamie Heaslip, Sean O’Brien agus Sean Cronin, chomh maith le himreoirí óga atá fós ag dul i bhfeabhas, ar nós Marty Moore, Jack McGrath agus Jordi Murphy.
Nuair a bhuaigh Cúige Laighean an Corn Heineken trí huaire idir 2009 agus 2012, ba iad ceann de na foirne is mó a raibh bua na cruthaitheachta iontu san Eoraip. Ní bheadh éinne ag súil go n-aimseofaí Brian O’Driscoll eile, ach beidh beirt eile a raibh ról lárnach acu sna buanna sin, Johnny Sexton agus Isa Nacewa, le Cúige Laighean arís an séasúr seo chugainn.
Níl aon insint ar thábhacht Sexton don fhoireann agus má tá Nacewa fiú leath chomh maith is a bhí sé leis an gcúige roimhe seo, beidh na Laighnigh níos fearr an chéad turas eile.
Caithfidh Keatley an mhuinín is an iontaoibh a chúiteamh le Cúige Mumhan
Nuair a bhí Cúige Mumhan ar cheann de na foirne is láidre san Eoraip, ba é cumas Ronan O’Gara a thuill an stádas sin go minic dóibh. Ní fheicfidh tú mórán foirne ag buachan na bpríomhchomórtas anois mura bhfuil uimhir a 10 den scoth acu.
Bhí iontas ar go leor daoine ag tús na bliana nuair a rinne JJ Hanrahan an cinneadh Cúige Mumhan a fhágáil ag deireadh an tséasúir seo chun imirt le Northampton i Sasana. Cé go ndearna Anthony Foley iarracht é a choinneáil, is léir go raibh Cúige Mumhan sásta tús áite ar an bhfoireann mar leathchúlaí amuigh a thabhairt d’Ian Keatley. Caithfidh an Baile Átha Cliathach an mhuinín is an iontaoibh sin a chúiteamh leo.
Cé go mbíonn laethanta ann nach ndéanann Keatley dath as bealach, níl sé taispeánta aige go bhfuil sé in ann an beart a dhéanamh go rialta, rud atá ag teastáil ó leathchúlaí amuigh ar ardchaighdeán.
Imreoirí le taithí ag teastáil chun cabhrú le himreoirí óga Chonnacht
Bhí corraí san iarthar agus ar fud na tíre anuraidh nuair a tháinig an scéal amach go raibh Mils Muliaina, ceann de na himreoirí is fearr a chaith geansaí na All Blacks riamh, chun imirt le Cúige Chonnacht don séasúr seo. Faraor d’fhoireann Pat Lam, is féidir a rá go cinnte nár oibrigh sé do na Connachtaigh.
Ní hé seo an chéad uair a theip ar imreoir mór ón Nua-Shéalainn i nGaillimh. Nuair a shínigh na Connachtaigh Craig Clarke cúpla bliain ó shin, bhí lucht leanúna an chúige ag súil go mór leis an tionchar a bheadh aige ach chuir gortuithe deireadh anabaí le himirt Clarke. Nuair nach bhfuil an t-airgead céanna ag Cúige Connacht is atá ag foirne eile, tá siad ag brath ar mhargadh maith a fháil ar imreoirí, rud nach bhfuil déanta acu fós.
Imreoir nua amháin atá ag dul i bhfeabhas, de réir a chéile, ná Bundee Aki. Tá sé féin agus Robbie Henshaw cumasach i lár na páirce ag na Connachtaigh. Tá imreoirí óga eile acu atá in ann dul chun cinn a dhéanamh, ach is é an rud is tábhachtaí do Chúige Chonnacht ná imreoirí a bhfuil an taithí cheart acu a fháil.
Athruithe beaga chun difríocht mhór a dhéanamh d’Ulaidh
Chuaigh sé dian ar Chúige Uladh san Eoraip i mbliana ach bhí cúpla leithscéal acu. Ar dtús, bhí grúpa thar a bheith dúshlánach rompu, mar a raibh curaidh na bliana 2013 agus 2014, Toulon, chomh maith le Leicester agus Scarlets. Anuas ar sin, mar nach raibh Neil Doak ina phríomhcóitseálaí ach ó lár mhí Mheán Fómhair amach, ní raibh deis aige ullmhú i gceart don séasúr ach an oiread.
Anois, beidh samhradh iomlán ag Doak chun a cuid smaointe a chur i bhfeidhm agus beidh lámh níos mó aige i bhforbairt na n-imreoirí a thabharfaidh an cúige isteach. Fear amháin ata sínithe acu cheana féin ná an Nua-Shéalannach Charles Piutau, agus beidh Doak ag súil go réiteoidh seisean cuid den easpa cruthaitheachta i lár na páirce a bhí ag cur as do Chúige Uladh i mbliana. Tá a ndóthain feicthe ag Cúige Uladh de chumas Paddy Jackson chomh maith i mbliana chun coinneáil leis.
Áit amháin eile a gcaithfidh na hUltaigh imreoirí a thabhairt isteach ná sna tosaithe. Fiú sular éirigh Declan Fitzpatrick as an imirt an tseachtain seo caite, bhí athrú chun feabhais ag teastáil sa líne thosaigh cheana féin. Má tá Cúige Uladh in ann na rudaí beaga seo uile a chur ina gceart, beidh siad in ann iarracht cheart a dhéanamh in athuair na foirne is fearr san Eoraip a shárú.
Fág freagra ar 'A bhfuil ag teastáil ó na cúigí chun dul chun cinn a dhéanamh san Eoraip'