A bhfreagra tugtha ag na Gardaí ar ghearán faoi ‘veain luais’ lasmuigh de shochraid i gConamara

Rinne an Comhairleoir Condae gearán faoi veain uath-luasbhraite a bhí taobh amuigh de Shéipéal an Chnoic in Indreabhán le linn sochraide

15/11/2010. Launch of the rollout of road safety cameras. The new mobile road safety cameras which come into effect from midnight tonight. A private consortium, GoSafe signed a five-year 65 million euro contract with the State. Details of their locations are available on the Garda website which has already crashed as it cannot cope with the volume of users. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie
Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tá a bhfreagra tugtha ag An Garda Síochána ar ghearán a rinne an Comhairleoir Contae, Seán Ó Tuairisg, níos luaithe an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur cheart do lucht na veaineanna a choimeádann súil ar luas tiománaithe ar bhóithre na tíre níos mó ómóis a bheith acu don phobal.

Ag tagairt do veain uath-luasbhraite a chonaic sé taobh amuigh de Shéipéal an Chnoic in Indreabhán le linn sochraide a bhí an Comhairleoir Contae agus é ag caint ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos luaithe sa tseachtain.

Ag caint dó le Tuairisc.ie faoi ghearán Uí Thuairisg, thug urlabhraí thar ceann An Garda Síochána le fios gurb í an tsábháilteacht ar na bóithre a bhíonn ag déanamh tinnis do na Gardaí agus nach mbíonn na veaineanna a dhéanann monatóireacht ar luas le feiceáil ach amháin ar bhóithre ar tharla timpistí roimhe seo cheana.

‘The primary purpose of safety cameras is to reduce speed related collisions, lessen injuries and save lives. Safety cameras only operate on sections of road which have a history of collisions occurring where speed was a contributory factor,’ a dúradh.

Thug an Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg le fios go mb’fhacthas dóibh siúd a bhí ar an tsochraid i gCois Fharraige go raibh sé “drochbhéasach” veain a chur le taobh an tséipéil ag an am sin agus dúirt fear Fhianna Fáil gur chuir cuid acu a míshástacht in iúl.

Dúirt Ó Tuairisg é féin gur cheart ómós a thaispeáint do na mairbh agus a ngaolta beo le linn searmanas sollúnta agus go rabhthas ag dul “thar fóir” agus ceamaraí luais a shocrú taobh amuigh de shéipéal le linn sochraide.

Mhol sé go dtabharfaí treoracha don dream a dhéanann monatóireacht ar luas tiománaithe, cuibhreannas darb ainm GoSafe, éirí as an gcleachtas bheith taobh le séipeál agus searmanas sollúnta ar siúl.

“Is furasta é a sheachaint ar ócáidí den tsórt sin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'A bhfreagra tugtha ag na Gardaí ar ghearán faoi ‘veain luais’ lasmuigh de shochraid i gConamara'