A bheannacht tugtha ag an AE don dara vacsaín in aghaidh an Covid-19

Ábhar dóchais is ea ceadú na vacsaíne tráth a bhfuil ardú as cuimse tagtha ar líon na gcásanna den ghalar in Éirinn agus i mballstáit eile de chuid an AE

A bheannacht tugtha ag an AE don dara vacsaín in aghaidh an Covid-19

Tá a beannacht tugtha ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) do vacsaín Moderna in aghaidh an Covid-19.

Meastar gur 900,000 dáileog den vacsaín a gheobhaidh an Roinn Sláinte anseo mar chuid den mhargadh a rinne an Coimisiún Eorpach le Moderna.

Ábhar dóchais is ea é go gceadófar úsáid na vacsaíne tráth a bhfuil ardú as cuimse tagtha ar líon na gcásanna den ghalar in Éirinn agus i mballstáit eile de chuid an AE. Agus na hospidéil faoi bhrú mór ag an tríú maidhm, tá níos mó daoine a bhfuil an galar orthu in ospidéil an stáit ná mar a bhí aon uair eile ó thús na paindéime.

921 othar Covid-19 atá sna hospidéil i gcomparáid le 881 ar an 15 Aibreáin, an lá ba mheasa a bhí cúrsaí le linn na chéad mhaidhme. 88 duine atá in aonad dianchúraim, i gcomparáid le 161 ag buaic na chéad mhaidhme mí Aibreáin seo caite.

Tá srianta breise á bplé ag cruinniú Rialtais inniu leis an drochráig is déanaí den choróinvíreas a cheansú.

Scoileanna agus soláthar oideachais ceann de na hábhair atá ar an mbord. Tá an tAire Oideachais Norma Foley ag moladh go mbeadh ranganna Ardteiste ábalta freastal ar an scoil trí lá sa tseachtain ionas go bhfeadfaí scrúdú na hArdteiste a reáchtáil ar an mbealach traidisiúnta i mbliana.

Seachas na daltaí sin táthar ag moladh go gcuirfeadh scoileanna is oidí an teagasc ar fáil ar líne as seo go deireadh na míosa, tráth a ndéanfaí a ndéanfaí cúrsaí a athbhreithniú faoi réir na sláinte poiblí.

Tá úsáid na vacsaíne Moderna ceadaithe do dhaoine os cionn 18 bliain agus dúirt an Roinn Sláinte gur “an-dea-scéal” a bhí ann.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EMA, Emer Cooke, gur “uirlis eile” a bhí i vacsaín Moderna chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí.

“Dea-theist é ar iarrachtaí agus ar dhúthracht an uile dhuine a bhí páirteach ann go bhfuil moladh dearfach á dhéanamh againn i leith an dara vacsaín agus níos lú ná bliain ó d’fhógair WHO an phaindéim,” arsa Emer Cooke.

Thug an EMA a beannacht an mhí seo caite don vacsaín Pfizer/BioNtech.

Tá éifeachtacht beagnach 95% léirithe ag vacsaín in aghaidh an Covid-19 ón gcomhlacht Meiriceánach Moderna.

Bhí 30,000 duine sna Stáit Aontaithe páirteach i dtriail Moderna agus tugadh dhá dháileog den vacsaín nua do leath acu, ceithre seachtaine idir an péire. Placebo nó vacsaín bhréige a bhí san instealladh a fuair an leath eile.

Den chéad 95 duine a raibh comharthaí sóirt an Covid-19 orthu ní raibh na comharthaí sin ach ar chúigear a fuair an vacsaín. An placebo a fuair an 90 duine eile a fuair ráig den Covid-19.

 

Fág freagra ar 'A bheannacht tugtha ag an AE don dara vacsaín in aghaidh an Covid-19'